Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £297,400 chun slánaithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Mhárta, 1962, le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais agus Costais a bhaineann leis an gComhairle Oideachais.
Seacht milliún déag, ceithre chéad is sé mhíle, dhá chéad is deich bpúnt atá ins na naoí Vótaí go bhfuilim-se freagrach iontu. Tá an méid sin £632,210 níos mó ná mar a solthraíodh sa bhliain airgeadais seo caite.
Ina theannta san tá £1,600,000 fé Vóta 9 (Oibreacha Poiblí agus Foirgintí) chun tithe scoile náisiúnta a thógáil, a mhéadú agus a chóiriú. Dá bhrí sin, tá ar fad £19,006,210 dhá sholáthar le haghaidh na seirbhísí oideachais i mbliana. Is ionann san is 14.4% den iomlán atá dá chur ar fáil le haghaidh na Seirbhísí Soláthair ar fad.
Nuair a fhéachaimid ar shuim atá os cionn £19,000,000, tá seans ann go rithfeadh sé linn gur mór an glam airgid é agus gan dá chlúdach aige ach sraith amháin seirbhísí. Ach ansan nuair a chuimhnímid ar cé chomh tábhachtach agus ar cé chomh bunúsach is atá na seirbhísí sin don tír, tá mé cinnte nach leasc le haoinne againn an méid atá á chaitheamh orthu. Sé an intinn atá agam féin faoi ná go mbeidh orainn leanúint fós de bheith ag cur leis an soláthar i gcomhair oideachais sul a mbeimid i riocht a rá go bhfuil córas oideachais againn atá gar do bheith lán-sásúil.
Tráchtfaidh mé anois ar na seirbhisí ar leith.
OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS.
Costaisí riaracháin na Roinne atá sa Vóta so. An t-iomlán, £447,400, is mó de £28,700 é ná méid na bliana anuiridh. Siad na fáthanna atá leis sin ná an soláthar atá á dhéanamh don Choimisiún Um Árd-Oideachas, an soláthar a ghabhann le ballraíocht UNESCO, agus freisin soláthar do bhreis foirne toisc an méadú ana-mhór atá tagaithe ar na seirbhísí iarbhunoideachais.
BUN-OIDEACHAS.
Deich milliún, seacht gcéad is seachtó míle, sé chéad is caoga púnt an méid glan atá sa Vóta so. Is mó de £221,810 é sin ná suim na bliana 1960/61, agus £50,000 de mheastachán breise a thógaint san áireamh. Furmhór an mhéadú sin baineann sé le soláthar breise i gcomhair tuarastail múinteoirí a shíolraigh ó mhéadú ar líon na múinteoirí agus ó shocruithe i leith tuarastail a deineadh fén chóras idirréitigh. Sa scoil-bhliain a chríochnaigh ar an 30ú Meitheamh, 1960, bhí 13,866 ar fostú ins na scoileanna i gcomparáid le 13,684 sa bhliain roimhe sin. Bhí méadú freisin ar líon na ndaltaí ins na scoileanna náisiúnta: is 506,208 daltaí a bhí ar na rollaí ar an 30ú Meitheamh, 1960, i gcomparáid le 505,363 daltaí ar chothrom an lae sin sa bhliain 1959.
Fé mar a léiríonn na figiúirí atá tugtha agam anois díreach, tá isteach is amach le cúig chéad míle dalta ins na scoileanna náisiúnta. Má thógaimid gur céad bliain saol-ré foirgneamh scoile bheadh orainn cóiríocht do chúig mhíle dalta do chur ar fáil gach bliain chun an status quo do choimeád. Mar sin nuair adeirim libh gur soláthraíodh cóiríocht nua do 12,133 de dhaltaí sa bhliain darbh chríoch an 31ú Márta seo caite, tuigfidh sibh cé chomh tapaidh is atáimid ag glanadh na riaráistí a fágadh mar oidhreacht againn. Deineadh san in ainneoin gur drochbhliain ó thaobh cúrsaí tógála an bhliain sin toisc a dhonacht is a bhí an aimsir i gcaitheamh na bliana.
Maidir leis an mbliain atá romhainn ar an 31ú Márta, 1961, bhí céad dachad is a haon de mhór-scéimeanna tógála ar siúl. Soláthrófar leis na scéimeanna san cóiríocht do 17,666 daltaí.
Ó thárla mé caint ar chúrsaí tógála agus an dul chun cinn atá á dhéanamh ba mhaith liom tagairt go speisialta don tábhacht a bhaineann leis na scoileanna do choimeád i dtreo mar is ceart. Ní haon mhaith bheith ag cur foirgintí nua ar fáil muna gcoimeádtar i gceart ina dhiaidh sin iad. Bhítheas ag súil leis i gcónaí, agus is réasúnta an ní é, measaim, bheith ag súil leis, gur ar an mbainisteoir a bheadh an fhreagraíocht i leith chóiriú na scoile. Tá a lán bainisteoirí ann a dhéanann an-chúram do bheith ag breathnú i ndiaidh a gcuid scoileanna, ach tá an iomad ann fós nach ndéanann. Sé an bheart atá le déanamh, dá réir sin, teacht ar sheift chun uchtach a thabhairt do na dea-bhainisteoirí úd agus chun an bainisteoir faillíoch a ghríosú le tabhairt faoina chuid dualgas sa ghnó.
Ba léir tar éis an scéal a scrúdú, gurbí an phéinteáil an chuid is riachtanaí, agus fós an chuid is costasaí den obair sin. Chun teacht ar leigheas an scéil, tá beartaithe agam scéim a thabhairt isteach féna dtuitfidh cuid de chostas na péinteála ar an Stát, an chéad uair riamh ó bunaíodh córas an oideachais náisiúnta, ar tháinig an Stát i gcabhair ar an slí sin. Níl mion-seoraí an scéime socair fós, ach thig liom a rá ag an bpointe seo gurbe an cion a thógfaidh an Stát air féin dhá dtrian den chostas. Ag an am céanna, ba mhaith liom a fhógairt do gach aon lena mbaineann nach n-íocfar an deontas ach amháin sa chás ina mbeidh foirgneamh agus clós na scoile á gcoimeád go sásúil.
Tógáil agus cóiriú scoileanna is mó a bhí i gceist agam go dtí seo, ach tá roinnt nithe eile go mba mhaith liom tagairt speisialta a dhéanamh dóibh anois. Ceann de na nithe sin, ceann a bhaineann go dlúth le tógáil agus cóiriú, isea ceist na foirne.
Anuraidh is athrú anuraidh deineadh scéal na fóirne ins na scoileanna náisiúnta d'fheabhsú trí huaire ar leith trén choibhneas idir scoláirí agus múinteoirí do laghdú. Is maith liom é do bheith le hinsint agam go bhfuil beartaithe a thuilleadh feabhais do chur ar an scéal i mbliana. Chuala sibh go léir trácht ar na ranganna móra. Is ins na scoileanna a íoctar ar bhun caipitíochta is mó a thárla na ranganna san, scoileanna nach raibh an coibhneas idir múinteoirí is daltaí comh fábharach iontu is atá ins na gnáth-scoileanna aicmíochta. Tá socair go gceadófar le héifeacht ón lú lúil, 1961, an fhoireann chéanna ins na scoileanna san is atá á ceadú ins na gnáth-scoileanna aicmíochta. Na baill bhreise foirne a fhostófar dá réir sí an Roinn a íocfaidh a dtuarastal ar fad. Ba chóir go dtiocfadh as sin go laghdófar go maith ar na ranganna móra ins na scoileanna sin.
Tá beartas eile i leith na scoileanna a íoctar ar bhun caipitíochta go mba mhaith liom tagairt dó. Fé mar a fógraíodh tamall ó shoin tá an Roinn i gcomhairle le lucht ceannais na scoileanna sin ó thaobh postanna speisialta do chruthú do na tuath-oidí atá fostaithe iontu. Fé réir an bheartais sin cruthófar post speisialta amháin in aghaidh gach ceathrair tuath-oidí-oidí atá fostaithe in aon scoil dá leithéid agus íocfar le sealbhóir an phoist liúntas is ionann agus liúntas leas-phríomhoide ins na gnáth-scoileanna, sé sin, £60 sa bhliain d'fhear singil agus do mhnaoí agus £75 sa bhliain d'fhear pósta. An Roinn a sheasódh costas na bpostanna speisialta san freisin.
Beart mhaith eile a tháinig i gcrích le déanaí is ea gur ardaíodh na liúntais do phríomh-oidí agus do leasphríomhoidí ón lú Aibreán fé réir aontú a rinneadh fán Chóras Idirréitigh. Is do na príomhoidí ins na scoileanna beaga fén dtuaith a tugadh an t-ardú ba mhó. Ceann de na fáthanna a bhí leis sin ná gur fíorthábhachtach gan na príomh-oidi bheith ag aistriú ó na scoileanna beaga sin go minic agus gur fíorthábhachtach, leis, oidí óga a mhealladh chun na scoileanna sin.
Ó thárla mé ag caint ar an gcóras idir-reitigh tá aontu eile a rinneadh fén chóras san agus b'fhéidir nár mhiste tagairt a dhéanamh dó. Baineann an t-aontú san le múinteoirí náisiúnta ga raibh seirbhís acu mar tuath-oidí i scoileanna caipitíochta roimh 1934. Go dtí seo níor áiríodh ach dhá dtrian den tseirbhís úd chun críche pinsin, rud a bhí ina abhar mór gearáin ag na múinteoirí a bhí i gceist. Fé réir an aontú atá déanta anois ní bheidh an t-abhar gearáin sin ann a thuilleadh.
Tá gné eile fós den bhun-oideachas go bhfuil an-chur síos déanta air le roint bhlian anuas. Sé gné atá i gceist agam ná oideachas do sholáthar do pháistí go bhfuil máchail coirp nó máchail intinne orthu. Tá dul ar aghaidh ana-mhaith déanta le roint bhlian anuas le bunú scoileanna speisialta do pháistí dá leithéid. I láthair na huaire tá ós cionn 30 scoileanna den chineál san ann. Fadhbh amháin atá ag baint leo ná foireann atá cáilithe go h-oiriúnach a fháil dóibh. Chun an fhadhbh sin a réiteach tá socair tús a chur i mbliana le cúrsa speisialta sé mhí do mhúinteoirí gur mhaith leo bheith ag obair ins na scoileanna san. Rinne mé tagairt don scéal san sa Tigh seo nuair a bhí meastachán breise á thabhairt isteach agam tamall ó shoin agus b'fhéidir gur tuigeadh as an méid a dubhras an tráth san nach mbeadh ag freastal ar an gcúrsa speisialta sin ach fir. Is amhlaidh a ghlacfar le fir agus mná ar an gcúrsa.
Beidh cuimhne ag na Teachtaí gur chuireas in iúl sa Tigh seo anuraidh go raibh socair deireadh a chur leis na Coláistí Ullmhúcháin mar chuid de chóras earcaíochta na múinteoirí náisiúnta. Bhí daoine ann, b'fhéidir, san am a bhí ag ceapadh gur céim siar é sin ó thaobh múinteoirí d'fháil a mbeadh eolas an mhaith acu ar an nGaeilge. Éinne a bhí ag ceapadh a leithéid, is baol go ndearna sé dearmad go raibh dhá dtrian de na múinteoirí i gcónaí nár thainig riamh tré Choláiste Ullmhúcháin, agus mar sin de in aon mhachtnamh a dhéanfaí i dtaobh an scéil go gcaithfí staid na múinteoirí ar fad do thógaint san áireamh. Rinneadh é sin, agus táim sásta go bhfaghann na mic-léinn cúrsa an-mhaith sa Ghaeilge ins na Coláistí Oiliúna.
Ag an am chéana, áfach, measaim go bhfónódh sé go mór do na múinteoirí óga nach cainteoirí ó dhúchas iad tréimhsí a chaitheamh sa Ghaeltacht. D'fhonn é sin do thabhairt chun críche tá socair agam athrú do dhéanamh ins na rialacha a bhaineann le cáilíochta Gaeilge le haghaidh múinteoirí náisiúnta. Go dtí seo bhí ar mhúinteoirí caighdeán an Teastais Dhá-Theangaigh do shroisint ag deireadh an chúrsa oiliúna chun láncháilíocht do bhaint amach. I gcássanna áirithe ina dteipeadh orthú é sin a dhéanamh tugtaí seansanna eile dóibh an caighdeán do shroisint le linn a tréimhse profa.
Tá beartaithe agam anois deireadh a chur leis an dTeastas Dhá-Theangach agus ina áit sin an gnáth-scrúdú cinn cúrsa sa Ghaeilge a bheith ann i dteannta le triail inniúlachta i labhairt na Gaeilge go gcaithfeadh an múinteoir óg pas d'fháil ann laistigh de chúig bhliain tar éis dó an Coláiste Oiliúna d'fhágaint. Tá ar intinn go mbeadh caighdeán an-ard sa triail sin, caighdeán nach sroisfí, de ghnáth, ach ag an gcainteoir ó dhúchas nó ag an té go raibh tréimhsí caite sa Ghaeltacht aige. Chun cabhrú leis na múinteoirí a bheadh i gceist tréimhsí do chaitheamh sa Ghaeltacht tá socair go n-íocfar £15 de liúntas leo i leith tréimhse míosa a bheadh caite acu sa Ghaeltacht i ngach ceann de thrí bhliain laistigh den am a mbeidís á n-ullmhú féin don triail inniúlachta. Táim sásta go ndéanfaidh an scéim nua so a lán chun caighdeán labhairt na Gaeilge i measc na múinteoirí d'ardú agus go dtiocfaidh as sin go mbeadh feabhas mór ar theagasc labhairt na Gaeilge ins na scoileanna.
MEÁN-OIDEACHAS.
Dhá mhilliún, ocht gcéad seasca is trí mhíle, ceithre chéad is caoga púnt an t-iomlán atá dhá sholáthar le haghaidh Meán-Oideachais. Is £147,960 de mhéadú é sin ar sholáthar na bliana airgeadais 1960-61. Síolraíonn an méadú san ón bhfás atá ar líon na scoileanna, líon na múinteoirí agus líon na scoláirí. Le go léireofaí cé chomh tapaidh is atá an mheán-scolaíocht ag leathnú bhéarfaidh mé roint figiúirí do bhaill an Tí. San scoil-bhliain 1929/30 bhí 294 de mheánscoileanna ann agus 27,645 dalta iontu. Fiche bliain ina dhiaidh sin .i. sa scoil-bhliain 1949/50 bhí líon na scoileanna méadaithe go dtí 416 agus líon na ndaltaí méadaithe go 47,065. Sa scoil-bhliain reatha siad na comh-fhigiúirí ná 526 agus 76,843, fé seach.
Cloisimid oiread san trácht na laetheanta so i dtaobh tuarastal múinteoirí go mb'fhéidir nár mhiste roint fíoraí do thabhairt. Tá dhá chuid i dtuarastal meán-mhúinteora .i. an bun-thuarastal—minimum £200 sa bhliain—a íocann an scoil, agus an breis-thuarastal a íocann an Roinn. Nuair a cuireadh tús leis na scálaí breis-thuarastail a bhliain 1924-25 sé an scála a bhí ann d'fhear ó £12 go dtí £210 sa bhliain, agus ó £10 go dtí £120 sa bhliain do mhnaoi. Ní bhíodh aon bhreis-thuarastal iníoctha go dtí go mbíodh trí bhliain de thaithí curtha isteach ag an múinteoir.
Sa bhliain 1946 deineadh athrú sa scéal i dtreo go raibh breis-thuarastal iníoctha tar éis bliana de thaithí a chur isteach. Téann na scálaí breis-thuarastail atá i bhfeidhm fé láthair ó £260 go dtí £645 i gcás fir singil nó mná, agus ó £335 go dtí £870 i gcás fir phósta. Fé mar a dubhras cheana, minimum de £200 an tuarastal scoile, agus mar sin de, sé an scála minimum iomlán atá ag fear singil nó bean anois ná £460 go dtí £845 agus d'fhear pósta £535 go dtí £1,070.
Le cois an ghnáth-bhreis-thuarastail íocann an Roinn breiseanna speisialta ar son céim le h-onóracha—£48 sa bhliain—agus ar son teagaisc tré Ghaeilge—suas go dtí £37 16 sa bhliain—chomh maith le liúntas cíosa —ó £10 10 go dtí £42—agus liúntaisí leanaí—£28 an leanbh—le fir phósta agus baintreabhacha. Léiríonn na figiúirí sin cé chomh mór is feabhsaíodh na tuarastail ó 1924. Tá sé ina abhar casaoide, áfach, ag na múinteoirí óga nach bhfaigheann siad díolaíocht ón Stát sa chéad bhliain dá seirbhís. Tar éis dom gach gné den cheist san do mheas, táim sásta, má táimíd chun daoine óga a bhfuil abhar maith iontu a mhealladh chugainn, go bhfuil an t-am tagaithe chun an scéal sin a leigheas. Dá réir sin tá beartaithe agam scéim do cheapadh fén a mbeidh meánmhúinteoirí i riocht díolaíocht ón Stát ón lú Lúnasa seo chugainn i leith na céad bhliana dá seirbhís. Sé an tsuim airgid a bheadh i gceist ón Stát ná £200, ar na coinníollacha céanna ó thaobh cuóta is atá ann do na múinteoirí cláraithe aithinte. An díolaíocht sin ón Stát, i dteannta an tuarastail ón scoil, táthar ag súil go dtabhairfidh sé thar anás na céad-bhliana úd iad.
Níl fúm aon mhion-tagairt a dhéanamh do chlár na meán-scol. An fáth atá agam leis sin ná nach bhfuil breithniú déanta fós ar thuairisc na Comhairle Oideachais a cuireadh fá mo bhráid tamall o shoin. Tá an tuairisc sin ag na clódóirí fé láthair agus measaim nach fada eile go dtí go mbeidh sé foilsithe. Lorgófar tuairimí ina leith ansin ó na Cumainn Scoileanna agus ó dhreamanna eile go mbaineann an scéal leo.
Tá gné amháin d'obair na Meánscoileanna, áfach, go mba mhaith liom tagairt a dhéanamh di. Sí an ghné sin ná teagasc na hEolaíochta. Tá an teagasc san ar siúl anois i 440 scoil agus i 3,356 rang. Na figiúirí don bhliain roimhe sin ná 420 agus 3,076, fé seach. Léiríonn na figiúirí sin gur fóirleithne teagasc na hEolaíochta ná mar a chuirtear in iúl don phobal i gcoitinne.
Mar sin féin, cé gur fíor go dtugann an Roinn timpeall £40,000 de dheontas gach bliain do na scoileanna chun fearaistí eolaíochta a cheannach, ní féidir gan cuimhneamh air go ngabhann cuid mhór costais le saotharlainn eolaíochta do ghléasadh mar is cóir agus go mb'fhéidir go bhfuil ag dul dian ar chuid de na scoileanna ach go háirithe teacht ar an airgead chuige sin. Dá réir sin shocraigh mé i Mí Meán Fómhair seo caite imlitir agus ceistneoir a chur go dtí Bainisteoirí na Meán-Scoileanna ag lorg mion-eolais uathu i dtaobh theagasc na hEolaíochta. Ba mhór an chabhair na freagraí a fuarthas chun an scéal ar fad d'aithbhreithniú. De thoradh an aithbhreithnithe sin, tá beartaithe agam scéim a bheith ann fé n-a bhféadfaí, i gcúrsaí áirithe, cabhair mhaith airgid a thabhairt do scoil chun troscán saotharlainne chomh maith le gléasanna eolaíochta do cheannach. Tá mionseorthaí na scéime á ndéanamh amach fá láthair ag an Roinn, agus tá súil nach fada go mbeifear in ann gach uile eolas ina thaobh a chur chun na scoileanna.
CÉARD-OIDEACHAS
Milliún, sé chéad, seasca is trí mhíle, ocht gcéad agus seasca púnt an méid atá á iarraidh san bhliain airgeadais seo le haghaidh seirbhísí céard-oideachais. Is £156,840 de mhéadú é sin ar an méid a soláthraíodh anuraidh, agus an Meastachán Breise a ritheadh i ndeireadh na bliana airgeadais seo caite a chur i dteannta an bhun-mheastacháin.
Léiríonn táibhle na bhfó-mhírcheann i Leabhar na Meastachán an chaoi a bhfuil an t-airgead seo le caitheamh; i bhfoirm deontas do na coistí gairmoideachais, ár ndóigh, a caithfear an mhórchuid ar fad do. Os cionn £184,000 de mhéadú atá ar na deontais sin do réir mar atá léirithe san Mheastachán, ach nuair a áirítear an tsuim a bhí sa Mheastachán Breise úd a luaigh mé, isé breis ghlan atá á hiarraidh i leith na ndeontas seo, thar mar a soláthraíodh anuraidh, £151,416.
Is léir do gach éinne gur seirbhís é an céard-oideachas atá ag leathnú i gcónaí agus sílim go bhfuil gach éinne ar aon tuairim gur mór is inmhianta é sin. Sa bhliain 1959/60 bhí 279 ag soláthar teagaisc—isé sin, seacht scoileanna níos mó ná mar bhí ann bliain roimhe sin—agus bhí cúrsaí agus ranganna ar siúl, freisin, i bheagnach 500 ionad eile. Tháinig breis is 1,700 de mhéadú ar an líon daltaí a bhí ag freastal ar chúrsaí lán-aimsire lae in oideachas leanúna agus i gcéard-oideachas: 26,322 an líon a bhí ann don tseiseon atá caite. Mar an gcéanna, do méadaíodh ar líon na múinteoirí, idir mhúinteoirí lán-aimsire agus múinteoirí páirt-aimsire. Is mó de 32 an líon múinteoirí lán-aimsire a bhí ann sa tseiseon atá caite ná mar bhí sa tseiseon roimhe sin, agus is mó 218 an líon de mhúinteoirí páirt-aimsire. Is iad iomlán a bhí ann sa tseiseon dár chríoch Lúnasa, 1960, don dá aicme sin múinteoirí: 1,606 de mhúinteoirí lán-aimsireacha, agus 1,446 de mhúinteoirí páirt-aimsire.
Ach ní le statistic amháin a léirítear iomlán na forbairte sa tseirbhís ghairmoideachais agus chéardoideachais. Tá dlúthbhaint ag obair na ngairmscol le beagnach gach uile fhorbairt agus gné fhorais sa tsaol náisiúnta. Thrácht mé anseo anuraidh ar na Feirm-Scoileanna Geimhridh a bunaíodh tré chomhoibriú mo Roinne féin, na Roinne Talmhaíochta, na gcoistí talmhaíochta agus na gcoistí gairmoideachais. Leanadh dena scoileanna sin i rith an gheimhridh seo caite, agus is ábhar mór sástachta a fheabhas is d'éirigh leo. Níl aon amhras ann, i mo thuairim, ach gur tábhachtach ar fad iad na cúrsaí seo don tionscal talmhaíochta. An spéis a cuireadh iontu ó thús agus an t-éileamh a bhí agus atá orthu, léiriu is ea é ar cheann de na rudaí is luachmhaire dá bhfuil againn sa tír seo: isé sin, an fonn mór—an cíocras, d'fhéadfaí a rá —atá ar mhuintir na hÉireann chun glacadh le haon ghléas oiliúna nó oideachais a sholáthraítear dóibh, agus leas a bhaint as.
Tá oiread sin gnéithe den ghairmoideachas ann nach féidir dhom ar ócáid mar seo cur síos a dhéanamh orthu uilig—ná fiú iad a ríomh, ach tá gné amháin ach go háirithe de ar mhaith é a lua go speisialta i mbliana. Is é gné é ná an scéim chun muintir na tuaithe a oiliúint chun a gcuid tithe cónaithe a fheabhsú agus a chóiriú. Deich mbliana ó shoin, do cuireadh tús leis an scéim seo i gCondae Mhuigheo. Is amhlaidh a bhí ar intinn ag Coiste Gairmoideachais Chontae Mhuigheo cúrsa samhraidh Gaeilge a chur ar bun i nGaeltacht Acla, ach nuair a rinneadh breithniú ar na háiseanna lóistín a bheadh ann do dhaoine a thiocfadh ar an gcúrsa, fuarthas nár leor ar chor ar bith iad. Ba léir, mar sin, nár mhiste a gcéadóir na daoine a spreagadh agus cabhrú leo chun cúrsaí títhíoctha sa cheanntar a fheabhsú. Chuathas i gcionn oibre. Bunaíodh rang speisialta sa ghairm-scoil, agus sa rang sin do thug múinteoir adhmadóireachta de chuid an Choiste teagasc agus treoir agus comhairle do mhuintir na háite ar an gcaoi lena gcuid tithe cónaithe d'fheabhsú. Leagadh amach pleananna chun tithe a mhéadú agus chun atógáil a dhéanamh fé mar ba ghá; tugadh comhairle i dtaobh córais uisce agus folláineachta a chur sna tithe; tugadh teagasc agus bunoiliúint sna céardanna foirgníochta—siúinéireacht agus mar sin de. Chuaigh lucht na dtithe ag obair, agus chuaigh an múinteoir thart ag féachaint ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh agus ag comhairliú. D'éirigh go rí-mhaith leis an scéim—chomh mhaith sin go raibh cúrsaí den chineál céanna in Acaill gach bliain ó 1952 i leith. Sa tréimhse sin, tógadh ceithre cinn déag de thithe nua sa cheantar, deisíodh agus leathnaíodh ag tarraingt ar chéad teach, agus cuireadh seomraí folcadáin agus leithris uisce isteach i seachtó teach. Aithneofar gur mór an éacht é sin in aon cheanntar tuaithe amháin.
As an ngluaiseacht seo a tionscnaíodh in Acaill thainig fás. Chonnacthas go bhféadfaí leas mór ar an dul céanna a dhéanamh ar fud Éireann uile tré dhaoine a oiliúint agus a threorú le deiseanna cónaithe níos fearr a chur ar fáil dóibh féin. Cinneadh ar aicme speisialta múinteoirí a oiliúint don obair seo. Sa bhliain 1954, hoileadh an chéad dream de mhúinteoirí foirgníochta le dul ag obair faoi choistí gairmoideachais. Ghlac na coistí ina bhfostaíocht iad láithreach. Ritheadh an dara cúrsa trí bhliain ina dhiaidh sin chun tuilleadh múinteoirí a sholáthar le freastal ar éileamh na gcoistí. Ocht nduine agus triocha de na múinteoirí seo atá ag obair faoi choistí anois, agus ní leor an méid sin. Tá cúrsa oiliúna eile ar siúl faoi láthair agus beidh ceithre dhuine dhéag eile de na múinteoirí seo ann do thús an tseiseoin seo chugainn.
Is beag condae sa tír nach bhfuil múinteoir foirgníochta amháin, ar a laghad, ag obair ann anois: i gcontaethe áirithe—luaim, mar shomplaí Contae na Gaillimhe agus Contae Dhún na nGall—tá triúr, agus éileamh ar tuilleadh. I dteannta an taoibh phraicticiúil den obair thógála a theagasc agus a léiriú, tugann na múinteoirí seo eolas agus treoir maidir leis na deontais atá le fáil ó Ranna Stáit agus ó údaráis áitiúla i leith tógáil agus feabhsú tithe cónaithe. Teachta ar bith nach bhfuil eolas aige ar a bhfuil de mhaitheas á dhéanamh faoin scéim seo ar fud na tíre, b'fhiú dhó dul ag breathnú cuid den obair dó féin. Ba ghealadh croí agus ardú meanman dó é.
Dá mhéid an toradh atá ar an scéim seo, ó thaoibh chompóirt agus glaine agus sláinte, ní lú ná sin a thoradh ó thaobh tréithe caractair agus meoin an duine féin. An duine a fhoghlamaíonn dó féin an tslí chun meabhair a chinn agus achmire a lámh a chur ag obair lena leas féin agus le leas a theaghlaigh agus a mhuintire, is crediúint é dá mhuintir agus dá thír. Agus aon teagasc nó oiliúint a chothaíonn spiorad an nea-spleachais agus a spreagann an duine le meas a bheith aige air féin agus ar a shaothar féin, is deaoideachas é.
Tá mórán gnéithe eile den obair atá ionmholta go mór a bhfuil freastal á dhéanamh orthu faoi na scéimeanna gairmoideachais ar fud na tíre. Gan na gairmscoileanna ní fada a raghadh an tionsclaíocht agus na monarchana atá á mbunú thall is i bhfus, thíos agus thuas, ar fud na tíre, sé sin dá mba ann dóibh ar chor ar bith gan na gairmscoileanna. Is ag méadú i gcónaí a bheidh cúram na gcoistí. Ag féachaint siar dúinn ar a fheabhas is chruthaigh na coistí, an lucht riaracháin agus na múinteoirí i gcomhlíonadh a ndualgais do mhuintir na hÉireann go dtí seo, ní gá dhúinn bheith faoi imní ina leith sin faoin am atá le teacht. Tá an dubhshraith leagtha go daingean; ba mhór é an t-ualach a bheadh ró-throm le hiompar ag an dubhshraith chéanna sin.
EOLAIOCHT AGUS EALAÍ.
Dá chéad dachad is a hocht míle, sé chéad is ochtó púnt an t-iomlán atá á lorg fén Vóta so. Ceithre mhíle trí chéad is caoga púnt de mhéadú é sin ar an iomlán a soláthraíodh don bhliain seo caite trén bhun-mheastachán agus meastachán breise. Cuid de na nithe go bhfuil breis airgid ag teastáil dóibh, measaim nár mhiste dom tagairt ar leith a dhéanamh dóibh.
Tá £600 breise ag teastáil le haghaidh scoláireachtaí Iolscoile de bhrí go bhfuil socair líon na scoláireacht Iolscoile do lucht na Gaeltachta do mhéadú ó chúig cinn go dtí cúig cinn déag in aghaidh na bliana. Tá forbairt an-mhór ar ghnéithe áirithe d'imeachtaí Oireachtais na Gaeilge, go háirithe, ó thaobh cúrsaí Ceoil agus Drámaíochta dhe. Is chun cabhrú leis an bhforbairt sin atá £500 sa mbreis á sholáthar. An leathnú an-mhór ar obair na gColáistí Samhraidh agus ar líon na scoláirí iontu a ndearna mé tagairt dó anuraidh tá san ann i gcónaí sa tslí go bhfuiltear sásta go gcaithfear £1,000 sa bhreis a chur ar fáil dóibh.
Sé fáth go bhfuil gá le £1,000 eile a thabhairt do Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann ná gurbh éigin do Ghobharnóirí an Acadaimh tabhairt fé scéim deisiúcháin ana-phráinneach a gcás an fhoirghnimh atá acu.
Tá £8,300 de laghdú ar an soláthar d'foilsitheoireacht Gaeilge. Ní hamhlaidh nach bhfuil scríbhinní oiriúnacha á gcur ar fáil len a bhfoilsiú. Tá níos mó scríbhinní curtha agus á gcur in eagar le haghaidh clódóireachta i láthair na huaire ná mar a bhí le roinnt mhaith bhlian anuas. Bhí, áfach, oiread san de bhrú ar na clódóirí nár bh'fhéidir i gcaitheamh na bliana so caite an dul chun cinn a dhéanamh leis an gclódóireacht a rabhthas ag súil leis. Mar sin de, ní bheidh oiread cuntas le glanadh sa bhliain airgeadais reatha is a bheadh sa ghnáth-shlí. Sin é fáth an laghdú san soláthar.
SCOILEANNA CEARTÚCHÁIN AGUS SCOILEANNA SAOTHAIR.
Dhá chéad dachad is ceithre mhíle, céad is ochtó púnt atá á lorg fén Vóta so. Is lú de £9,990 é sin ná meastachán na bliana so caite. Sé is cúis leis an ísliú ná go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh laghdú i líon na leanaí a bheidh fé choimeád ins na scoileanna saothair i rith na bliana 1961/62.
An titim i líon na leanaí ins na Scoileanna Saothair go ndearnadh tagairt di le roinnt bhlian anuas, tá sin ann i gcónaí. In 48 de Scoileanna Saothair bhí 1,965 de chailíní agus 1,765 de bhuachaillí ag deireadh na bliana 1960 i gcomparáid le 2,043 agus 1,826, faoi seach, ag deireadh na bliana 1959. Ins na Scoileanna Ceartúcháin tá méadú i líon na mbuachaillí atá fé choimeád. Bhí 183 de bhuachaillí fé choimeád ar an 31ú Nollaig, 1960, i gcomparáid le 173 ar an 31ú Nollaig, 1959. Bé líon a bhí ins an dá Scoil do na cailíní ar an dátaí céanna ná 36 agus 34 fé seach.
Tá scoileanna náisiúnta dá gcuid fhéin ag 20 de na Scoileanna Saothair agus i gcás na codach eile, 28, de na Scoileanna Saothair freastalann na páistí ar scoileanna náisiúnta sa chomharsanacht.
Cuid de na páistí ins na scoileanna saothair faghann siad iarbhunoideachas tré scoláireachtaí a bhuachaint nó de thoradh socruithe speisialta a dhéanann lucht stiúrtha na scoileanna dóibh.
Thagair mé anuraidh do shuíomh a bheith tofa don fhoirgneamh nua atá beartaithe a sholáthar in ionad na háite coinneála i dTeach Mhaolbhríde, Glasnaíon. Thárla sa deireadh nár bhfhéidir an suíomh sin a fháil agus bhí deacrachtaí ag baint le suíomh oiriúnach eile a aimsiú. Ábhar áthais dom anois a rá go bhfuil suíomh nua níos fearr ná an chéad cheann ar fáil agus go bhfuil gnóthaíocht ar siúl faoi láthair chun seilbh a fháil air. Tá mé ag súil anois nach ró-fhada go dtosnófar ar thógáil an fhoirgnimh agus tá de rún agam gach is féidir a dhéanamh chun dlús a chur leis an obair.
INSTITIÚID ARDLÉINN BHAILE ÁTHA CLIATH.
Ochtó trí mhíle, ocht céad is ochtó púnt an meastachán don Institiúid Ardléinn, sé sin, £1,570 níos lú ná an soláthar don bhliain seo caite. Thárla an laghdú san ann de bhrí nár ghá soláthar chomh hárd is a rinneadh anuraidh do dhéanamh le haghaidh oibreacha caipitiúla.
IOLSCOILEANNA AGUS COLÁISTÍ.
Sé iomlán an tsoláthair le haghaidh gnóthaí reatha ins na hIolscoileanna agus Coláistí ná £985,130. Caoga is a naoi míle, cúig chéad púnt de mhéadú é sin ar sholáthar na bliana seo caite. Ocht is cúig mhíle púnt an meastachán iomlán de chaiteachas caipitiúil, sé sin, £24,000 de mhéadú ar sholáthar na bliana seo caite. An méadú atá ann le haghaidh gnóthaí reatha, tagann sé sin as an meastachán de riachtanais iolscoile a rinneadh athrú anuraidh. An méadú sa chúntas caipitiúil as an soláthar i gcóir foirgneamh eolaíochta i gColáiste Iolscoile na Gaillimhe a thagann sé sin.
AN tÁILÉAR NÁISIÚNTA.
Trí mhíle déag, naoi gcéad agus ochtó púnt atá á sholáthar sa Bhóta seo, sé sin, £610 de mhéadú ar sholáthar na bliana seo caite. An chuid is mó den mhéadú sin, séard tá an soláthar i leith na ngnáth-incrimíntí tuarastail.