Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 19 Nov 1959

Vol. 178 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Lásadóireachta Bhéal an Mhuirthid.

29. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta an feasach dó nach bhfuil an scoil lásadóireachta atá ann faoi láthair sách mór le freastal ar riachtanais cheantar Bhéal an Mhuirthid; agus dá bhrí sin an bhféadfadh sé cabhrú, le deontas nó le scéim fiúntach eile, chun scoil mhór lásadóireachta a chur ar fáil san áit.

Glacaim agam gurb é an tIonad Cniotála atá á oibriú ag Gaeltarra Éireann i mBéal an Mhuirthid atá i gceist. Tuigim ón mBord go bhfuil an tIonad sách mór le freastal ar an líon daoine le Gaeilge atá ag lorg oibre ann. Má thagann ardú ar an líon sin daoine déanfaidh an Bord an cheist a mheas.

Barr
Roinn