Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 11 Oct 1961

Vol. 192 No. 1

Election of Ceann Comhairle.

Tairgim:

Go dtoghfar an Teachta Pádraig Ó hÓgáin (An Clár) agus go rachaidh sé i gceannas mar Cheann Comhairle.

I move that Deputy Patrick Hogan (Clare) be elected and do now take the Chair of the Dáil.

Cuidím leis an Tairiscint sin.

I second the motion.

Chuir an Cléireach an cheist: "Go dtoghfar an Teachta Pádraig Ó hÓgáin (An Clár) agus go rachaidh sé i gceannas mar Cheann Comhairle" agus aontaíodh leis d'aon-ghuth.

Cléireach na Dála

Iarraim anois, thar bhur gceann, ar an Teachta Pádraig Ó hÓgáin, comhalta do Dháilcheantar Chontae an Chláir, dul i gceannas ar an Seactú Dáil Éireann Déag seo.

I now call, in your name, on Deputy Patrick Hogan, member for the County Constituency of Clare, to take the Chair of this, the Seventeenth Dáil Éireann.

Whereupon the Deputies rose in their places and remained standing while the Ceann Comhairle proceeded to the Dais.

Standing beside the Chair, the Ceann Comhairle, addressing the Dáil, said:

A Chomh-Theachtaí, is mór an onóir dom mé a thoghadh d'aon-ghuth mar Cheann Comhairle agus is mór an onóir liom é. Ní fuirist na dualgais a bhaineann leis an bpost seo do chomhlíonadh ach déanfaidh mé mo dhícheall iad a chomhlíonadh chomh maith agus atá im chumas, gnó na Dála a stiúradh mar is cóir, agus comhthrom na Féinne a thabhairt do gach aon Teachta de réir na mBuan Órduithe. Tá súil agam go bhfaighidh mé cabhair agus cúnamh ó gach aon Teachta sa Dáil chun mo dhualgais a chomhlíonadh i gceart. Gabhaim m'fhíor bhuíochas leis na Teachtaí go léir as ucht na honóra móire seo a tugadh dom.

Fellow Deputies, it is indeed a great honour to be selected unanimously as Ceann Comhairle of this Dáil. I appreciate it as such. It is not easy always to discharge the duties of Ceann Comhairle, but I shall do my best to carry out those duties properly, to direct the proceedings of the Dáil in a proper way and to secure cothrom na Féinne, fair play, for every Deputy according to Standing Orders. I feel I shall get help from every side of the House in endeavouring to discharge my duties. I desire to extend to every Deputy my sincere thanks for the great honour conferred on me.

Barr
Roinn