A Cheann Comhairle, b'áil liom cead a chur in iúl, mar eolas don Dáil,
(1) gur chuireas in iúl don Uachtarán go raibh Dáil Éireann tar éis comhaontú le mé d'ainmniú na dTeachtaí chun bheith ina gcomhaltaí den Rialtas agus gur cheap sé iad dá réir sin an 16ú Samhain, 1966;
(2) go bhfuilim tar éis Proinsias Mac Aogáin d'ainmniú an lá céanna chun bheith ina Thánaiste;
(3) go bhfuilim tar éis na Ranna Stáit a shannadh an lá céanna do na comhaltaí den Rialtas mar leanas:—
An Roinn Gnóthaí Eachtracha |
Proinsias Mac Aogáin, |
An Roinn Iompair agus Cumhachta agus an Roinn Poist agus Telegrafa |
Erskine Childers, |
An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh |
Niall Bléine, |
An Roinn Rialtais Áitiúil |
Caoimhghín Ó Beoláin, |
An Roinn Tailte agus Roinn na Gaeltachta |
Micheál Ó Móráin, |
An Roinn Cosanta |
Micheál Hilliard, |
An Roinn Saothair |
Pádraig Ó hIrighile, |
An Roinn Airgeadais |
Cathal Ó hEochaidh, |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Brian Ó Luineacháin, |
An Roinn Leasa Shóisialaigh |
Seosamh Ó Braonáin, |
An Roinn Oideachais |
Donnchadh Ó Máille, |
An Roinn Tionscail agus Tráchtála |
Seoirse Ó Colla, |
agus |
|
An Roinn Sláinte |
Seán Ó Flannagáin; |
agus |
(4) go bhfuil an Rialtas tar éis na Teachtaí seo a leanas a cheapadh an lá céanna chun bheith ina Rúnaithe Parlaiminte mar leanas:—
Mícheál Mac Cárthaigh |
Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an |
Aire Cosanta, |
|
Pádraig Ó Braonáin |
Rúnaí Parliaminte an Aire Rialtais Áitiúil, |
Séamus Mac Giobúin |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais, |
Pádraig Ó Fachtna |
Rúnaí Parlaiminte Aire na Gaeltachta, |
Pádraig Ó Leathlobhair |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Poist agus Telegrafa agus an Aire Iompair agus Cumhachta, |
agus |
|
Eoin Ó Dabharáin |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh. |