den Aire Oideachais cé mhéid faoin gcéad de na múinteoirí sna scoileanna náisiúnta a bhí oilte mar mhúinteoirí sna blianta seo a leanas: 1926, 1936, 1946, 1950, 1956, 1960 agus 1961.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Múinteoirí Náisiúnta.
78. D'fhriafraí
Na figiúirí i dtaobh múinteoirí a hullmhaíodh roimh 1956 nílid i riocht a chuirfeadh ar mo chumas an t-eolas atá ag teastáil ón dTeachta a thabhairt dó d'aon bhliain roimhe sin. Tá beartaithe agam, led' chead a Cheann Comhairle, táible a sholáthar leis an dTuairisc Oifigiúil a léireoidh an scéal de 1956 agus don dá bhliain eile.
Seo leanas an táible:
Líon faoin gcéad de na múinteoirí sna Scoileanna Náisiúnta a bhí oilte.
Bliain |
Líon iomlán na múinteoirí sna scoileanna |
Líon faoin gcéad a bhí oilte |
1956 |
13,843 |
75% |
1960 |
14,412 |
79% |
1961 |
14,530 |
80% |