den Aire Oideachais an bhfuil sé beartaithe bunscoil nua a chur ar fáil ag Corachoill; agus an gcuirfear tús le tógáil na scoile i rith na bliana airgeadais seo.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunscoil Nua i gCo. Chill Dara.
21. D'fhiafraí
Pádraig Ó Dubhlaoich
Tá sé beartaithe scoil náisiúnta nua a chur ar fáil ag Corra Choill i gContae Chill Dara in áit na seán-scoile sa cheantar sin. Cheaduigh mo Roinn deontas i gcóir tógáil na scoile nua tamall gairid Ó shoin. Is ar Choimisinéirí na nOibreach Poiblí atá sé anois na socraithe is cuí a dhéanamh chun an scoil nua do thógáil.
'Sé is dóichí ná go mbeidh na Coimisinéirí i ndon tairiscintí do lorg roimh mí na Samhna seo chugainn agus go gcuirfear tús leis an obair tógála roimh deireadh na bliana airgeadais seo.