Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 Feb 1966

Vol. 221 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foirmeacha Bhanc Taisce an Phoist.

38. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa cén uair a bheas foirmeacha iomlána clóbhuailte le fáil as Gaeilge i mBanc Taisce an Phoist, Baile Átha Cliath, ag daoine ar mian leo airgead a arthrú go reachtúil Ó ainm duine eile go dtí a n-ainm féin sa Bhanc sin; cá fada atá daoine mar sin ag fanacht lena gceart reachtúil; agus cén cuiteamh atá ar intinn ag an Aire a íoc leo ar son airgid atá ina luí sa Bhanc sin gan tairbhe dóibh.

Deintear foirm ar bith de chuid an Bhainc Taisce, is cuma an i nGaeilge nó i mBearla í, a chló-bhualadh ná bhíonn a lán cóipeanna dí ag teastáil. I gcásanna eile, deintear an fhoirm do chur í gcló ar chlóinneal iomrothlach nó ar chlóscríobhán, is cuma cén teanga a úsáidtear.

Tá an fhoirm a ndeineann an Teachta tagairt dí ar fáil i leagan clóscríofa faoi latháir, ach tá sé ar intinn í a chló-bhualadh amach anseo. Ní dheineann sé aon dhifríocht do cheart reachtúil an duine cén tslí ina gcuirtear an fhoirm ar fáil.

Bíonn, ar ndoigh, brabach ar airgead atá ina luí sa Bhanc mar leanann biseach air go dtí go n-aisíoctar é.

An í seo an fhoirm atá i gceist ag an Aire?

Foirm chlóscríofa atá ar fáil ach is foirm chlóbhuailte atá ag an Teachta.

Seo í an fhoirm a bhí ag an té a bhí in Oifig an Phoist. Tá na focail "Saorstát Éireann" scríofa ar a barr. Nach bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil an Saorstát ag túirt an fhéir le fada an lá?

Tá go deimhin. Foirm chlóbhuailte atá ag an Teachta agus ní h-é sin an cineál foirme a tugadh dó san oifig. Do cuireadh an fhoirm tré thine san oifig.

Níor chuala mé freagra an Aire.

Do chuir an duine atá i gceist an fhoirm tré thine.

Barr
Roinn