Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 26 Nov 1970

Vol. 249 No. 14

Ceisteanna—Questious. Oral Answers. - Scoil Dún Chaoin.

1. D'fhiafraí an

Dr. Mac Gearailt

den Taoiseach an dtabharfaidh sé ráiteas uaidh maidir lena ndúirt sé leis na hionadaithe lenar chas sé san Óstán Metropole i gCorcaigh an 10ú lá de Dheireadh Fómhair mar gheall ar scoil Dhún Chaoin agus maidir le hábhar an chomhfhreagrais a bhí ann ina dhiaidh sin.

Níl sé beartaithe agam ráiteas a thabhairt uaim. Chomh fada liomsa de, do bhreathnaíos nárbh ábhar le haghaidh foilsithe an t-agal-lamh agus an comhfhreagras a lean ina dhiaidh.

Ba mhaith liom a fhiafraí den Taoiseach an ndúirt sé leis na daoine seo a tháinig go Corcaigh chun labhairt leis ar an ábhar seo go raibh an "closure due to a misunderstanding and it had been handled very badly by the Department and that all he needed to solve the dispute was some way out of the impasse as he could not publicly embarrass the Department". Cé'n fáth go raibh scéal eile aige nuair a scríobh sé go dtí na daoine seo ar an 4 Samhain agus cé'n fáth go bhfuil scéal eile aige annso inniu?

Níor dhúirt mé a leithéid leis an toscaireacht sin. Bheadh fhios ag an Teachta go bhfuil ró-thaithí agam mar Theachta Dála agus mar Aire a leithéid a rá. Níor dhúirt mé an rud sin ar chor ar bith. Dúirt mé go labharfainn leis an Aire Oideachais, fé mar a dhein mé, agus go mb'fhéidir go mbeadh réiteach ar an scéal. Níor dhúirt mé faic mar gheall ar bhotún a deineadh san Roinn. Níl sé sin fíor.

Ar thug an Taoiseach geallúint dóibh?

Nílim ag rá nár thug mé geallúint dóibh. Gheall mé dóibh go labharfainn leis an Aire Oideachais féachaint an mbeadh réiteach ar an cheist. Mhol mé dóibh freisin na daltaí a chur ar scoil i mBaile an Fhéirtéirigh ar mhaithe le oideachas na ndaltaí.

An bhfuil an Taoiseach chun moladh don Aire anois an scoil d'oscailt arís?

Níor mhol mé faic. Sé an duine atá i mbun oideachais ná an tAire Oideachais, agus isé atá oilte go maith chuige sin.

Is mór an náire é.

Barr
Roinn