Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 30 May 1968

Vol. 235 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais d'Irisí agus d'Eagraíochtaí.

41. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cé mhéid airgid as an Státchiste a íocadh anall go dtí an 31 Márta, 1967, ó tosaíodh a íoc na ndeontas an chéad uair (a) le gach iris Ghaeilge, (b) le foilsitheoirí príobháideacha leabhar Gaeilge; agus an méid leabhar atá i gceist, (c) le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, (d) le Coiste an Oireachtais, (e) le Cumann Drámaíochta na Scol, (f) leis an gComhar Drámaíochta, (g) le Gael-Linn agus (h) le Cumann na Scríbheann nGaedhilge agus faisnéis a thabhairt maidir le hirisí agus le heagraíochtaí éagsúla.

Ós i bhfoirm táibhle atá an teolas tá sé á chur sa Tuairisc Oifigiúil, le do cheadsa, a Cheann Comhairle.

Ag seo a leanas an táibhle:

IRISÍ GAEILGE.

£

Comhar

25,890

Inniu

136,705

Feasta

25,185

Ar Aghaidh

2,763

An tUltach

3,381

Tir na nÓg

20,611

Galvia

4,012

Timire an Chroí Naofa

546

Amárach

7,040

Is i leith na tréimhse go 31 Márta, 1965, a bhaineann na figiúirí seo. Aistríodh an tseirbhís seo go Roinn na Gaeltachta ó thús na bliana airgeadais 1965-66.

EAGRAÍOCHTAÍ

£

(a) An tOireachtas

34,950

(a) Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

237,512

(a) Gael-linn Gearrscannáin i nGaeilge

25,644

Cumann drámaíochta na Scol

25,757

(a) An Comhar Drámaíochta

70,000

(b) Foilsitheoirí Príobháideacha

131,508

Cumann na Scríbheann Gaeilge

1,000

(a) Is i leith na tréimhse go 31 Márta, 1965, a bhaineann na figiúirí seo. Aistríodh na seirbhísí seo go Roinn na Gaeltachta ó 1 Aibreán, 1965.

(b) Foilsíodh 192 leabhar ag na Foilsitheoirí príobháideacha sa tréimhse darbh chríoch 31 Márta, 1967.

Barr
Roinn