Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 17 Jul 1958

Vol. 170 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Directors.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state (1) the number of applications received for the positions of Gaeltacht directors, (2) the qualifications of those appointed and the former positions held by them, and (3) the salaries which they were formerly in receipt of and the salaries now being paid to them.

Fuarthas caoga is dhá iarratas ar an bpost mar Stiúrthóir Gaeltachta. Do scrúdaigh Bord Roghnaitheoireachta Idir-Rannach na hiarratais. Do coimeádadh an comórtas ar leithligh do Stáit-Sheirbhísigh ar scálaí bun-tuarastail nach lú uasphointe ná sé chéad punt (£600), a raibh caighdeán maith oideachais acu, eolas acu ar chúrsaí na Gaeltachta agus caighdeán ard eolais acu ar an nGaeilge, idir scríobh agus labhairt.

Níor ceapadh ach beirt de thoradh an chomórtais sin. Roimh a gceapachán bhí an bheirt oifigeach ag fónamh mar (a) Oifigeach Custam agus Mál agus (b) Oifigeach Forcoimeádta Custam agus Mál). Bé an tuarastal a bhíag an mbeirt oifigeach sin roimh a gceapachán mar Stiúrthóirí Gaeltachta ná (a) cúig chéad seachtó is seacht bpuint (£577) agus (b) seacht gcéad is seasca punt (£760) faoi seach. Faoi láthair tá tuarastal de naoi gcéad caoga is dhá phunt (£952) an duine acu.

Do líonadh an tríú post tré Cigire Tithe d'fhoireann na Roinne a raibh na cáilíochta riachtanacha aige d'ardú chuige. Bé ocht gcéad seasca is naoi bpuint (£869) sa bhliain an tuarastal a bhí aige mar Chigire Tithe agus sé naoi gcéad caoga is dhá phunt (£952) an tuarastal atá aige faoi láthair.

Pádraig Mac Loingsigh

Cé hé an cigire?

Fear a tugtar Ui Chonail air.

Barr
Roinn