den Aire Oideachais má tá an 10% breis airgid ag dul do na múinteóirí i Scoil Náisiúnta Dhuibhthuama, an bhfuaireadar an bhreis airgid atá saothraithe acu.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Breis Airgid do Mhúinteoirí.
Ní bhfuair go fóill: níl an fiosrú cuí críochnaithe fós i gcás na scol go dtagann i gceist ina leith den chéad uair an 10% breise ar a dtuarastáil d'íoc le na múinteoirí iontu.
Meastar nach fada go dtí go mbeidh an fiosrú san críochnaithe.
D'fiafraigh
den Aire Oideachais an bhfuil an 10% breis airgid ar na tuarastail as múineadh gach ábhar trí Ghaeilge á fháil ag gach múinteoir náisiúnta agus gach múinteoir gairm-oideachais atá ag múineadh sa nGaeltacht do réir mar leagadh amach an Ghaeltacht an 1 Aibreán, 1957.
Is le múinteoirí náisiúnta amháin a díoltar an 10% breise as ucht múineadh an uile abhair tré Ghaeilge i scoileanna sa Ghaeltacht.
Tá an 10% breise úd ar a thuarastal iníoctha le gach múinteoir i scoil náisiúnta sa Ghaeltacht ina gcomhlíontar na coinníollacha cuí i dtaobh cáilíochta i nGaeilge agus i dtaobh múineadh na n-abhar go léir tré Ghaeilge.
Tuigtear le Gaeltacht chun na críche sin na limistéirí atá cinnte a bheith ina limistéirí Gaeltachta do réir Ordú na Limistéirí Gaeltachta, 1956.