Committee on Finance. - An Bille Um Thionscail Na Gaeltachta, 1957—Céim na Tuarascála agus an Chéim Dheiridh.

Tairgim leasú1:—

I leathanach 7, idir línte 9 agus 10, an méid seo a leanas a churisteach:—

(3) Féadfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an mBord rialacháin a dhéanamh i dtaobh an mhodha ar a n-úsáidfear an Ghaeilge mar ghnáth urlabhra in aon ghné de ghnó gach tionscail tuaithe agus scéime somhaoiní fostaíochta a sholáthraíonn, a sheolann, a rialaíonn agus a bhainistíonn an Bord sa Ghaeltacht.

Bhíomar ag caint cheana mar gheall air seo agus chuireas os comhair na Dála go gcuirfí leasú i bhfeidhm i dtaobh dualgas an Bhoird i leith na Gaeilge. Dúras "deimhin a dhéanamh de gurb í an Ghaeilge an ghnáththeanga ghnótha ins gach gné de ghnó gach tionscail tuaithe agus scéime somhaoiní fostaíochta." Dúirt an tAire go raibh deacrachtaí ann. Cheap mé gurb é a shíl an tAire go raibh mé ag smaoineamh ar obair taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar aon chuma, samhlaíodh dom gur thuig an tAire an gá a bhí le haire a thabhairt do cúrsaí na teanga i mease na n-oibritheoirí agus na stiúrthóirí nuair a bheas an obair ar siúl sa Ghaeltacht. D'aontaigh mé le cuid den mhéid adúirt an tAire. Do tháinig sé isteach im aigne go bhfuil deacrachtaí ann. Tá a lán oibre a cuireadh ar siúl chun leasa na Gaeltachta agus tá sé de dhualgas ar na daoine go bhfuil baint acu leis an obair leanúint le labhairt na teangan agus ní cheapaim go bhfuil ag éirí lena lán acu an obair sin a dhéanamh chomh maith agus ba chóir dóibh. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ann. Tá dualgas ar Aire na Gaeltachta féachaint isteach san obair. Do thiocfadh, dar liom, a lán tairbhe as gan an tAire bheith i gcónaí ag cur a láimhe isteach san obair.

Do cheap mé go mbeadh cumhachtaí ag an Aire sa Bhille seo sa tslí agus dá mbeadh fallí ann i labairt agus in úsáid na Gaeilge go mbeadh cumhacht aige rialacha a cheapadh, ón taithí a bheadh aige ar an obair agus an obair do riarú sa tslí curtha síos fáth go bhfuil an leasú curtha síos agam—dá dtagadh an lá go dtuigfeadh an tAire gur gá rialacha mar sin a cheapadh do thionscal faoi leith nó do na tionscail go léir go mbeadh cumhacht aige faoin Act iad a cheapadh.

Ní dóigh liom gur gá go mbeadh a leithéid de chabhair sa mBille. Ba mhaith liom a chur ar a shúile don Teachta Ua Maolchatha go mbeidh an Bord seo i riocht eile ar fad i gcomórtas le Bordanna Reachtúla eile maidir le húsáid na Gaeilge. Beidh ar an mBord a cuirfear ar bun faoin mBille seo dualgais reachtúla speisialta maidir le caomhaint agus úsáid na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht, agus, mar adúirt mé cheana, beidh sé rí-shoiléir don Bhord go mbeidh síad i riccht speisialta ina thaobh seo.

Ar an gcúis seo, ní fheicim gur gá ríalacháin speisialta a dhéanamh chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ina mbeidh ar an mBord a gcuid dualgais reachtúla, atá soiléir cheana, a chomhlíonadh.

Ar aon chuma, fiú dá mbeadh amhras ar bith ann ina thaobh, tá sa mFille anois, faoi mar a leasaíodh é ar (héim an Choiste, foráil (fo-alt (2) Alt 4) a chuireas ar an mBord dualgas cosúil leis an bhfreagracht atá ar an Roinn cheana i leith cabhrú le caomhain agus leathnú na Gaeilge mar ghnáthurlabhra. Dúirt mé ar chéim an Choiste agus deirim arís anois go ndéanfaidh mé an-tsoiléir é don Bhord céard é an dualgas a bheas orthu i leith na Gaeilge agus go gcaithfidh siad leas na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra a choinneáil chun tosaigh i gcónaí in imeachtaí uilig an Bhoird. Ní féidir liom a fheiceáil cén mhaitheas a dhéanfadh sé dá mbedh an tAire ag déanamh rialacháin agus á gcur ar aghaidh chuig an mBord.

Ní dóigh liom go bhféadfaí mórán dul chun cinn a dhéanamh trí éigean den tsórt sin a chur i bhfeidhm. Creidim go mb'fhearrde an scéal ar fad dea-thoil agus chomh-oibriú na ndaoine a bheas i seirbhís an Bhoird a chothú chun an cuspóir atá romhainn araon a thabhairt i gcrích. Sé sin go mbeidh an Ghaeilge ina gnáth-urlabhra ag lucht an Bhoird ó bhun go barr. Más rud é go dtaispeánfar aon náimhdeas nó patfhuaireacht i leith na Gaeilge ag duine ar bith go bhfuil baint aige leis an mBord a bheag nó a mhór tá iomlán cumhachta ag an Aire é sin d'fhreagairt le gníomh agus a chur ina luí ar chách cad iad na dualgaisí atá orthu le comhlíonadh i leith na Gaeilge.

Mar adúirt mé cheana tagaim leis an Teachta sa mhéid atá ar aigne aige ach ní féidir liom a aontú go ndéanfadh an leasú atá thíos aige aon fheabhas a chur ar an mBille faoi mar atá sé. Caithfidh mé dá réir, cur i gcoinne an leasuithe.

Tá go maith. Má tá an tAire sásta go ndéanfaidh an mBórd an obair seo agus go ndéanfaidh siad faire ar an teangan—

Tá mé sásta. Tarraingíodh siar an leasu, faoi chead.

English Version of Bill

I move amendment No. 1:—

In page 6, between lines 11 and 12, to insert:—

(3) The Minister may, after consultation with the board, make regulations prescribing the manner in which Irish as a vernacular language shall be used in any phase of the business of every rural industry and every productive scheme of employment which the board provides, carries on, controls and manages in the Gaeltacht.

Amendment, by leave, withdrawn.

Tairgim leasú 2:—

Ar leathanach 7, líne 11, "i bhfo-alt (1) " a scrios agus "i bhfo-ailt (1) agus (2)" a chur ina ionad.

Is é is cúis leis an leasú seo gur ghlac mé ar chéim an Choiste le leasú ón Teachta Ua Maolchatha a chuir Fo-Alt (2) nua isteach sa mBille, fé mar is léir anois sa mBille mar leasoíodh sa gCoiste é.

Measaim go bhfuil leasú 2, atá á thairiscint agam anois, riachtanach chun éifeacht an fho-ailt nua a dhéanamh iomlán agus molaim é dá réir.

D'aontaíodh an leasú.

English Version of Bill.

I move amendment No. 2:

In page 6, line 13, to delete "subsection (1)" and substitute "subsections (1) and (2)".

Amendment agreed to.

Tairgim leasú 3:

Ar leathanach 11, idir líne 20 agus líne 21, an méid seo a leanas a chur isteach:—

(2) Ní déanfar duine (nach duine a sonraítear in alt 22 den Acht seo ná duine a bheas, an lá bunuithe, ag seoladh dualgas i leith leis na tionscail tuaithe) nach bhfuil eolas aige ar an nGaeilge a chuirfeas ar a chumas an teanga sin d'úsáid i gcomhlíonadh a dhualgas oifigiúla a cheapadh ina oifigeach ná ina sheirbhíseach don Bhord faoin alt seo má bhíonn ar fáil chun a cheaptha duine a bhfuil eolas mar adúradh aige agus atá oiriúnach thairis sin lena cheapadh.

Is léir ón gcosúlacht atá idír an leasú atá á mholadh agamsa agus an leasú a mholann an Teachta Ua Maolchatha gurb í an aidhm chéanna is mian linn araon. Bhreithníos an cheist ar fad go han-chúramach sarar thairgeas Leasú Uimh. 3 in ionad an leasú a mholann an Teachta, agus táim sásta gur slí níos praiticiúla é leis an bhfadhb a réiteach agus ag an am céanna go ndéanann sé an chosaint is riachtanach, agus is áil leis an mbeirt againn, ar staid na teangan. Agus an cheist seo á meas againn, ní mór dúinn féachaint chuige nach leagfaimid síos coinníollacha ná ceanglais nach ndéanfaidh ach dochar. Im thuairimse, níl rud ar bith is mó a dhéanfadh dochar don teanga ná nithe a chur isteach sa Bhille seo nach bhfuil indéanta nó inoibrithe. Sa leasú atá á mholadh agam, táim ag dul chomh fada agus is féidir a bheith ag súil leis go réasúnach chum an Teach s shásamh, má meachraítear gur gá dúinn féachaint chuige go mbeidh ár reachta inoibrithe. Lena chois sin, ní féidir liom glacadh le forála ba chontúirt do na tionscail atá ann cheana.

Tá mé sásta go bhfuil an tAire ag déanamh an oiread agus is féidir leis chun an scéal atá im aigne do leigheas.

D'aontaíodh an leasú.

English Version of Bill.

I move amendment No. 3:

In page 10, between lines 20 and 21, to insert:—

(2) A person (not being a person specified in Section 22 of this Act or a person who, on the establishment day, is carrying out duties in relation to the rural industries) who does not possess such knowledge of the Irish language as will enable him to use that language in the performance of his official duties shall not be appointed to be an officer or servant of the board under this section if a person who possesses such knowledge as aforesaid and is otherwise suitable for appointment is available for appointment.

Amendment agreed to.
Níor tairgeadh leasú 4.
English Version of Bill.
Amendment No. 4 not moved.

Tairgim leasú 5:

I leathanach 19, idir línte 40 agus 41, an méid seo a leanas a chur isteach:—

(2) Bhéarfaidh an Bord sa tuarascáil bhliantúil sin faisnéis i dtaobh úsáid na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra i ngnó gach lár-ionaid tionscail agus scéime somhaoiní fostaíochta a bheas faoi chumhacht an Bhoird.

Molaim an leasú seo agus tá súil agam go mbeidh an tAire sásta aontú léi. Ceapaim gur gá go mbeadh dualgas ar an mBord sa tuarascáil bhliantúil an fhaisnéis sin do thabhairt. Ar chéim an Choiste, do thairgíos leasú go mbeadh ar an mBord faisnéis do thabhairt sa tuarascáil bhliantúil ar staid na Gaeilge mar gnáth-urlabhra i ngnó gach lár-ionaid, tionscail agus scéime somhaoiní fostaíochta a bheadh féna chúram agus sa gceantar mórthimpeall. Chim gur ar Aireacht na Gaeltachta agus ar a cuid oilfigeach is ceart an dualgas sin a bheith maidir le staid na Gaeilge sa cheantar mórthimpeall. Do cheap mé san am sin go mbeadh sé go maith dá mbeadh ar lucht stiúrtha gach tionscail breathnú do thabhairt ar staid na Gaeilge sna háiteacha leasmuigh chomh maith le sna tionscail féin. Do cheap mé, freisin, go mba chóir go mbeadh dualgas orthu faisnéis do thabhairt sa tuarascáil bhliantúil mar gheall ar staid na Gaeilge sna ceantair amuigh. Cheap mé go gcoiméadfadh an dualgas sin tábhacht na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra san tionscal ós a gcomhair. Bíodh sin mar atá, b'fhéidir go mbeadh an cúram sin ró-mhór dóibh.

Do réir ailt 32, caithfidh an Bord gach bliain tuarascáil do thabhairt don Aire ar imeachta an Bhoird i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus ós rud é gur chun labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnadh atáthar ag cur suas tionscal agus scéimeanna oibre, do thuigeas gur cóir go dtabharfadh an Bord sa tuarascáil a chuirfidh siad chuig an Aire tuarascáil i dtaobh na Gaeilge. Is dóigh liom gurb é an tslí is deimhnithí agus is simplí chun tuarascáil d'fháil air sin ná dualgas do chur ar an mBord tuarascáil d'fháil ó gach tionscal a bhí ar siúl á rá conas a bhí an Ghaeilge ag imeacht in obair an tionscail sin. Dá bhrí sin, sé an rud ba mhaith liom a fheiscint curtha isteach ansan, i leathanach 19, tar éis fo-ailt (1), ná:

Bhéarfaidh an Bord sa tuarascáil bhliantúil sin faisnéis i dtaobh úsáid na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra i ngnó gach lár-ionaid, tionscail agus scéime somhaoiní fostaíochta a bheas faoi chumhacht an Bhoird.

Ba mhaith liom go gcuirfí é sin isteach i dtreo is go mbeadh an tuarascáil iomlán i dtaobh cúrsaí na Gaeilge.

Ionas go mbeidh caoi fosta ag na Teachtaí breathnú ar conas atá tionscal ar bith ag dul ar aghaidh chomh fada is bhaineas le ceist na teangan féin, ba mhaith an rud é sa tuarascáil a cuirfear isteach gach bliain go mbeadh tuairisc ó gach tionscal conas atá scéal na Gaeilge sna monarchain nó pé áit a bhfuil an tionscal ar siúl, cé mhéid de na hoibritheoirí atá ag labhairt na Gaeilge, cé mhéid den obair a níos an bainisteoir tríd an Ghaeilge, má nítear na litreacha a scríobhadh as Gaeilge, agus mar sin de. Sé dualgas an Bhoird tionscail agus scéimeanna a chur ar siúl chun cabhrú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh eolas againn annseo faoi gach tionscal atá faoi chúram an Bhoird, cé mhéid feabhais atá ag teacht, má tá feabhas ag teacht, ar an scéal maidir leis an Ghaeilge, conas atá ceist na Gaeilge, an bhfuil sí ag dul chun cinn nó ag dul ar gcúl. Má tharlaíonn labhairt na Gaeilge i measc na n-oibritheoirí a bheith ag dul ar gcúl, ba ghá don Aire agus don Bord rud éigin a dhéanamh 'na thaobh.

Sílim go bhfuil cumhacht go leor agam fén mBille i dtaobh na tuarascála. Fé alt 33, bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas a iarrfas an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird, agus, ó tá dualgas ar an mBord an Ghaeilge a leathnú agus a chaomhnú, is féidir liom ceisteanna a chur ar an mBord nua i dtaobh an ruda seo ar am ar bith. Níor mhaith liom bheith ró-cheangailte agus ar na fáthanna a luaigh me agus an Bille ag dul trí chéim an Choiste, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. Mar aon leis na fáthanna sin tig liom a rá go bhfuil na Tionscail Tuaithe mar atáid i láthair na huaire suite i gcúig ionad tríochad ar leith agus is léir go mba riachtanach dá nglactaí leis an leasú seo mion-fhaisnéis i dtaobh staid na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra a shcláthar i leith gach ionaid díobh. Sin cúis eile atá agam i gcoinne glacadh leis an leasú—nach mbeadh sé inoibrithe.

Is dóigh liom go mbeidh faillí á déanamh sa cheist seo mura gcuirtear dualgas ar an mBord, cur síos, sa tuarascáil reachtúil a bheidh le tabhairt, ar staid na Gaeilge ins gach tionscail. Tá fhios ag an Aire go bhfuil cuid de na scéimeanna taobh amuigh den Ghaeltacht ar fad. Sé rud atá uaim ná go mbeadh deimhin á dhéanamh ag an mBord, ag an Aire agus ag an Teach so, a chuir an cúram sin ar an Aire agus ar an mBord, go bhfuil an obair atá ar siúl fén mBord ag freastal ar an nGaeilge agus dá coimeád buan agus dá leathnú agus dá láidriú. Mura mbíonn tuarascáil ag cur síos ar staid na Gaeilge ann, ní bheidh againn ach saghas cuntais i dtaobh tionscal— figiúirí, agus a leithéidí sin. Is dóigh liom gurb é an tslí is fearr chun a thuiscint conas atá an obair ag dul ar aghaidh ná tuairise bheag do bheith tugtha ar gach scéim. Tá fhios againn go bhfuil a lán scéimeanna ann agus tá cuid acu ag déanamh díobháil don Ghaeilge. Tá áiteanna ann go bhfuil ainm buan Gaeilge orthu agus an Ghaeilge lag go leor i measc na n-oibritheoiri i gcuid de na scéimeanna. Is féidir é sin do leigheas ach ní leigheasófar é mura dtuigtear go bhfuil an Teach so ag breathnú go géar ar gach ní atá ar siúl i dtaobh na Gaeilge. Mholfainn go láidir don Aire glacadh leis an leasú sin.

Beidh go leor eolais ar staid na teangan sa tuarascáil. Sílim go mbeadh an leasú seo inoibrithe agus níor mhaith liom an Bord bheith ró-cheangailte. Tá cumhachta go leor agamsa agus an dualgas ormsa, agus ar an mBord freisin, chun an teanga a leathnú agus a chaomhnú. Níl aon ghá, sílim, leis an leasú seo a chur sa mBille.

Ní mór smacht a chur ar na daoine eile atá i bhfad ó dhoras Aireacht na Gaeltachta.

B'fhearr liomsa an leasú do chur ann mar tá mé deimhnitheach go gcaithfear rud éigin mar sin a dhéanamh, lá éigin.

Pádraig Mac Loingsigh

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire: An é atá á rá ag an Aire gur éifeachtaí treoir faoin sórt dualgais atá i gceist ná coinníoll reachtúil san Acht?

Tá creideamh agam sa treoir. Mar adúirt mé tá cumhacht agam fé alt 33 a iarraidh ar mBord eolas ar bith atá ag teastáil a chur chugam.

Pádraig Mac Loingsigh

Ní hí sin an cheist.

Tá mé sásta go bhfuil cumhacht agam faoin mBille mar gheall ar úsáid na teangan.

Pádraig Mac Loingsigh

An é atá á rá ag an Aire gur éifeachtaí treoir den tsórt sin ná coinníoll reachtúil san Acht?

Braitheann sé ar an gcoínníoll. Sílim nach bhfuil an coinníoll sin inoibrithe.

Ba chóir go mbeadh sé riactanach ar an mBord eolas a thabhairt don Aire i dtaobh staid na Gaeilge i ngach monarcha agus i ngach áit a bhfuil scéim ar bun ag an mBord, agus a fháil amach an bhfuil na daoine go bhfuil baint acu leis na scéimeanna nó leis na monarchain sin ag cabhrú le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá dualgas orm an t-eolas sin a fháil amach, agus tá sé intuigthe sa Bhille uilig.

Diúltaíodh don leasú.

English Version of Bill.

I move amendment No. 5:

In page 18, between lines 41 and 42 to insert:

(2) The board shall give in such annual report information as to the position of the Irish language as a vernacular language in the business of every centre, industry and productive scheme of employment under the control of the board.

Amendment negatived.

Tairgeadh agus d'aontaíodh an cheist: "Go nglacfar an Bille, mar atá sé leasaithe, chun an breithniú deiridh a dhéanamh air."

English Version of Bill.

Question—"That the Bill, as amended, be received for final consideration"—put and agreed to.
Tairgeadh an cheist: "Go rithfidh an Bille anois."

Is léir go bhfuil cumhacht ag an Aire fé Alt 33 aon eolas is mian leis a fháil ón mBord. Deir alt 33:

Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas a iarrfas an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.

Tuigim nár mhaith leis an Aire cuing ró-mhór nó ró-bheag a chur ar an mBord ina gcuid oibre agus b'fhéidir gur maith an rud é sin, ach sílim go bhfuil a lán faillí a déanamh leis n blainta anuas a fé go leor scéimeanna, cuir i gcás, scéim na mbéilí scoile, scéim na dtithe, scéimeanna faoin Roinn Rialtais Aitiúil, faoin Roinn Talmhaíochta, faoin Roinn Sláinte, agus mar sin de. Is oth liom a rá go ligtear don Bhéarla brú isteach nuair nach ceart. Ní maith an rud é nuair is féidir daoine i Roinn Stáit a chloisint ag dul mórthimpeall ag rá: "Ná lig don Aire focal Béarla a chloisint. Fan go mbeidh sé imithe." Tuigim go bhfuil an tAire sásta a dhícheall a dhéanamh chun an chumhacht atá aige a chur i bhfeidhm, ach b'fhearr liom go mbeadh sé níos deimhnithi ná mar atá sé.

Tá mé sásta leis an gcumhacht atá agam fén mBille seo. Tá dualgas orm ceist a chur ar an mBord i dtaobh aon rud a theastaíonn uaim a fháil amach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teach as ucht an dóigh inar glacadh leis an mBille seo i gcoitinne. Is eol dom go bhfuil tuiscint mhaith ag Teachtaí ar chúrsaí na Gaeltachta agus léiríodh sa díospóireacht ar an mBille go dtuigeann na Teachtaí, ó na ceantracha sin ach go háirithe, na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhíonn ag cur as do mhuintir na Gaeltachta.

Ní miste dhom, measaim, cúpla focla a rá arís faoin gcuspóir atá leis an mBille. Séard tá á dhéanamh agam ann ná eagraíocht a bhunú a bheas i ndon tabhairt faoi gné amháin de chúrsaí na Gaeltachta d'fheabhsú, sé sin, an tionsclaíocht. Dár ndóigh, san Acht faoinar cuireadh Roinn na Gaeltachta ar bun, tá sé leagtha síos gurb é is feidhm don Roinn ná leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn, agus cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra. Mar sin, tá réim na Roinne, agus na curamaí atá orm mar Aire na Gaeltachta, níos leithne i bhfad ná na feidhmeanna a bheas le tabhairt don Bhord faoin mBille seo. Deirim an méid sin, toisc gur cosúil go bhfuil mí-thuiscint faoin scéal ar Theachtaí áirithe adúirt go rabhas ag beartú mo chuid dualgas ar fad mar Aire na Gaeltachta a chaitheamh anonn ar an mBord faoin mBille seo. Ní mar sin atá an scéal in aon chor.

Le roinnt míosa anuas, tá staidéar á dhéanamh agam ar na gnéithe eile den obair a cuireadh orm mar Aire na Gaeltachta agus, ar ócáidí eile, tá súil agam go mbeidh mé i ndon a inseacht don Teach céard iad na scéimeanna agus na pleananna atá á mbeartú agam i leith na ngnéithe eile de mo chuid oibre seachas an tionsclaíocht. Níl sa tionsclaíocht ann féin ach gné amháin de leas geilleagrach na Gaeltachta. Tá súil agam aire faoi leith a thabhairt chomh maith do scéimeanna a rachaidh chun tairbhe na bhfeirmeoirí beaga agus daoine mar iad nach mbeadh mórán baint acu, b'fhéidir, le hobair an Bhoird nua.

Maídir leis an tionsclaíocht, tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara go ndearna Gaeltarra Éireann an dul chun cinn is mó sna tionscail a raibh traidisiún ann dóibh sa nGaeltacht, sé sin, tionscal an bhréidín, tionscal na bróidnéireachta agus an tionscal lámh-chniotála. Bunaíodh na tionscail sin ar an stuaim láimhe is dual do mhuintir na Gaeltachta agus ba chóir go mbeadh sé mar chúis bróid againn go bhfuil clú agus cáil bainte amach ar fud an domhain, nach mór, ag an mbréidín agus na hearraí eile lámhdhéanta. Beidh mé ag súil leis go dtabharfaidh an Bord nua aire speisialta do na tionscail seo, go ndéanfaidh siad iarrachtaí speisialta chun iad a fhorbairt agus a leathnú amach.

Cad chuige go bhfuil an tAire ag léamh?

Ionas go mbeidh an Teach i ndon an ráiteas a thuiscint i gceart.

Tá cead ag an tAire ráiteas mar seo a léamh.

Ní dóigh liom go bhfuil.

B'fhéidir go bhfuil faitíos ar an Teachta roimh an fhírinne. Rinne mé cúram ar leith de go mbeadh forálacha sa mBille chun lán-eolas a thabhairt don Teach ar conas mar atá obair an Bhoird ag dul ar aghaidh. Ní amháin go mbeidh ar an mBord cuntais iomlána ar a n-ioncam agus a gcaiteachas a choinneáil agus a leagadh faoi bhráid an Tí (Alt 31) ach, ina theannta sin, beidh orthu tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil, agus fós, pé eolas ar leith a iarrfaidh an tAire i dtaobh a gcuid oibre a chur isteach sa tuarascáil sin. Leagfar an tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Tí chomh maith (Alt 32).

Ní dóigh liom go bhfuil aon rud eile le rá agam, ach ba mhaith liom a chur in iúl arís nach gclúdaíonn an Bille seo ach gné amháin d'obair mo Roinne. Is gné thábhachtach í, agus táim sásta go rachaidh sé go maith chun sochair na Gaeltachta an deis seo a chur ar fáil chun na tionscail traidisiúnta a chur ar a mbonna i gceart, agus tionscail eile a bhunú, a bheas oiriúnach do chúrsaí na Gaeltachta agus do mhuintir na Gaeltachta.

Gabhaim mo bhuíochas arís leis an Teach as ucht an chomhoibriú a tugadh dom agus an Bille seo á phlé. Ba mhaith liom na céimeanna eile den Bhille d'fháilinniu, a Cheann Comhairle, muna bhfuil aon rud ag an taobh eile den Teach ina choinne sin.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

English Version of Bill.

Question—"That the Bill do now pass"—put and agreed to.