Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 29 Oct 1970

Vol. 249 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhún Chaoin.

135. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an ndéanfaidh sé ráiteas i dtaobh Scoil Náisiúnta Dhún Chaoin, Co. Chiarraí, a dhúnadh agus i dtaobh é a bheith beartaithe an Scoil Náisiúnta, Dubhféige, Acaill, a dhúnadh.

Maidir le Scoil Dhún Chaoin bhí 32 leanaí ar an rolla i gcaitheamh na ráithe dár chríoch 30 Meitheamh, 1970. Léirigh taighde a dhein an cigire nach raibh ach cúigear páistí réamhscoile sa cheantar agus ná beadh ach 13 daltaí ar an rolla sa scoilbhliain 1973-74. Dhein an cigire tuistí Dhún Chaoin a agallamh de réir duine agus duine. Chuir deich gcinn den trí chlann déag in iúl go mbeidís toilteanach glacadh le cónascadh Scoil Náisiúnta Dhún Chaoin le Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéirigh; bhí clann amháin amhrasach agus bhí an dá chlann eile ina choinne. I láthair an eolais sin agus ag féachaint do dhul na meánacha, socraíodh, ar son leas oideachais na bpáistí, an scoil a dhúnadh agus í a chónascadh le Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheiréirigh tar éis laetha saoire an tSamhraidh i mbliana. Maidir leis an scoil i mBaile an Fheirtéirigh, scoil an-mhaith í a bhfuil cúram ceart dá dhéanamh de gach gné den bhunoideachais ó thaobh cúrsaí teangan, cúrsaí cultúra agus teagasc na ngnáth-ábhar.

Tá páistí Dhún Chaoin, mar sin, á n-aistriú ó scoil aon oide go scoil chúig oide agus ní gá a mhíniú cén feabhas mór atá ansin ó thaobh cúrsaí oideachais de, go háirithe i leith feidhmiú an churaclaim nua bhunscoile agus i leith soláthar áiseanna teagaisc. San am céanna táthar ag cinntiú nach ndéanfar dochar do na páistí ó thaobh na Gaeilge de.

Maidir le scoil Dubhféige in Acaill tá beartaithe an scoil sin a chónascadh le scoil Bun a Choire. Is í an Ghaeilge a bheidh mar mheán teagaisc sa scoil chónasctha.

Maidir le tuarascáil an chigire úd, nach bhfuil a fhios ag an Aire go ndeireann muintir Dhún Chaoin, sé sin, tuismitheoirí na bpáistí atá ann, go bhfuil an tuarascáil sin bréagach agus nár aontaigh siad riamh lena leithéid? Agus, fós an bhfuil a fhios aige go bhfuil an scoil sin ar oscailt go fóill ós mian le muintir na háite an scoil a choimeád ar oscailt agus nach gá ómós a thúirt do chúram mhuintir na Gaeltachta iad féin?

Bhí an tuairisc a thug an cigire domsa cruinn.

Fán bomaite anois. Agus chomh maith leis sin, go dtí gur thosaigh daoine eile ag cur isteach ar an scéal bhí muintir Dhún Chaoin sásta a gcuid páistí a chur go dtí Baile an Fheirtéirigh. Anois, chuir mise príomh-chigire an bhrainse bhunoideachais agus an cigire a rinne an taighde go dtí cruinniú ansin i nDún Chaoin. Is beag má fuair siad caoi ar bith labhairt cionns gur thosaigh duine nach raibh baint ar bith aige leis an scoil ag cur isteach orthu. Ach, cibé ar bith, sheas an cigire ceantair a rinne an taighde suas ag an gcruinniú sin agus d'ainmnigh sé na daoine a ndeacha sé chucu, sin an 13. Dúirt sé i gcuid de na tithe go raibh sé ag caint le duine amháin de na tuismitheoirí agus i gcuid de na tithe go raibh an bheirt tuismitheoir ann agus luaigh sé ainmneacha na ndaoine sin agus níor bhréagnaigh duine ar bith ag an gcruinniú sin é gidh go raibh tuismitheoirí uilig Dhún Chaoin ann.

(Cur isteach.)

Tuairisc ó bheirt chigire agus tá mé sásta glacadh leis sin. Ach cibé ar bith im bharúil-se sé an rud is tábhachtaí sa chóras oideachais ar fad ná an páiste. Caithfidh mise mar Aire Oideachais, agus tá sé de dhualgas orm, chinntiú go bhfaighidh na páistí sa tir seo an t-oideachas is fearr a thig a thabhairt dóibh agus sin é an bun-phrionsabal atá faoin scéim cónasctha ar fud na tíre uilig. Ansin, caithfidh mé smaoitiú ar an dtaobh cultúrtha dhe, taobh na teangan agus ní dóigh liom go dtig le duine ar bith anseo a rá nach bhfuil suim agam i gcúrsaí na teangan. Bhí suim agam i gcúrsaí na teangan i bhfad sar a dtáinig mé isteach anseo.

Bhí me sásta (1) go gcuideodh sé go mór, ó thaobh oideachais dhe, le páistí Dhún Chaoin dá gcuirfí isteach iad i scoil a bhí i bhfad níos mó ná an ceann a bhí acu féin agus (2) bhí mé sásta nach ndéanfadh sé dochar ar bith do Ghaeilge pháistí cheantar Dún Chaoin iad a chur go dtí Baile an Fhéirtéirigh, mar tá Baile an Fheirtéirigh sa bhFíor-Ghaeltacht. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a deir: "Is áit ar leith í Dún Chaoin ach má théann tú go loighiciúil go dtí deireadh na h-argóna sin sé an rud atá na daoine seo ag iarraidh á rá nach bhfuil i nGaeltacht Chiarraí ar fad anois ach Dún Chaoin. Ní aontaím le sin ar chor ar bith.

Ní dúirt éinne é sin.

Má théann tú go loighiciúil go dtí direadh na hargóna, sin an bhrí atá leis. Ach cibé ar bith, mar a dúirt mé chuaigh mé isteach sa scéal agus tá mé sásta go ndearnadh an rud ceart. I roint áiteacha ar fud na tíre in a raibh cónascadh á chur i bhfeidhm bhí cuid de na daoine in a choinne, ach tá 800 scoil cónasctha anois agus gan aon trioblóid ag baint leo.

Nach n-aontóidh an tAire go bhfuil cúrsaí neamh-choiteanta ag baint leis an limistéar seo agus nach ceart aon ní a dhéanamh a rachadh chun dochair don Ghaeilge i measc muintir na háite seo? Dá bharr sin iarraim ar an Aire athscrúdú a dhéanamh ar cheist an scoil seo a dhúnadh.

Mar a dúirt mé ar dtús, tá mé sásta go ndearnadh an rud ceart ó thaobh oideachais agus ó thaobh cursaí na Gaeilge dhe. Taobh amuigh de sin, tá coiste curtha ar bun agam le dul isteach i gceist oideachais ins na Gaeltachtaí uilig agus táim ag tabhairt na príomh áite ins an méid atá á dhéanamh ag an coiste seo do Ghaeltacht Chiarraí cionns gur thárla an oiread conspóide fá dtaobh den cheist seo. Tá sé socraithe agam ní amháin go rachaidh mé isteach i gceist oideachais ach go rachfar isteach i gceisteanna eacanamíochta agus geilleagair ins na ceantracha seo fosta. Tá a fhios agam go ndúirt an Teacha Cruise-O'Brien go bhfuil an scoil foscailte. Tá a fhios agam go bhfuil agus tá a fhios agam fosta gur bhailigh daoine airgead fá choinne seo, ach, caithfidh siad a gcoinsias a scrúdú fá dtaobh den rud atá á dhéanamh acu agus ceist a chur orthu féin an ar mhaithe le páistí Dhún Chaoin atá an t-airgead seo á bhailiú nó díreach le scoil a choinneáil foscailte nach mbeidh ábalta bunoideachas mar is cóir a thabhairt dos na páistí sin.

The remaining questions will appear on next Tuesday's Order Paper unless Deputies are prepared to accept written answers.

Barr
Roinn