A Cheann Comhairle, b'áil liom cead a chur in iúl, mar eolas don Dáil:
(1) gur chuireas in iúl don Uachtarán go raibh Dáil Éireann tar eis comhaontú le mé d'ainmniú na dTeachtaí chun bheith ina gcomhaltaí don Rialtas agus gur cheap sé iad dá réir sin an 2ú lá den mhí seo;
(2) go bhfuilim tar éis Erskine Childers d'ainmniú an lá céanna chun bheith ina Thánaiste;
(3) go bhfuilim tar éis na Ranna Stáit a shannadh an lá céanna do na comhaltaí den Rialtas mar leanas:—
An Roinn Sláinte |
Erskine Childers, |
An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh |
Niall Bléine, |
An Roinn Rialtais Áitiúil agus an Roinn Leasa Shóisialaigh |
Caoimhghín Ó Beoláin, |
An Roinn Dlí agus Cirt |
Micheál Ó Móráin, |
An Roinn Gnóthaí Eachtracha |
Pádraig Ó hIrighile, |
An Roinn Airgeadais |
Cathal Ó hEochaidh, |
An Roinn Iompair agus Cumhachta |
Brian Ó Luineacháin, |
An Roinn Saothair |
Seosamh Ó Braonáin, |
An Roinn Tionscail agus Tráchtála agus Roinn na Gaeltachta |
Seoirse Ó Colla, |
An Roinn Tailte |
Seán Ó Flannagáin, |
An Roinn Oideachais |
Pádraig Ó Fachtna, |
An Roinn Cosanta |
Séamus Mac Giobúin, |
agus |
|
An Roinn Poist agus Telegrafa |
Pádraig Ó Leathlobhair. |