Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 11 Feb 1971

Vol. 251 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Radio Gaeltachta.

98. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an dtabharfaidh sé ráiteas uaidh i dtaobh Raidio Gaeltachta atá sé beartaithe a bhunú.

Tá sé beartaite ag an Rialtas seirbhís raidio do chur ar fáil don Ghaeltacht chomh luath agus is féidir. Seirbhís iomlán foirleatha a bheidh ann. Beidh na príomh stáisiúin agus na stiúideoanna sa Cheathramha Rua i gConamara, i nGaoth Dobhair i nDún na nGall agus i gCorca Duibhne i gCiarraí. Beidh mion-stáisiúin i Muigheo, Iarthar Chorcaí, Portláirge agus i gContae na Mí. Íocfar an costas caipitil as an Stát-Chiste. Tiocfaidh na costais reatha as táillí ceadúnas.

Tá Radio Telefís Éireann ag leagan amach cheana féin scéim na n-oibreacha caipitil agus áiseanna teichniúla le haghaidh na seirbhíse nua. Tá súil go dtosóidh craoladh taobh istigh de bhliain agus go mbeidh an tseirbhís iomlán ar fáil faoi cheann dhá bhliain nó mar sin.

Táthar ag breithniú modhanna a dheimhneos go mbeidh idirchomhair-leachan éifeachtach ann le pobail na Gaeltachta.

Cad é costas an raidio seo? Cuireadh ráfla amach Roimh Nollaig agus luadh figiúir ach deintear nach raibh an figiúir ceart in aon chor.

Níl a fhios agam an bhfuil na figiúirí agam ach sílim go bhfuil ceathrú mílliún púnt i gceist mar chostas iomlán.

An bhfuil na figiúirí le haghaidh gach Gaeltacht ag an Aire?

Níl. Sa bhfreagra dubhairt mé go raibh súil agam go dtosódh craoladh taobh istigh de bhliain agus go mbeadh an tseirbhís iomlán ar fáil faoi cheann dhá bhliain nó mar sin.

Nach bhfuil sé in am anois an talamh a bheith réidh?

B'fhéidir go bhfuil an talamh réidh.

Maith go lear ach ba cheart go mbeadh an teolas sin le fáil ag an Dáil. Tá innealtóirí ón stáisiún ag dul go daoine áirithe.

Barr
Roinn