Tairgim go léitear an Bille an Tarna hUair.
Faoi mar atá leagtha amach sa Pháipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge, is é aidhm atá le beartas an Rialtais don Ghaeltacht gníomhaíochtaí oiriúnacha eacnamaíocha a spreagadh agus a fhairsingiú agus cúrsaí sóisialacha a fheabhsú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag na daoine a chónaíonn sa Ghaeltacht, agus arb í an Ghaeilge a ngnáthurlabhra, chun fostaíocht shochrach a fháil agus caighdeáin réasúnta mhaireachtála a bheith acu. Tá sé ráite sa Pháipéar Bán chomh maith go bhfuil an Rialtas tar éis a chinneadh go gcaithfidh Gaeltarra Éireann bheith ina phríomhghléas chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha de chineál tionsclaíoch a fhorbairt i ngach limistéar Gaeltachta. Is chun a chur ar chumas Ghaeltarra Éireann an cúram sin a ghlacadh air féin a ullmhaíodh an Bille seo.
Bunaíodh Gaeltarra Éireann mar bhord reachtúil faoin Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, agus tá sé ag gabháil do bhréidín, earraí cniottáilte, bróidnéireacht agus bréagáin a tháirgeadh sa Ghaeltacht. Luach timpeall £725,000 de na táirgí sin a díoladh sa bhliain 1964-65. Timpeall 780 oibrí atá i bhfostaíocht lánaimsire i bhfoirgnimh le Gaeltarra agus fairis sin tá suas le 1,000 i bhfostaíocht pháirtaimsire ina dtithe féin; tuairim is £350,000 a íocadh leo mar phá sa bhliain 1964-65. Tá monarchana nua tógtha agus feabhas curtha ar mhodhanna oibre ag Gaeltarra agus tá méadú ag teacht de réir a chéile ar líon na bhfostaithe agus ar luach na ndíolachán i gcoitinne. Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil eager maith anois ar Ghaeltarra chun na tionscail atá idir lámha aige cheana féin a chur chun cinn. Tá gá le tionscail eile, áfach, chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht.
Is é cuma ina raibh an scéal go dtí seo go mbíodh ar Ghaeltarra Éireann gníomhú ina aonar ach beidh ar a chumas feasta—faoi alt 3 den Bhille seo—páirt a ghlacadh le daoine eile chun tionscail agus scéimeanna somhaoineacha fostaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht. De dhroim na cumhachta nua seo tá súil againn go n-éireoidh le Gaeltarra a áiteamh ar thionsclaithe fiúntacha, a bhfuil eolas teicniúil agus teacht ar mhargaí acu, gurbh fhiú dóibh bheith páirteach i bhforbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht.
I gcás comhlachta a bhunóidh tionsclaí dá leithéid sin i gcomhar le Gaeltarra Éireann, beidh cumhacht ag Gaeltarra, le toiliú an Aire, deontas a thabhairt chun tionscal oiriúnach a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, páirt ghníomhach a ghlacadh i reachtáil an tionscail ar mhaithe leis an nGaeltacht. I gcás mar sin ní bheidh aon deontas le fáil ón bhForas Tionscal ach, más mian le héinne tionscal a bhunú sa Ghaeltacht gan dul i gcomhar le Gaeltarra Éireann, féadfaidh sé deontas a lorg ón bhForas Tionscal go fóill mar a dhéantar faoi láthair. Ní miste a lua go bhfuil rannóg taighde agus forbartha ag Gaeltarra cheana chun tograí a bhreithniú le haghaidh tionscal nua a bheadh oiriúnach lena mbunú sa Ghaeltacht.
Chun miontionscadail shomhaoineacha a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus cabhair chuige sin a thabhairt do dhaoine, gan dul i bpáirtíocht leo, beidh cumhacht ag Gaeltarra Éireann deontais suas go dtí £2,000 a chur ar fáil. Cé nach mbeidh mórán airgid i gceist in aon chás ar leith díobh siúd, tá tábhacht nach beag leis an gcumhacht seo ar an ábhar go gcuirfidh sí ar chumas Ghaeltarra ceirdeanna agus tionscail bheaga a chothú ar fud na Gaeltachta.
Mar gheall ar a thábhachtaí atá na cumhachtaí breise atá á dtabhairt do Ghaeltarra Éireann, measadh go rachadh sé chun tairbhe don Bhord líon na gcomhaltaí a ardú ó chúigear go dtí seachtar. Tá sé sin á dhéanamh in alt 4 den Bhille.
Níor leor cumhachtaí breise a thabhairt do Ghaeltarra Éireann gan cumas airgid a thabhairt dó chun na cumhachtaí sin a chur i bhfeidhm. Tá an cumas sin á thabhairt in ailt 6 agus 7 den Bhille. Faoi na hailt sin, saorfar Gaeltarra ón dliteanas atá air chun aisíoc a dhéanamh i leith luach na sóchmhainní — £700,000 — a aistríodh chuige nuair a bunaíodh é i 1958 agus i leith méid na n-airleacan—£355,000— a tugadh dó roimh 1 Aibreán, 1965. Ina theannta sin, ní bheidh air na hairleacain a thabharfar dó feasta a aisíoc go dtí go mbeidh brabús ar a ghníomhaíochtaí. Is le haghaidh gnóthaí caipitil a thugtar na hairleacain atá i gceist. As an bPríomh-Chiste a íoctar iad agus is cabhair iad de bhreis ar na deontais bhliantúla a thugtar do Ghaeltarra as Vóta Roinn na Gaeltachta. Tá uasteorainn £500,000 leis na hairleacain faoi Acht 1957 agus tá an teorainn sin á hardú anois go dtí £2,000,000.
Tuigfidh an Dáil óna bhfuil ráite agam go bhfuil réim fhairsing chumhachta agus soláthar fial airgid á dtabhairt againn do Ghaeltarra Éireann faoin mBille seo. Is fíor a rá go bhfuil saoráidí speisialta, nach bhfuil a leithéid ag aon chomhlacht Státurraithe eile, á gcur ar fáil do Ghaeltarra anois. Nuair a bheidh an Bille ina Acht cuirfidh sé tús le ré úr forbartha i ngnóthaí Ghaeltarra Éireann; tabharfaidh sé cumas nua feidhme don eagraíocht sin; tabharfaidh sé uchtach do chomhaltaí an Bhoird agus dá lucht oibre; agus tabharfaidh sé deiseanna saothraithe agus misneach do mhuintir na Gaeltachta.
D'fhógair an Rialtas sa Páipéar Bán go spreagfaí Gaeltarra Éireann chun feidhm dhearbhfhóinteach a dhéanamh le tacaíocht chaipitil ón Stát d'fhonn dlús a chur leis an tionsclaíocht sa Ghaeltacht. Is léir ón mBille seo go bhfuil an gheallúint sin á comhlíonadh anois agus go mbeidh cumhachtaí agus airgead go leor ar fáil do Ghaeltarra feasta.
Iarraim ar an Dáil glacadh leis an Dara Céim den Bhille.