Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 May 1971

Vol. 253 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Meath Gaeltacht.

37.

asked the Minister for the Gaeltacht the population of each of the Gaeltacht areas in County Meath when they were originally created; and their population at the latest available date.

Sé céad agus seasca duine a aistríodh ón nGaeltacht go dtí ceantair Ráth Cairn agus Bhaile Gib sna blianta 1935 go 1939. Chomh maith leosan, ar ndóigh, bhí daoine eile nár tháinig ón nGaeltacht ina gcónaí sna bailte fearainn inar tugadh an talamh dóibh. Sonraíodh na bailte fearainn sin uile in Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1967, agus tuigtear ón bPríomh-Oifig Staidrimh gurb é 924 líon na ndaoine iontu i mí Aibreáin, 1966.

Is the Parliamentary Secretary aware that there has been a substantial and dramatic decline in the population in this area; that this community was the creation of this Government and that his Government have failed in their duty to the people in the Meath Gaeltacht and have allowed the population to decline and the morale of the people to decline also in a disgraceful fashion?

Ní thuigim é sin. De réir na figúirí atá agam anseo ní raibh aon laghdú mórán mar sin.

Figures can lie.

Listen to the hypocrisy of answering in Irish.

38.

asked the Minister for the Gaeltacht the Government's policy in relation to providing facilities to enable native speakers to continue to live and work in the County Meath Gaeltacht.

Is é cuspóir an Rialtais lánfhostaíocht a chur ar fáil sna seachtóidí do na cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Baineann sé sin le Gaeltacht na Mí chomh maith leis na ceantair eile Ghaeltachta.

39.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give particulars of the schemes promoted by Gaeltarra Éireann in the County Meath Gaeltacht in the past ten years; and the amount spent by Gaeltarra Éireann in each of these years in respect of such schemes.

Go dtí go ndearna an Rialtas Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1967, a thug aitheantas oifigiúil do Ghaeltacht na Mí, ní raibh aon bhaint ag Gaeltarra Éireann leis an nGaeltacht sin. D'fhonn fostaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge tá cabhair tugtha ag Gaeltarra chun miontionscal a chur chun cinn i gceantar Ráth Cairn agus, le cúpla bliain anuas, tá £6,216 íoctha mar dheontais.

40.

asked the Minister for the Gaeltacht what industries have been established under the auspices or with the help of Gaeltarra Éireann in the Meath Gaeltacht areas; the number of local people who are currently employed in them; the training and qualifications acquired by local people while in the employment of these industries; and if any grants have been paid specifically for the provision of such training for local people.

Tuigim go bhfuil tionscal déanta troscáin bunaithe le cabhair ó Ghaeltarra Éireann agus naonúr ón gceantar fostaithe ann. Tuigim freisin go dtugtar oiliúint oiriúnach do na hoibrithe sa tionscal agus gur chuir Gaeltarra deontas ar fáil chuige sin. Ní miste a lua go bhfuil folúntais faoi láthair do chúpla duine eile ón gceantar ar cainteoirí Gaeilge iad.

Could the Parliamentary Secretary——

Cuir an cheist i nGaeilge.

(Interruptions.)

I am speaking here in one of the official languages of this Parliament and I am entitled to speak in that language if I so wish. I do not share the hypocrisy of members of the Government who have deserted the people of this part of the country. I know what is happening in the Meath Gaeltacht and this may be something of which the Minister is not aware. I want to know what training has been given to these people and if this training has qualified them for gainful employment?

Tá folúntais faoi láthair do chúpla duine eile sa cheantar ar cainteoirí Gaeilge iad. Abair leis na daoine sin obair a lorg agus beidh sí le fáil ann.

41.

asked the Minister for the Gaeltacht if Gaeltarra Éireann has had before it proposals for the establishment of a mushroom factory in the Rathcarn Gaeltacht, County Meath; if so, when this proposal was first mooted; if there has been any delay in getting it into operation; and, if so, the reasons for this delay.

Ní thabharfainnse mioneolas faoi thograí a bhíonn faoi bhráid Ghaeltarra Éireann mura léir go mbeifí ag dul ar aghaidh leo. Tig liom a rá, áfach, go raibh ar intinn ag Gaeltarra dul i gcomhar le daoine eile chun comhthionscal muisiriún a bhunú i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Mí ach nach bhfuil fonn anois ar na daoine eile sin dul ar aghaidh i nGaeltacht na Mí.

Is i nGaeltacht na Mí agus i nGaeltacht na Gaillimhe a bhíothas chun dul chun chinn leis seo. Chuaigh FFI Produce, Ltd., Baile Átha Cliath, i gcomhairle le Gaeltarra Éireann. Nuair bhíodar i gcomhairle lena chéile fuair siad amach go raibh 8 fear agus 13 bean ag teastáil i gContae na Mí agus bhí eagla orthu nach rabhadar le fáil. Bhí an ráta deontais i gContae na Mí níos ísle ná mar a bhí ceadaithe i gContae na nGaillimhe agus ní raibh an líon daoine a bhí ag teastáil le fáil, mar adúirt mé cheana, dar leo, agus ní raghadh siad ar aghaidh leis an scéim.

The Parliamentary Secretary speaks in Irish but cannot think in Irish.

Is the Parliamentary Secretary aware that people are leaving this area because they cannot find employment? These people would be willing to take employment if it were available to them at reasonable rates of pay.

Cúpla noiméat ó shin dúirt mé go raibh folúntaisí do thionscail i gContae na Mí agus níl na daoine le fáil ann.

42.

asked the Minister for the Gaeltacht the amount of grants provided per head of population by Gaeltarra Éireann since its inception in (a) the Gaeltacht areas in County Meath and (b) other Gaeltacht areas.

Is sa bhliain 1965 a tugadh cumhacht do Ghaeltarra Éireann deontais a thabhairt chun tionscail a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus cuireadh tús le híocaíochtaí so bhliain 1966-67. Ní raibh aon íocaíocht do Ghaeltacht na Mí go dtí 1969-70. Nuair a roinntear na deontais a íocadh go dtí 31 Márta, 1971 ar dhaonra na limistéar Gaeltachta i mí Aibreáin, 1966, is é an toradh a fhaightear ná £6.73 do Ghaeltacht na Mí agus £14.63 do na limistéir Ghaeltachta eile.

43.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will extend the £10 grant payable in respect of children of native Irish speaking homes attending primary school in the Rathcarn Gaeltacht, County Meath, to children of non-native speaking homes also attending the same school.

Tig le dalta ar bith, a bhí ag freastal ar an scoil sin ar feadh formhór na scoilbhliana agus a bhí os cionn sé bliana d'aois ar 1 Eanáir sa scoilbhliain, cur isteach ar an deontas £10 más í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh aige agus má labhraíonn sé í go líofa nádúrtha dá réir.

Barr
Roinn