Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Apr 1958

Vol. 167 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mion-scéimeanna Uisce sa Ghaeltacht.

D'fhiafraigh

Domhnall Ó Maoldhomhnaigh

d'Aire na Gaeltachta an n-inseoidh sé go hachomair téarmaí na scéime a thionscain Roinn na Gaeltachta chun mion-scéimeanna uisce a chur ar fáil i gceantair sa Ghaeltacht; cén dáta a tosnaíodh ar an scéim agus cén dáta a cuireadh sin in iúl do Chomhairle Chontae Chiarraighe; cathain a fuarthas ón gcomhairle chontae sonraí faoina gcuid tograí le haghaidh scéimeanna uisce do Ghaeltacht Chorca Dhuibhne; agus cad é méid an deontais a ceadaíodh.

Cuireann Roinn na Gaeltachta deontais mar lean as ar fáil do na húdaráis áitiúla mar chabhair chun mion-scéimeanna uisce-sholáthair a chur i gcrích sa Ghaeltacht—deontas 60% den chostas i leith scéimeanna a mbíonn cumhact nó córas píopaí ag gabháil leo agus deontas 50% i gcás na scéimeanna eile. Ceadaíodh an scéim deontas sin an 20ú lá de Mheitheamh, 1957. Cuireadh téarmaí na scéime in iúl go foirmeálta do Chomhairle Chontae Chiarraighe an 10ú lá de Mheán Fómhair, 1957. Fuarthas sonraí ón gcomhairle ar an 3ú lá d'Eanáir, 1958, i dtaobh na dtograí a theastaigh uathu a chur i gcrích i gCorca Dhuibhne faoin scéim, agus ceadaíodh deontas cúig mhíle punt i leith na dtograí sin.

Barr
Roinn