Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 11 agus 12 le chéile.
Glacaim agam gur deontais faoi Scéim no Saoráidí Saoire sa Ghaeltacht atá i gceist ag an Teachta. Faoin scéim sin is amhlaidh a thugtar deontais d'iarratasóirí cáilithe chun seomraí do chuairteoirí a chóiriú, a fheistiú agus a throscánú agus chun dealramh na dtithe ón taobh amuigh a fheabhsú. Ní théann an deontas i gcás ar bith thar trí cheathrú an chostais cheadaithe nó suim £200, cibé acu is lú. Tá córas ann chun féachaint chuige go gcomhlíonfar coinníollacha na scéime nó go n-áisíocfar an deontas. Suim £88,272 san iomlán atá íoctha i leith na saoráidí uile faoin scéim ó tugadh isteach í sa bhliain 1968 agus is iad seo a leanas na híocaíochtaí sna contaetha ar leith:—
|
£
|
Dún na nGall
|
54,464
|
Maigh Eo
|
400
|
Gaillimh
|
10,289
|
Ciarraí
|
14,717
|
Corcaigh
|
6,932
|
Port Láirge
|
1,470
|