Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £367,730 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta maille le deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.
Taispeánann an Meastachán don bhliain seo méadú de £40,120 glan ar an soláthar a rinneadh don bhliain seo caite. Sé an chúis is mó atá leis an ardú sin ná méadú de £59,850 a bheith sa soláthar le haghaidh Tithe Gaeltachta agus méaduithe de £13,805 in iomlán sa soláthar le haghaidh seirbhísí cultúrtha, coláistí Gaeilge agus scoláireachtaí saoire agus scoile sa Ghaeltacht. Ina gcoinne sin cuirtear sábhála de £33,500 in iomlán sa soláthar le haghaidh scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht, an deontas-i- gcabhair do Ghaeltarra Éireann agus an deontas £5.
Taispeánann an Meastachán sábhála freisin sa soláthar le haghaidh tuarastal, costaisí taistil agus costaisí teagmhasacha, torthaí mara agus cúnaimh teicniúil ach baineann an t-iomlán atá i gceist ansin, £39,280, go díreach leis an laghdú de £39,345 san iomlán a bheas le fáil mar leithreasa-i-gcabhair mar a mhíneoidh mé níos déanaí agus mé ag caint ar na fo-mhírchinn ar leith.
Tagann an tsábháil ar thuarastail, pá agus liúntais, go formhór de bharr foireann teicniúil na dtionscal tuaithe a aistriú go seirbhís Ghaeltarra Éireann tar éis don Bhord Scéim Aoisliúntas a dhéanamh dá oifigigh agus seirbhísigh faoi réir an Achta um Thionscail na Gaeltachta, 1957. Leagadh an Scéim sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ag deireadh mí Iúil seo caite agus le linn Lúnasa agus Meán Fómhair haistríodh na bainistreása agus teicneóirí eile nár Stát-seirbhisigh bhunaithe iad chuig seirbhís an Bhoird. Bhí soláthar de £15,000 le haghaidh tuarastal na nOifigeach sin i Vóta na bliana seo caite agus sábhálfar é sin i mbliana. Ar an taobh eile dhe, áfach, bhí soláthar ann an bhliain seo caite chun an £15,000 sin a aisghnóthú ó Ghaeltaira Éireann agus é a ghlacadh chun creidis an Vóta mar leithreasa-i-gcabhair. Ní bheidh a chomh-mhéid le fáil mar leithreasa-i-gcabhair i mbliana.
Tá sábháil freisin ar thuarastail i mbliana toisc an obair a bhain le bailiú na dtorthaí mara d'aistriú chun cúram an ghnóluchta, Arramara Teoranta, le feidhm ón gcéad lá de Dheireadh Fómhair seo caite. Do haistríodh chun seirbhíse an ghnólachta freisin na hOifigigh neamh-bhunaithe a bhí ar fhoirinn mo Roinne chun an obair bhailiúcháin sin a mhaoirsiú agus de thoradh a n-aistrithe sin beidh sábháil i mbliana ar thuarastail agus freisin ar chostais taistil agus costais teaghmhasacha a bhain lena ndualgais mhaoirseoireachta.
Go dtí gur aistríodh obair bhailiúcháin na dTorthaí Mara chun cúram Arramara Teoranta bhí soláthar i Vóta na Roinne chun na slataí mara agus cineálacha eile feamainne a cheannach agus soláthar ann freisin chun an t-airgead a faightí ar a ndíol a ghlacadh chun creidis mar leithreasa-i-gcabhair. Sábhálfar an costas ceannacháin feasta ach ar an taobh eile dhe beidh ísliú ar an bhfáltas mar leithreasa-i-gcabhair. Chífear gur beag an difríocht atá idir an t-iomlán a fuarthas anuraidh ar na Torthaí Mara a dhíol sé sin £19,168 agus an t-iomlán de £19,078 a sábháilfear ar na slataí mara agus feamainne a cheannach sé sin, £15,145, agus na sábhála a bheas ar thuarastail sé sin, £1,720, costais taistil sé sin, £2,063, agus costais teagmhasacha £150.
Moltar soláthar de £100,000 a dhéanamh i mbliana mar dheontas-i-gcabhair do Ghaeltarra Éireann. Tá ísliú ansin de £10,000 ar an soláthar a rinneadh an bhliain seo caite ach mar a tharla ní raibh an soláthar iomlán ag teastáil ón mBord anuraidh agus níor ghá ach £85,000 a chur ar fáil dó mar dheontas-i-gcabhair.
I rith na bliana seo caite bhí 1,345 daoine fostaithe i gceantair na n-ionad tionscail — fir tuairim is an ceathrú chuid díobh. Bhí timpeall leath an líon oibritheoirí sin ar fostú lán-ama sna hionaid oibre agus an leath eile ar fostú páirt-ama ina dtithe féin. Tháinig forbairt ar an tionscal láimhchniotála i rith na bliana seo caite agus bhí gá le tuilleadh oibritheoirí d'fhostú. San iomlán bhí céad duine níos mó fostaithe ag an mBord ná mar a bhí sa bhliain roimhe sin. Dá bharr sin agus de bharr méadaithe sna rátaí pé i gcásanna áirithe do híocadh £27,795 níos mó mar phá ná an méid a híocadh, sé sin, £149,365, sa bhliain roimhe sin.
Díoladh luach níos mó ná leathmhilliún punt earraí sa bhliain. B'ionann, nach mór, an díol sa Stát an díol ann sa bhliain roimhe sin, ach thit luach na ndíolachán thar lear. Tuigim go bhfuil an Bord tar éis suirbhéireacht a dhéanamh anois ar na margaí thar lear agus socraithe nua déanta acu chun díolacháin a spreagadh i dtíortha áirithe. Tá a fhios agam go dtuigeann an Bord a thábhachtaí atá sé san am i láthair go n-onnmhuireofaí oiread earraí agus is féidir agus tá gach dóchas agam go n-éireoidh leo san iarracht atá á dhéanamh acu chuige sin.
Faoi Fho-Mhírcheann E deantar soláthar le haghaidh deontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Sa bhliain airgeadais 1959/60 críochnaíodh 153 tithe nua, feabhsaíodh 199 tithe, cuireadh saoráidí sláintíochta i 78 tithe agus rinneadh méadú speisialta ar 5 tithe.
Thainig méadú arís ar an gcaiteachas faoi na hAchtanna ó £78,000 i 1958/59 go tuairim is £85,000 i 1959/60. Meastar go dtiocfaidh méadú arís ar an obair sa bhliain airgeadais seo de bharr an Achta nua a ritheadh anuraidh agus gur gá £150,000 a sholáthar chuige i mbliana.
Cuireadh tús le hobair in i bhfad níos mó cásanna i rith na bliana seo caite. Ceadaíodh deontais de luach timpeall £140,000 i dtuairim 900 cásanna i gcomparáid le deontais de luach £54,000 i 413 cásanna sa bhliain airgeadais roimhe sin.
Ó ritheadh an tAcht nua i mí Iúil, 1959 tá méadú mór tagtha ar líon na n-iarratas. Fritheadh ós cionn 1,500 iarratais i 1959/60 i gcomparáid le tuairim 850 i 1958/9. Nuair a cuimhnítear go dtógann sé dhá bhliain de ghnáth ón dáta a ceadaítear cás go dtí go n-íoctar an tráthchuid deireannach den deontas, tá sé soiléir gur sa bhliain reatha agus sa bhliain seo chugainn a bheidh an chuid is mó den airgead, a bhainfidh leis na hiarratais sin, le n-íoc. Mar is eol do na Teachtaí, méadaíodh na deontais tógála, na deontais feabhsúcháin agus na deontais sláintíochta san Acht nua agus tá cosúlacht ann go mbainfidh muintir na Gaeltachta mórán tairbhe as na deontaisí nua.
Tá sé ro-luath fós a rá cé mar a néiróidh leis an iarracht atá á dhéanamh trí na deontais i leith méadaithe speisialta, seallaí saoire agus brúnna ach tá dóchas agam, as na figiúirí atá agam go dtí seo, go n-éireoidh go maith leis. Fritheadh 10 iarratais faoi Scéim na mBrúnna, 30 faoi Scéim na seallaí saoire agus 73 ar dheontais i leith méadaithe speisialta suas go deireadh Márta seo caite agus tá cosúlacht ann go dtiocfaidh méadú mór ar líon na n-iarratas sin i rith na bliana seo. Dar ndóigh is rudaí nua ar fad Scéim na mBrúnna agus Scéim na seallaí saoire agus tógfaidh sé tamall sara mbeidh na scéimeanna sin faoi lán-tseol. Ach táim cinnte go rachaidh siad chun mór-thairbhe do mhuintir na Gaeltachta má bhaineann na daoine feidhm cheart iomlán astu.
Tá gnólachtaí sa tír atá in ann seallaí réamh-dhéanta lena nglacfaidh an Roinn a sholáthar ar phraghasanna réasúnta nó, más fearr leis na hiarratasóirí iad, tá pleananna ullmhaithe ag an Roinn le seallaí saoire a thógáil ar an ngnáth-nós. Is gnó é seo inar féidir leis na Teachtaí a bhfuil aon bhaint acu leis an nGaeltacht cabhair a thabhairt trí na daoine a spreagadh i ngach slí is féidir chun na deontais a úsáid ar mhaithe leo féin.
Is as Fó-mhírcheann F a cuirfear an t-airgead ar fáil le haghaidh scéimeanna feabhsúcháin na Roinne i mbliana. Fé mar a míníodh i ndáil le Meastachán na bliana seo caite, tá na húdaráis áitiúla agus muintir na Gaeltachta ag dul i dtaithí na scéimeanna sin do réir a chéile. Tháinig méadú arís sa bhliain 1959/60 ar an éileamh ortha. I gcás na scéimeanna uisce-sholáthair, mar shampla, tugadh 40% breise amach i bhfoirm deontaisí sa bhliain 1959/60 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Cé gur méadú mór é sin níl sé in aon ghaor de bheith chomh mór leis an méadú a rabhthas ag súil leis ag féachaint do no meastacháin a chuir na húdaráis áitiúla ar fáil roimhré. Maidir leis an leathnú atá á dhéanamh ar scéim na dtithe gloine, níorbh fhéidir an scéim a chríochnú laistigh den bhliain airgeadais 1959/60 amhail mar a measadh a déanfaí agus, cé go raibh an scéim leathnúcháin faoi lán-tseol i gConamara agus i dTuar Mhic Éadaigh um dheireadh na bliana sin, fágadh timpeall £34,000 den tsoláthar £53,000 a bhí i Vóta na Roinne chun na críche sin gan caitheamh toisc nach rabhthas ullamh chun na híocaíochta d'údarú. Bhain an deacracht chéanna le roinnt scéimeanna beaga eile ar cuireadh airgead i leataoibh dóibh ach nár éirigh leis na heagrais a raibh baint acu leo iad a chur i gcrích laistigh den bhliain airgeadais amhail mar a mheasadar a dhéanfaidís.
Dá dhroim sin uile, fágadh £80,000 gan caitheamh sa bhliain 1959/60 as an £170,000 a cuireadh ar fáil le haghaidh na Scéimeanna Feabhsúcháin.
Ag féachaint don éileamh atá ar scéimeanna feabhsúcháin na Roinne, más ea, agus don éiginteacht a ghabhann leis na meastacháin a cuirtear ar fáil ina leith, meastar, de dhroim na taithí a bhí ag an Roinn ar na cúrsaí seo le cúpla bliain anuas, gur leor suim £150,000 d'fhonn riaradh ar riachtanaisí na Scéimeanna Feabhsúcháin sa bhliain 1960/61.
Fé mar is gnáthach i ndáil leis an Meastachán seo, bhéarfaidh mé cuntas gairid anois ar an obair atá ar siúl agus ar an dul chun chinn atá á dhéanamh faoi na scéimeanna feabhsúcháin. Is iad seo leanas na scéimeanna:—
Faoi Scéim na mBóithar, tugtar deontas, 100% den chostas, a cuirtear ar fáil trí Oifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta, d'fhonn riaradh ar bhóithre áise, is é sin bóithre nach bhfuil freagracht reachtúil ar na húdaráis áitiúla ná ar éinne eile ina leith. Is é beartas na Roinne airgead na mbóthar faoin bhfo-mhírcheann seo a chaitheamh ar bhóithre den tsórt sin ó tharla nach bhfuil amhras ar bith ann ná go bhfuil géar-ghá le cúnamh airgid i gcás na mbóthar áise sa Ghaeltacht. Ní mór, ámh, cionúireacht bheag den tsoláthar a chur ar fáil, go ceann tréimhse teoranta, le haghaidh na mbóthar contae chun go bhféadfar críoch a chur le hoibreacha feabhsúcháin áirithe ar tosnaíodh orthu le blianta beaga anuas sarar socraíodh ar chaiteachas na Roinne a chúngú go dtí na bóithre áise. Faoi réir an choinníll sin, féadfar glacadh leis gur leis na bóithre áise amháin a bhainfidh deontaisí bóthair na Roinne chomh fada chun cinn agus is léir dúinn.
Tá dhá chineál deontais á dtabhairt ag an Roinn do na húdaráis áitiúla i leith scéimeanna uisce-sholáthair, deontas 50% — 60% i gcás caidéal agus mionscéimeanna píopaithe agus cumhachta, agus deontas 25% i gcás scéimeanna réigiúnacha. I gcás na scéimeanna réigiúnacha sin bíonn cabhair le fáil freisin ón Roinn Rialtais Áitiúil, is é sin cúnamh airgid i leith muirear aon iasachta a bheas á fháil ag na húdaráis áitiúla i ndáil leis na hoibreacha a bheas i gceist. Fé mar d'fhógair an tAire Rialtais Áitiúil tamall ó shoin, táthar tar éis an cúnamh sin a mhéadú ó 43.1/3 — 50% go dtí 60% de mhuirear na hiasachta. Nuair a cuirtear deontas na Roinne seo agus cúnamh airgid na Roinne Rialtais Áitiúil san áireamh i dteannta a chéile, más ea, chítear go bhfuil timpeall 70% de chostas na scéimeanna le fáil in aisce ag na húdaráis áitiúla i ndáil le tograí uisce-sholáthair a cuirtear i gcrích sa Ghaeltacht. Chítear dom gur cabhair an-mhór í sin agus gur cóir go mba leor í chun a chur ar chumas na núdarás áitiúla áird ar leith a thabhairt ar chás na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí uisce-sholáthair. Tá dóchas agam go dtiocfaidh borradh dá réir ar na cúrsaí sna blianta amach anseo. Fé mar adúradh cheana tá cosúlacht ar an scéal go bhfuil an borradh sin ag tosnú cheana féin.
Faoi Scéim Mion-Oibreacha Mara, tugann an Roinn deontaisí lán-chostais i leith muir-oibreacha áirithe sa Ghaeltacht ar choinníoll go mbeidh na húdaráis áitiúla iomchuí sásta cothabháil na n-oibreacha sin a ghlacadh mar cúram orthu féin tar éis a ndéanta. Fágtar faoi Oifig na nOibreacha Poiblí, de ghnáth, tograí den tsórt sin a chur i gcrích. Sa bhliain seo caite caitheadh beagán ós cionn £4,000 ar an scéim seo ach, má éiríonn le hOifig na nOibreacha Poiblí clár oibre na bliana seo a comhlíonadh, meastar go mbeidh caiteachas £14,000 ann ar oibreacha éagsúla.
D'éirigh go maith le Scéim na Muc aris anuraidh: timpeall 50 cráin a tugadh amach. Tá ar intinn tuairim is 70 cráin a thabhairt amach sa bhliain airgeadais reatha agus táthar tar éis an scéim a leathnú go dtí Co. Chorcaighe agus Co. Phortláirge, is é sin le rá, go bhfuil feidhm ag an scéim anois ar fud na Gaeltachta uile.
Tá an obair faoi lán-tseol anois i ndáil le leathnú Scéim na dTithe Gloine, mar adúirt mé cheana. Tá teas á chur isteach i naoi gcinn déag de na sean-tithe i gCois Fharraige. Tá dhá cheann déag de thithe nua á dtógáil i dTuar Mhic Éadaigh. Ní bheidh a thuilleadh i gceist, ó tharla nach bhfuarthas dóthain iarrataisí chun go bhféadfaí aonad 20 teach a bhunú amhail mar a bhí ar intinn ag an Roinn. Tá fiche ceann nua eile á dtógáil i gCois Fharraige, agus tá súil agam go bhféadfaimíd gléas teasa a chur sna tithe nua sin uile roimh dheireadh na bliana airgeadais reatha. Comhairlítear dom gur fearr go mbeidh deis ag na fásadóirí nua teacht isteach ar an gcéird sara gcuirfear an teas ar fáil dóibh. Beidh costas tuairim £35,000 ag dul leis an scéim i mbliana.
Tá an Scéim chun cabhrú le meánscolaíocht sa Ghaeltacht ag dul ar aghaidh go sásúil agus is deimhin liom go dtiocfaidh mór-thairbhe don Ghaeltacht aistí sna blianta atá romhainn. Íocadh deontais de mhéid £8,300 i rith na bliana seo caite. Tá tuilleadh oibre faoin scéim ar siúl i láthair na huaire agus meastar go mbeadh suas le £15,000 ag teastáil chun riaradh ar riachtanais na scéime i mbliana.
Scéim nua i Scéim na Hallaí Siamsa trína gcuirtear deontaisí ar fáil suas go dtí 80% den chostas measta, faoi theorainn uasta de £5,000 i leith aon deontais áirithe, do choistí áitiúla chun hallaí a thógáil, a dheisiú nó a fheistiú. Leanfaidh an scéim i bhfeidhm go dtí an 31 Márta, 1965, agus cuirfidh an Roinn suas go dtí £10,000 in aghaidh na bliana airgeadais ar fáil le haghaidh na scéime fhaid a mhairfidh sí. Meastar go mbeidh caiteachas £10,000 faoin scéim ann i mbliana agus go mbeidh éileamh níos fairsinge ar an gcúnamh airgid seo sna blianta atá le teacht.
Baineann Scéim Saoráidí Ilghnéitheacha le saoráidí éagsúla, mar shampla, piniúirí liathróid láimhe, faichí imeartha, linnte snámha, etc. Tugtar deontaisí suas go dtí 80% den chostas measta ina leith siúd. D'ainneoin téarmaí na scéime a bheith chomh fábharach sin, is ábhar iontais é, mar adúradh anuraidh cheana, a laghad tairbhe is a baineadh as na deontaisí seo ó tugadh isteach iad.
Tá deontaisí suas go dtí 80% den chostas measta ar fáil ón Roinn freisin i ndáil le scéimeanna trialacha talmhaíochta. Tá scéimeanna den tsórt sin (maoth-thorthaí is mó atá i gceist) ar siúl i gCo. Chiarraighe, Co. Chorcaighe agus Co. Phortláirge le cabhair na gcoistí talmhaíochta ansin. Sa chás seo arís níl éileamh chomh mór ar na scéimeanna, ná borradh chomh mór ag teacht fúthu, is beifí ag súil leis ag féachaint do na téarmaí a ghabhas leo.
Is é fírinne an scéil, i gcás scéimeanna den tsórt seo, nach féidir tairbhe na ndeontas a thabhairt do dhream ar bith mura mbeidh sásta na scéimeanna d'ullmhú agus a riaradh. Tá téarmaí na scéimeanna ar eolas go fóirleathan ag pobal agus údaráis na Gaeltachta cheana féin. Más féidir leo dul i mbun oibre beidh cabhair airgid ar fáil acu go fial ón Roinn.
Faoi Fho-Mhírcheann H den Mheastachán, tá £2,000 á sholáthar i mbliana chun deontais bheaga a thabhairt le haghaidh imeachtaí cultúrtha agus sóisialacha sa Ghaeltacht, mar shompla, deontaisí i leith feiseanna agus féilí drámaíochta agus cúnamh airgid chun oirnéisí ceoil agus a leithéid a chur ar fáil do choistí áitiúla sa Ghaeltacht.
Chífear go bhfuil laghdú beag déanta i mbliana ar an méid atá á sholáthar faoi Fo-Mhírcheann I le haghaidh an deontais £5. Meastar go bhfuil an figiúr £48,000 níos goire don chaiteachas a bheidh ag teastáil i mbliana. Faoi mar is eol do na Teachtaí tá laghdú ginearálta tagtha ar an líon daoine sna ceantair tuaithe i gcoitinne, agus tá laghdú mar an gcéanna tagtha dá dheasca sin ar uimhir na bpáistí sa Ghaeltacht.
Tá £5,000 á sholáthar faoi Fho-Mhírcheann L i mbliana le cabhrú chun foirgintí a thógáil, a shealbhú, a oiriúnú agus a fheistiú mar Choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht. Is cosúil go mbeidh tuilleadh iarratas ag teacht chugainn i leith Coláistí Gaeilge sna blianta atá amach romhainn.
Níl aon athrú ar an soláthar faoi Fho-Mhírcheann M den Mheastachán agus ní dóigh liom gur gá aon rud a rá faoi.
Faoi Fho-Mhírcheann N den Mheastachán, tugtar cúnamh airgid do choistí áitiúla, faoi scéim a bunaíodh i 1936, chun scoláireachtaí saoire sa Ghaeltacht a thabhairt do pháistí ó áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht. Do hardaíodh an uasteorainn aoise faoin scéim go dtí 18 mbliana, d'fhonn scóip na scéime a leathnú do dhaltaí meánscoile agus, mar thoradh ar sin, tá méadú mór tagtha ar líon na bpáistí atá páirteach sa scéim faoi láthair. Tá £7,500 á sholáthar don bhliain 1960 i gcompráid le £4,685 (agus Meastachán Foirlíontach a áireamh) a soláthraíodh don bhliain 1959.
Ina theannta sin, tá scéim trialach á chur i bhfeidhm i mbliana trína gcuirfear suas le 300 scoláirí ag freas-tal ar scoileanna éagsúla sa Ghaeltacht le linn téarma scoile amháin sa bhliain airgeadais. Íocfaidh an Roinn deontais de leath an chostais suas go dtí £17 10s. 0d. an scoláire, agus tá £5,000 dá sholáthar faoin bhfo-mhírcheann seo ina leith. Déanfaidh Gael-Linn an scéim a reachtáil i mbliana ar bhun trialach agus is fúthu sin a bhéas na socruithe go léir maidir le toghadh na bpáistí agus iad a chur chun na Gaeltachta. Socróidh siad freisin faoin bhfuílleach den chostas a chur dá bhailiú. Tá súil agam go n-éireoidh go maith leis an triail seo agus go mbeidh ar mo chumas é a mhéadú sna blianta atá rómhainn.
Is iad príomh-fheidhmeanna Roinn na Gaeltachta leas cultúrtha agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn agus cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáthurlabhra. Tá límistéirí feidhme na Roinne leagtha amach in Ordú na Límistéirí Gaeltachta, 1956. Ag comhlíonadh a feidhmeanna di, chítear don Roinn gur ceart di féachaint le cumas tuillimh mhuintir na Gaeltachta a mhéadú, caighdeán maireachtála na ndaoine a ardú, agus an cultúr Gaelach a chothú agus saoráidí oideachais a fheabhsú. Tá eolas tugtha agam ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chuige sin, agus tá súil agam go n-aontóidh an Dáil liom go bhfuil fiúntas éigin sna hiarrachtaí sin. Is go príomha chun neartú le cumas tuillimh na ndaoine a ceapadh na scéimeanna feabhsúcháin a bhfuil saothrú ag dul leo.
I gcúrsaí tionscail, is eol don Dáil gur ar Ghaeltarra Éireann atá anois cúram na dtionscal tuaithe a bhíodh á riaradh ag an Roinn roimhe seo. Chomh fada agus a bhaineann leis an gcaighdeán maireachtála a ardú, is mór an leas a dhéanfaidh an cúnamh fial atá le fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus ní beag le rá sa gcaoi sin na scéimeanna uisce-sholáthair, scéim an gháis bhuidéalaithe agus na deontais atá le fáil le haghaidh hallaí siamsa, faichí imeartha, piniúirí liathróid láimhe, linnte snámha agus a leithéid. Agus is cinnte gur tairbhe don chultúr dúchais agus do chúrsaí oideachais scéimeanna ar nós an deontas £5, scoláireachtaí saoire sa Ghaeltacht, deontais drámaíochta, deontais le haghaidh oirnéisí ceoil, féilí agus feiseanna agus go háirithe an scéim atá againn le cabhrú le meánscolaíocht sa Ghaeltacht.
Tá ar intinn agam go leanfar de na hiarrachtaí atá ar bun againn agus beidh mé toilteanach i gcónaí aon mholtaí a thiocfaidh chugam agus a measfar a rachadh chun leasa don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhreithniú chomh báúil agus is féidir. Is maith liom é bheith le rá arís i mbliana go bhfuil comhoibriú agus comhairle le fáil go fial ó údaráis agus eagrais agus daoine a bhfuil suim acu sa Gaeltacht. Gabhaim buíochas leo uile thar mo cheann féin agus thar ceann na Roinne.