Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 Nov 1960

Vol. 185 No. 2

Supplementary Estimate, 1960-61. - Vóta 45—Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonfar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch ar 31ú lá de Mhárta, 1961, le haghaidh Tuarastal agus Costas Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair.

Sé faoi ndear don Roinn an Vóta Forlíontach seo a lorg ná go bhfuil cead ag teastáil chun níos mó ná an soláthar de £12,500 atá déanta chuige sin mar dheontas-i-gcabhair faoi fhomhírcheann N den Vóta d'íoc le haghaidh scoláireachtaí saoire agus scoile sa Ghaeltacht.

Tá méadú mór arís i mbliana ar an líon páistí atá dá gcur go dtí an Ghaeltacht seachas an méad a cuirtí sna blianta roimhe seo. Sa bhliain 1957 cuireadh 333 pháiste go dtí an Ghaeltacht; sa bhliain 1958 cuireadh 465; sa bhliain 1959 cuireadh 1,129 agus i mbliana tá iomlán de 2,372 dá gcur go dtí an Ghaeltacht, do réir na bhfigiúirí is deanaí atá ar fáil.

Den iomlán sin i mbliana cuireadh 264 pháiste go dtí an Ghaeltacht ar scoláireachtaí trí mhí agus cuireadh an 2,108 eile go dtí an Ghaeltacht fain sceim scoláireachtaí saoire. Faoin scéim sin lomháiltear ó Vóta mo Roinne deontas nach mó ná £4. 10s. le haghaidh gach páiste a cuirtear chun na Gaeltachta ó cheantar Átha Cliath agus deontas nach mó ná £4 le haghaidh gach páiste a cuirtear ó cheantair eile. I gcás na scoláireachtaí trí mhí íocann an Roinn deontas de £17 10s. le haghaidh gach páiste.

Bhí méadú i mbliana ar an líon coistí a chuir na páistí sin go dtí an Ghaeltacht; 38 gcoiste a bhí páirteach ins na scéimeanna i gcomparáid le 20 coiste ar fad an bhliain seo caite agus 14 choiste an bhliain roimhe sin.

Chun an caiteachas breise seo ar scoláireachtaí saoire agus scoile a shlánú táthar ag cur leis an méid fáltas a húsáidfear mar leithreasa-igcabhair don Vóta i dtreo is go mbeifear in ann fáltais ilghnéitheacha breise áirithe a chur i gcoinne an chaiteachais bhreise agus dá bharr san ní gá ach suim chomharthach de £10 a lorg anois mar Vóta Forlíontach.

Ba mhaith liom a fháil amach cá bhfuil an Ghaeltacht ach níor mhaith liom dul isteach sa cheist mhór sin ar an Meastachán Forlíontach seo. Nuair a cuireadh Roinn na Gaeltachta ar bun cuireadh cúram ar an Roinn eolas d'fháil cá raibh an Ghaeltacht. Do rinneadh gach ab fhéidir a dhéanamh chun a fháil amach cá raibh na háiteanna ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-urlabhra i measc na ndaoine. Níor nochtadh na figiúirí-a fritheadh san áireamh speisialta a deineadh an tráth úd óir níor aontaigh iniúchóirí na Roinne Oideachais le hiniúchóirí na hOifige Staidrimh.

Dá bhrí sin, ó tharla nach bhfuil eolas againn cá bhfuil na háiteanna in bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-urlabhra i measc na ndaoine, ba mhaith liom a fháil amach cá bhfuil na scoileanna úd ar dúradh go raibh na páistí ag freastal orthu. Cá bhfuil na ceantair úd gurb é tuairim an Aire ina dtaobh go raibh an Ghaeilge chomh beo iontu gurb fhiú páistí ón nGalltacht a chur chucu?

Fé mar a deirim, is ceist mhór í ach b'fhéidir go mbeadh ar chumas an Aire a chur in iúl go cruinn don Teach ar an Meastachán seo cá bhfuil na háiteanna úd ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-urlabhra i measc na ndaoine. Ansin, tá dualgas ar an Roinn féin mar gheall air sin.

Tá taobh eile den cheist seo ann. Tá móráireamh le déanamh amach anseo i dtaobh na coda sin den tír atá faoi chúram Roinn na Gaeltachta chun a fháil amach cad iad na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha, coitianta ag na daoine i ngnáth-obair an lae.

B'fhéidir, leis, go bhfuil ceist eile le freagairt agus go dtabharfaidh an tAire a thuairim ina taobh? Tá airgead le fáil ag páistí a bhfuil cónaí orthu sa Galltacht chun dul go dtí an Ghaeltacht. An bhfuil scoláireachtaí ar bith le fáil ag páistí a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht chun dul go Baile Átha Cliath, Corcaigh nó áit stairiúil ar bith eile sa tír faoi stiúradh lucht scoile nó faoi stiúradh daoine a chuireann suim phríobháideach i gcúrsaí oideachais agus mar sin de? Is dóigh liom gur saghas "reservation" í an Ghaeltacht le haghaidh páistí ón nGaeltacht. Ní dóigh liom gur deineadh aon rud ó cuireadh an Roinn ar bun chun aigne na bpáistí a leathnú agus eolas a thabhairt dóibh trí mheán na Gaeilge agus faoi stiúradh daoine a bhfuil Gaeilge acu chun na páistí a thabhairt go Corcaigh, Baile Átha Cliath nó áit ar bith ar fud na tíre. B'fhéidir go n-inseodh an tAire dúinn an bhfuil aon rud á dhéanamh chun scoláireachtaí a thabhairt do na daoine atá i gceist agam? B'fhéidir go n-inseodh sé, leis, cad tá á dhéanamh chun a dheimhniú cá bhfuil an Ghaeltacht —na háiteanna úd ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-urlabhra ag na daoine i rith an lae?

Nuair a cuireadh an Roinn seo ar bun, cúngaíodh an limistéar ar a dtugtar an Ghaeltacht de ghnáth do cheantair na beo theanga. Ní ró-mhaith a thaitin an scéim liom féin—duine a bhfuil dhá Ghaeltacht mhóra ina cheantar aige. San am céanna, bhí mé sásta go raibh iarracht á dhéanamh le go mbeadh buntáisti faoi leith ag na ceantair iontu a bhí i dteideal fíor-Ghaeltacht a thabhairt orthu.

Tá a fhios ag an Teachta Ua Maolchatha gur cuireadh ceantair áirithe eile isteach leis an gcéad limistéar a leathnaíodh amach mar FhíorGhaeltacht. Nílim cinnte. Ba mhaith liom dá n-abródh sé liom an iad na ceantair bhreise eile seo atá i gceist aige. Nuair a cheistíonn sé mé i dtaobh cá bhfuil an Ghaeltacht, cad iad na scoileanna atá suite sa Ghaeltacht agus an ceart scoláireachtaí don Ghaeltacht a chur ar fáil iontu, séard is mian liom a chur in iúl nár mhaith liomsa aon chur isteach a dhéanamh ar tharraingt na limistéar nuair a tháinig me isteach mar Aire na Gaeltachta. De réir mar fuair mé amach, bhí amhras orm go raibh cuid acu nach raibh ceart iomlán acu a bheith curtha isteach mar cheantair Ghaeltachta, ach d'fhág mé an scéal ansin cé gur chuir mé ceist ar na hOifigigh sa Roinn cén nós atá acu nuair nach bhfuil an ceart iomlán acu a bheith sna limistéir Ghaeltachta, agus cén nós atá acu, cuir i gcás, i dtaobh na ndeontas £5, na ndeontas tithe agus na gcúrsaí meán scolaíochta. Is é an rud a dúirt siad ná iad a fhágáil go deas mar atá siad, agus, ós rud é nach raibh fonn ormsa na limistéir a athrú, agus na scéimeanna a bhí socraithe a chur bun ós cionn, d'fág mé iad mar a bhí siad.

Bá mhaith liomsa go dtabharfadh an Teachta Ua Maolchatha aon eolas atá aige ar na háiteanna atá istigh sna limistéir Ghaeltachta nach bhfuil sé ceart iad a lua mar cheantair Ghaeltachta agus bhéarfaidh mé geallúint go dtabharfaidh mé lán-chreidiúint don Teachta Ua Maolchatha as ucht a chuid oibre i dtaobh na ceiste seo. Maidir leis an móráireamh tá sé i gceist go mbíonn tairbhe is tábhacht ar leith ag baint le labhairt na Gaeilge. Tá an lucht staidrimh an-sásta na Gaeltachtaí a fhanacht sa teorainn atá acu ach tá deacracht acu ar aon cheist atá ag baint le tuairimí na ndaoine. Más "facts" atá i gceist, is féidir an bhréag nó an fhírinne a aithint ach, nuair is tuairimí atá i gceist, tá deacracht ann. Cuir i gcás, má tá dhá cheist, ceann amháin a fhiafraíonn: "Bhfuil Gaeilge agat?" agus an ceann eile: "An í an Ghaeilge an gnáth-urlabhra i do theach?" má tá roinnt Gaeilge ag duine amháin, b'fhéidir go dtabarfadh sé freagra á rá sin, agus duine eile a bhfuil Gaeilge aige ach nach í an Ghaeilge an gnáth-urlabhra ina theaglach, b'fhéidir go ndéarfadh sé nach bhfuil. De réir lucht staidrimh is féidir dhá thuairim a bheith ag daoine ar an gceist agus tá deacracht acu conas an cheist a chur.

Nach í an cheist a ba cheart a chur: An labhraíonn tú Gaeilge gach aon lá?

Tá ar mo chumas athrú beag a dhéanamh ar an gceist seo, ach ní fhéadfaidh mé bheith cruinn faoi láthair. Níl fhios agam an bhfuil sé sin socraithe fós.

Bhfuil an fhoirm socraithe fós? Bhfuil sí clóbhuailte?

Níl sí ach mar shampla-cheist, is soiléir ó go bhféadfaí dhá thuairim a bheith uirthi. Maidir le scoláirí Gaeltachta a fhágann an Ghaeltacht chun dul go dtí an Ghalltacht, tá na scoláirí ag dul ar na meánscoileanna agus ó na meánscoileanna go dtí na hollscoileanna, ach bheirim geallúint go ndéanfaidh mé scrudú ar an airgead a thugtar do scoláirí a thugann cuairt ar an nGaeltacht.

Ní dóigh liom go bhfuil níos mó le rá agam. Ní bhaineann sé seo ach le húdarás a fháil ón Dáil mar nach raibh an Meastachán a rinneadh anuraidh sách iomlán i gcóir na gcásanna atá faoi chúram mo Roinne, ach tá rud amháin ba mhaith liom a insint don Dáil, agus is é sin, go bhfuil sé ríachtanach ar daltaí meánscoile scrudú béil a sheasamh leis an scrúdú Árd-Teistiméireachta a bhaint amach agus, ó socráiodh é sin, tháinig méadú mór ar lucht cuairte chun na Gaeltachta. Léifidh mé amach na figiúirí anois. Sa bhliain 1957, bhí 333 acu ann; i 1958, bhí 465; i 1959, bhí 1,159; agus i mbliana, 2,372. Tá fáilte agam, mar Aire na Gaeltachta, roimhh an méadú seo agus ba mhaith liom a rá go bhfuil creideamh agam sa chúis seo.

On a point of order, I mean no disrespect to the language —I should like very much to know it —but there is a Supplementary Estimate passing through the House and it so happens I have forgotten my spectacles, so I am both blind and deaf.

That is not a point of order. If the Deputy is raising a point in respect of the use of the Irish language——

Am I not entitled——

The Deputy is not raising a point of order; he is making a speech.

I am asking if I can get the gist of what has been said in Irish.

Standing Orders provide that the Irish language is an official language of the House.

With all due respect, Sir, that may be so, but there are several Deputies who do not know Irish.

We are guided by Standing Orders. Standing Orders control and govern the proceedings of the House.

This is an estimate and the House is voting money, but we do not know what it is about.

May I suggest that there is a custom, by courtesy of the Minister, when he circulates a summary of his observations in Irish, for the convenience of those Deputies who do not understand Irish, he circulates a summary in English. I think that is the practice and the Minister might consider for the convenience of Deputies who do not speak Irish—he has been kind enough to circulate a summary in Irish—circulating a summary in English. It would be appreciated if in the future he could consider the complaint mentioned by Deputy Sherwin——

I like to know what is going on.

——and making a summary available.

It is not the fault of the House.

Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis na Teachtaí. Tógadh gearr mé ar maidin. Marach sin, béadh an leagan Béarla roinnte thart ar na Chomhaltaí. Perhaps for Deputy Sherwin's benefit, I should say—

A Minister may not translate his remarks for the benefit of Deputies who do not know Irish.

I do not want to establish any precedent but there are certain courtesies which are usually observed. I think I understood the Minister to say that he is prepared to consider such practice in the future. That covers the matter completely.

The Chair is not going to establish a new precedent——

There would be no precedent. The Minister could circulate a copy.

——that the Minister should make his speech in English as well as in Irish. That would be a very bad precedent to establish.

I think the Minister has given an assurance that he is prepared to meet the situation.

Why would it be a bad precedent?

Because it would duplicate the proceedings on occasions.

Is it not necessary for Deputies who have not the requisite knowledge of the language?

I should not like to establish a precedent reversing practice hitherto.

It might be necessary to amend Standing Orders.

Is the Constitution not bilingual? Are the two languages not used?

The Standing Orders say that both are official languages, that is to say, that Irish is an official language and English is also an official language. It does not say the two languages may be or should be used.

Is the Constitution not set out in the two languages?

I do not intend to construe the Constitution. Standing Orders specifically set out that Irish is an official language and I am endeavouring to preserve the Dáil from establishing a precedent which would possibly duplicate the proceedings on occasions.

Táim sásta.

The making of laws is a more serious matter.

Ní dóigh liom gur thuig an tAire go ró-mhaith mé. Nílim ag iarraidh ar an Aire an ceantar a dheimhniú faoi láthair. Is dóigh liom go bhfuil sé ró-luath chun aon ní mar sin a dhéanamh. B'fhéidir gur gá limistéir na Gaeltachta a dheimhniú sa Teach tráth éigin. Istigh sa cheantar sin, tá curtha síos na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt go coitianta i measc na ndaoine. Deineadh áireamh faoi leith chun an ceantar sin a dheimhniú nios fearr agus níos soiléire. Níl toradh an áirimh le fáil in aon chor. Ní dóigh liom go bhfuil eolas cruinn le fáil againn in aon slí eile ar an méid den tír ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt i measc na ndaoine mar ghnáththeanga, faoi mar atá an Béarla á labhairt i measc daoine in áiteanna eile, cuir i gcás, i gCathair Phort Láirge. Isé cúram agus dualgas Roinn na Gaeltachta an t-eolas sin a bheith acu. Ba-cheart go mbeadh an t-eolas le fáil againn. Is í ceist atá agam le cur ar an Aire ná, cad tá á dhéanamh ag an Roinn chun an t-eolas cruinn a fháil?

Deineadh léarscáil faoi leith de réir gach paróiste agus ceantar i gcóir na Gaeltachta nuair bhí an Roinn á chur ar bun. Ní fheadar an féidir leis an Aire cóip den léarscáil a chur ar fáil sa Leabharlann. Cad é an saghas tuairime a bhí ag na daoine nuair a bhíodar ag cur na Roinne ar bun? Ní dóigh liom gur slí oiriúnach é chun ceist a chur faoi bhráid an Aire litir a scríobh chuige. B'fhéidir go gcuirfinn roinnt ceisteanna ar an Aire.

I should like to say that I would appreciate getting the English translation of the Minister's contribution. I should like to ask the Minister why is it that the grant in respect of the holiday scholarship scheme is less outside the Dublin area —£4 instead of £4.10. Surely the cost must be similar in certain areas? I am wholeheartedly in support of the Supplementary Estimate. I believe it deserves the support of the House because it is an excellent scheme.

I do not want to be unreasonable about this question of the use of Irish. I would say to Deputies that the difference between the size of the scholarship in respect of the Dublin entrants and that for other parts of the country is due, I understand, to the distance to be travelled in the Gaeltachta of Donegal, Mayo, Galway, Kerry and Waterford. They are on the opposite rim of the island.

The Minister's geography is a little groggy.

Perhaps, but it is on that that the difference is based.

Does the Minister not think the time is opportune to review that situation?

Vote put and agreed to.
Vote reported and agreed to.
Barr
Roinn