Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 Jun 1963

Vol. 203 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Arranmore Island (Donegal) Winches.

49.

asked the Minister for the Gaeltacht if, in view of the fact that the salmon-fishing season is now in full progress, he will have winches erected at the landings on Arranmore Island, County Donegal, as soon as possible to facilitate the fishermen in preserving and safeguarding their boats.

Tá curtha in iúl ag mo Roinn-se do Chomhairle Chontae Dhún na nGall go bhfuiltear sásta an cheist a bhreithniú i dtaobh deontas 100 per cent a chur ar fáil chun crann tochrais a thógáil ag Aphort agus tá iarrtha ar an gcomhairle chontae meastachán costais a sholáthar, más rud é go bhfuilid sásta an obair a dhéanamh agus cúram cothabhála an trealaimh a ghlacadh orthu féin. Tá réamhscrúdú déanta ag mo Roinn-se ar thograí maidir le crainnte tochrais a chur ar fáil ag Leab Garbh, Poll an Mhadaidh agus Tráigh an Chaiseal agus déanfar tairiscint amhail mar a cuireadh ar aghaidh i gcás Aphoirt a sheoladh chun na comhairle contae i ndáil leis na tograí sin sar i bhfad.

Barr
Roinn