Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 30 May 1968

Vol. 235 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Íocaíochtaí d'Irisí agus d'Eagraíochtaí.

47. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid as an Státchiste a íocadh anall go dtí an 31 Márta 1967, ó tosaíodh a íoc na ndeontas on chéad uair (a) le gach iris Ghaeilge, (b) le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, (c) le Coiste an Oireachtais, (d) le Conradh na Gaeilge, (e) leis an gComhar Drámaíochta agus (f) le Gael-Linn agus faisnéis a thabhairt maidir le hirisí agus le heagraíochtaí éagsúla.

Ní raibh deontais d'irisí Gaeilge ná d'eagrais Ghaeilge á n-íoc ag mo Roinnse roimh 1 Aibreán, 1965. Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas faoi na deontais a íocadh sa dá bhliain dar chríoch 31 Márta, 1967, agus tá beartaithe agam, le do cheadsa, a Cheann Comhairle, é a chur ar fáil sa tuairisc oifigiúil.

Seo a leanas an tábla:—

An méid a íocadh ó 1/4/65 go 31/3/67

£

Irisí Gaeilge:

Inniu

36,660

Amárach

6,860

Comhar

5,060

Feasta

4,400

Tír na nÓg

3,284

An tUltach

2,040

Agus

2,160

Ar Aghaidh

516

Timire an Chroí Ró-Naofa

400

Galvia

115

Eagrais Ghaeilge (Deontais-i- gCabhair):

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

42,000

Coiste an Oireachtais

6,000

Conradh na Gaeilge

19,500

An Comhar Drámaíochta

7,100

Gael-Linn*

12,500

* Íocadh deontais £8,500 le Gael-Linn sa tréimhse chéanna chun cabhrú le gearrscannáin Ghaeilge a sholáthar agus, ina theannta sin, fuair siad cabhair ón Roinn ó 1959 i leith faoi scéimeanna éagsúla nach raibh teoranta do Ghael-Linn mar eagras.

Táim lán sásta leis an bhfreagra sin.

Barr
Roinn