Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 10 May 1973

Vol. 265 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhún Chaoin.

9. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad iad na toscaí speisialta sóisialta agus cultúir a luaigh sé ina ráiteas a ba chúis le scoil Dhún Chaoin, Contae Chiarraí, a athoscailt.

10. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad iad na toscaí oideachasúla a ba chúis le scoil Dhún Chaoin, Contae Chiarraí, a athoscailt.

Mr. R. Burke

Le do chead-sa, a Cheann Comhairle, tá beartaithe agam Ceist Uimhir a 9 agus Ceist Uimhir a 10 a thógaint le chéile.

Is ceantar Gaeltachta ann féin é Dún Chaoin laistigh de mhórcheantar Gaeltachta Chorca Dhuibhne, ceantar in a bhfuil pobal a bhfuil a ionan-nas féin acu, agus in a bhfuil an tsaoíocht Ghaelach préamháithe in iomlán a saibhris agus in a bhfuil an teanga Ghaeilge go líofa gan truailliú ag an uile dhuine ann. Ba mhór an chailliúint don tír meathlú nó lagú do theacht ar an bpobal sin. Ba thuar éadochais ag na daoine é a scoil a bhaint díobh agus níl aon amhras orm ach gur thuill siad de aithint go bhfágfaí an scoil acu.

Maidir le toscaí oideachasúla dhe, tá mé lán-mhuiníneach go dtiocfaidh as an scoil, na tuismitheoirí agus an pobal ar fad bheith i gcomhoibriú le chéile, go bhfaghaidh na daltaí scoile oideachas maith.

Níor mhaith liom go mbainfí de chiall as aon rud dá bhfuil ráite agam go bhfuil mé ag caitheamh droch-mheasa ar aon chuid de mhuintir na Gaeltachta breá seo Chorca Dhuibhne. Ní hamhlaidh atá, go deimhin. Níl i gceist agam ach gur ceart an pobal áirithe seo i nDún Chaoin a chaomhnú, agus é sin a dhéanamh gan dochar a dhéanamh do éinne.

An gceapann an tAire go bhfuil cothrom na Féinne i gcúrsaí oideachais le fáil i scoil chomh beag leis seo?

Mr. R. Burke

Cothrom na Féinne? Bhuel, measaim sa chás áirithe seo go bhfuil. Sé a theastaíonn óna tuismitheoirí ansin ná go bhfágfaí an scoil seo, agus ag éirí as sin, tá mé sásta gur maith an rud é an socrú sin a bheith déanta agam.

An n-aontódh an tAire liom go mb'fhearr dá mbeadh lár-cheantar oideachais i gceantar Chorca Dhuibhne?

Mr. R. Burke

Meánscolaíocht nó bunscolaíocht?

Bunscolaíocht agus meánscolaíocht.

Mr. R. Burke

B'fhéidir go mb'fhearr. Sa chás seo sé a theastaíonn ó gach éinne beagnach go bhfágfaí an scoil acu agus sin atá déanta agam. Amach anseo déanfaidh mé scrúdú ar na ceisteanna eile ach tá mé sásta im aigne féin gur ceart agus gur cóir an socrú seo a dhéanamh agus tá sé déanta.

Maidir leis an Ghaeltacht an amhlaidh anois go mba cheart dúinn glacadh leis go bhfuil áiteacha amháin sa Ghaeltacht atá níos Gaelaí ná áiteacha eile? An amhlaidh go gcaithfimid glacadh leis anois go bhfuil Dún Chaoin níos fearr mar Ghaeltacht ná Baile an Fheirtéirigh?

Mr. R. Burke

Ní cheapaim sin a rá in aon chor agus ní ceart an méid sin a thógaint as a bhfuil ráite agam. Dá mbeadh an Teachta ag éisteacht liom dúirt mé:

Níor mhaith liom to mbainfí de chiall as aon rud dá bhfuil ráite agam go bhfuil mé ag caitheamh droch-mheasa ar aon chuid de mhuintir na Gaeltachta breá seo Chorca Dhuibhne...

—ná ar aon Ghaeltacht eile ach chomh beag.

Ón taobh cultúrtha dhe glacaimid anois nach bhfuil aon difríocht idir Bhaile an Fheirtéirigh agus Dhún Chaoin ach maidir le cúrsaí oideachasúla de réir moladh na Roinne Oideachais ní féidir an curaclaim nua a chur i bhfeidhm muna mbionn ar a laghad triúr múinteoirí i scoil ar bith. Conas is féidir, dá bhrí sin, é a chur i bhfeidhm in nDún Chaoin, áit nach bhfuil ann ach, b'fhéidir, múinteoír amháin?

Mr. R. Burke

Mar adúirt mé cheana tá toscaí speisialta sóisialacha agus cultúrtha i gceist anseo. Dá mbeadh an Teachta ag éisteacht leis na daoine go léir a mhol an socrú seo agamsa bheadh sé cinnte go raibh muintir na hÉireann taobh thiar díom sa chás seo. Fiú amháin, fuair mé píosa filíochta ag eirí as an rud seo agus sé dúirt sé ná:—

Molaim Dún Chaoin, an fuíollach ceann-ard

A sheas a charraig go teann.

Molaim an mhuintir ón taobh amuigh,

A thuig, is a tháinig i gcabhair.

Molaim an tAire Risteárd de Búrca, A chaomhnaigh foinse na leabhar.

Ní mór dúinn dul ar aghaidh anois go dtí Ceist Uimhir a 11.

An mbeidh níos mó ná aon mhúinteoir amháin ceadaithe don scoil sin? An raibh beirt ann agus an mbeidh níos mó ná ceann amháin ceadaithe go h-oifigiúil don scoil?

Mr. R. Burke

Níl ann ach duine amháin. Ar an 6ú lá de Mhárta do h-eisíodh ráiteas tríd an Oifig Eolas ag rá go raibh an tAire Oideachais sásta i láthair na dtóscaí soisialta agus cultúrtha a údarú go n-osclófaí an scoil. Anois, tá glactha le Micheál Ó Dubhshláine, oide scoile, oide oilte, mar phríomh-oide agus oide aonair sa scoil. Sin é an t-aon duine amháin a bheidh ann mar nil ach timpeall 10 nó 11 ar fáil ann.

Táimid ag dul ar aghaidh go dtí Ceist Uimhir a 11.

Má bhíonn laghdú ar líon na ndaltaí, cad a thárlóidh?

Mr. R. Burke

Tá súil agam nach dtiocfaidh aon laghdú ar na daltaí agus tá súil agam go n-aontaíonn an Teachta Ó Loinsigh liom sa chás sin.

Barr
Roinn