asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that the roadway at the bottom of Cruit Island, County Donegal has been recently washed away; and that this was the only approach way to the shore for transport to Owey Island; and if he will immediately make a grant available for its repair.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Island Road.
Tá deontas lánchostais ceadaithe agam le tamall chun casán a dhéanamh agus feabhas a chur ar na saoráidí calaíochta ag Dumhach Beag, Oileán Cruit, agus is ceist don chomhairle chontae an láithreán a chur ar fáil. Dá mbeadh an casán sin déanta ní dócha go mbeadh gá leis an mbóithrín atá i gceist ag an Teachta.
An bhfuil an tAire sásta deontas a thabhairt do Chomhairle Condae Tír Chonnaill chun an bealach seo a dheisiú do mhuinntir an oilean seo? Bhfuil sé sásta deontas den tsort seo a thabhairt don obair seo?
Níl le rá agam ach go bhfuil deontas ceadaithe agam le tamall chun casán a sholáthair ar an oileán seo. Is ceist é don Chomhairle Condae láithreán a sholáthair ach tá deacracht eigin faoin dtideal ann. Is ceist i idir an Comhairle Condae agus an duine a bhfuil an talamh leis.
Déanfaidh sé sin do ghnó.