Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Jul 1970

Vol. 248 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann Workers.

26.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware of the pending dismissal of a number of workers in Gaeltarra Éireann toy factory at Elly Bay, Bingamstown, Belmullet, County Mayo; and what steps he proposes to take to have the livelihood of such workers protected.

27.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that dismissal notices have been served on a number of workers at Gaeltarra Éireann toy factory at Spiddal, County Galway; and what steps he will take to have these notices withdrawn.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Céisteanna uimh. 26 agus 27 le chéile.

Deacrachtaí trádála a thug ar Ghaeltarra Éireann an fhostaíocht a laghdú agus táthar tar éis an scéal a mhíniú do na fostaithe agus ráiteas a chur amach ina thaobh.

28. D'fhiafraigh an

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil a fhios aige go bhfuil oibrithe sa Spidéal ar suí istigh mar gheall ar 60 duine a bheith díomhaoin toisc nach raibh Gaeltarra Éireann ábalta iad a choimeád ag obair; agus an bhfuil sé ar intinn aige aon rud a dhéanamh faoin scéal.

Tuigim go bhfuil na hoibrithe go léir i monarcha Ghaeltarra Éireann sa Spidéal ag obair mar is gnáth.

Nach uafásach an scéal é go raibh 60 daoine díomhaoin sa Spidéal? Níl aon eolas agam go bhfuil siad ag obair faoí láthair mar a bhíodar. Nach bhfuil fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go raibh an scéal sin ins na nuachtáin dhá uair?

Do bhí—ach tá siad go léir ag obair arís.

Maith an fear thú.

Fuair naonúr acu fógraí go mbéadh siad díomhaoin ach go gcuirfaí obair eile ar fáil dóibh san áit chéanna —i gConnemara Marble agus i West Sea Limited i Rosabhíl. Tá baint ag an dhá mhuileann sin le Gaeltarra Éireann.

Nach íontach an scéal é go raibh ar chumas an Rialtais an t-airgead sin d'fháil?

Cén t-airgead?

An t-airgead go raibh tú ag caint faoi chun sin a dhéanamh.

Cad mar gheall ar na daoine in Iorrus agus in mBá Éile? An dtabhairfadh an Rúnaí Parlaiminte geallúint domhsa agus don Tig anois go mbeidh obair le fáil ag na daoine atá díomhaoin in mBá Éile.

Baineann an cheist seo leis an Spidéal.

Sé an rud céanna é.

Deirtear liom go bhfuiltear ag déanamh a ndíchill chun obair eile d'fháil dóibh.

An gcuirfeadh an Rúnaí Parlaiminte an ráiteas atá le tabhairt amach chughamsa freisin?

Cuirfidh mé.

Barr
Roinn