d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phleananna fós aige le monarchana d'aon chineál a chur ar bhun in aon cheantar Gaeltachta; agus, má tá, ráiteas iomlán a dhéanamh faoi na pleananna sin.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunú Monarcha sa Ghaeltacht.
68. D'fhiafraígh
Ritheadh Acht i mí Iúil seo caite chun tuilleadh cumhachta a thabhairt do Ghaeltarra Éireann atá anois ina phríomhghléas chun tionscail a fhorbairt sa Ghaeltacht. Tá pleananna i bhfeidhm chun an dualgas sin a chomhlíonadh ach ní thabharfar poiblíocht do bhunú aon tionscail go dtí go ndéanfar socrú cinnte ina thaobh. Tuigfear, ar ndóigh, gur mian le Gaeltarra Éireann dul i gcomhairle le duine ar bith a bhfuil fonn air monarcha a chur ar bun sa Ghaeltacht.
Question No. 69 postponed.