Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Jul 1972

Vol. 262 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle na Gaeilge.

29. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais an bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas glacadh le moltaí Chomhairle na Gaeilge.

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta i bhfreagra ar Dháil-cheist uaidh ar 12 Bealtaine, 1971, tá glactha cheana féin le cuid mhaith de mholtaí na Comhairle. Más iad atá i gceist anois na moltaí is déanaí ón gComhairle—faoi mar a leagadh amach iad sa tuarascáil Feidhmiú Polasaí Teanga a foilsíodh ar 26 Meitheamh, 1972— níor tugadh aon bhreith orthu sin fós.

An bhfuil deireadh le Comhairle na Gaeilge anois?

Níl fós ach is dóigh liom gur gearr go mbeidh.

Barr
Roinn