Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £23,672,000 chun slánaithe na suime is gá chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Mhárta, 1966, le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh Ildeontas.