Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 19 Nov 1959

Vol. 178 No. 2

Committee on Finance. - Vote 48—Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960, le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.

Sé an bhun-chúis faoi ndear don Roinn an Vóta Forlíontach seo a lorg ná go bhfuil cead ag teastáil chun níos mó ná an soláthar de £3,750 atá déanta chuige sin mar Dheontas-i-gCabhair faoi Fho-mhírcheann O den Vóta d'íoc le haghaidh scoláireachtaí saoire agus scoile sa Ghaeltacht.

I mbliana bhí méadú mór ar an lión páistí a cuireadh go dtí an Ghaeltacht seachas an méad a cuirtí sna blianta roimhe seo. Sa bhliain 1956 cuireadh 242 pháiste go dtí an Ghaeltacht; sa bhliain 1957 cuireadh 333; sa bhliain 1958 cuireadh 465 agus i mbliana do cuireadh 1,128. Sna blianta 1956 agus 1957 ní raibh ach ceithre Choiste páirteach sa scéim faoina gcuirtear na páistí go dtí an Ghaeltacht. 'Sa bhliain 1958 do bhí ceithre Choiste déag páirteach agus i mbliana do bhí fiche Coiste páirteach sa scéim.

Faoi Fho-mhírcheann O de Vóta mo Roinne lomháiltear deontas de £4 10s. do na Coistí le haghaidh gach páiste a cuirtear chun na Gaeltachta ó cheantar Átha Cliath agus deontas de £4 le haghaidh gach páiste a cuirtear ó cheantair eile. Chun na deontais sin d'íoc in iomlán i leith na bpáistí a cuireadh chun na Gaeltachta i mbliana do bheadh iomlán de £4,685 ag teastáil agus muna gceadaí an Dáil an t-iomlán sin, mar a hiarrtar leis an Vóta Forlíontach seo, beidh ar an Roinn na deontais sin a ghearradh síos. Nílim sásta an gearradh síos sin a dhéanamh ag féachaint don dochar a dhéanfadh sé sin don scéim agus do leas na gCoistí atá dá cothú. Da ndéantaí an gearradh a bheadh riachtanach bheadh meán-chailliúint de £46 15s. ar gach Coiste atá páirteach sa scéim.

Beidh go leor sábhála ar Fhomhírchinn eile den Vóta chun an íocaíocht bhreise a shlánú agus dá réir sin, níl ach suim chomharthach de £10 á lorg. Is toisc gur Deontas-i-gCabhair atá i gceist faoi Fho-mhírcheann O atá cead an Tí ag teastáil chun an soláthar a rinneadh cheana a shárú. I gcás Fo-mhírchinn I a bhfuil suim bhreise de £350 á lorg chuige d'fhéadfaí an bhreis sin a shlánú sa ghnáth-shlí gan teacht chun cead an Tí a lorg chuige ach cuirtear san áireamh anseo é toisc go bhfuil cás Fo-mhírchinn O á chur faoi bhráid an Tí.

Sé an rud atá i gceist faoi Fho-mhírcheann I ná costals áirithe a bhain le cothabháil agus suirbhéireacht bhliantúil an bháid tarchuir, an Naomh Ciarán, atá ar an tseirbhís idir Dún na Séad agus Oileán Cléire. Thosnaigh an Naomh Ciarán ar an tseirbhís tarchuir seo i Meitheamh, 1958, agus mar sin is í seo an chéad bhliain dos na costais sin bheith iníoctha in a leith.

Gabhann an t-easnamh ins na Leithreasa-i-gCabhair agus na sábhála ar Fho-mhírchinn eile den Vóta le chéile sa chuid is mó de. Beidh sábháil sa chaiteachas ar thorthaí mara a cheannach agus easnamh dá réir sa bhfáltas ó thorthaí mara a dhíol mar tá an obair sin aistrithe ó chúram na Roinne chuig an ngnólucht, Arramara Teoranta, agus ní bheidh an obair dá cothú feasta ó Vóta mo Roinne. Fairis sin ní caithfear an soláthar uilig atá déanta i mbliana le haghaidh Cúnaimh Theicniúil agus beidh laghdú dá réir sa tsuim a bheas le haisghnóthú ó Chuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais Mheiriceánaigh.

The Minister to reply.

Níl tada le rá agam thar a bhfuil ráite agam cheana.

Vote put and agreed to.
Supplementary Estimate reported and agreed to.
Barr
Roinn