Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 May 1973

Vol. 265 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gníomh don Ghaeltacht.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair atá sé ar intinn aige na moltaí atá inGníomh don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.

Nuair a bheidh scrúdú iomlán déanta ar na moltaí sin tiocfar ar chinneadh ina dtaobh.

An bhfuil a fhios ag an Aire gur gheall iarrathóirí an Chomhrialtais i rith an iolthoghcháin go gcuirfí na moltaí seo i bhfeidhm gan aon mhoill?

Maidir leis an gceist seo i dtaobh Gníomh don Ghaeltacht tuarascáil an-mhaith agus aniomlán isea í agus tá scrúdú iomlán a dhéanamh agam anois i dtaobh na moltaí atá intí Ach is mian liom dul go dtí na Gaeltachtaí chun na moltaí atá i nGníomh don Ghaeltacht a phlé leo, leis na daoine atá ann agus chun a gcuid fadhbanna a phlé leo agus nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe agam beidh mé ag túirt moltaí don Rialtas agus tá súil agam go mbeidh mé in ann na moltaí sin a thúirt don Rialtas i gcionn cúpla mí.

Nach bhfuil an Rialtas cinnte go bhfuil siad chun na moltaí seo a chur i gcrích ar chor ar bith, nach bhfuil siad chun athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí a bhí ann?

Sin ceist eile, a Cheann Comhairle.

An Féidir leis an Aire a rá linn——

(Cur isteach.)

Os rud é go raibh na moltaí sin á mbreithniú ag an iarRialtas le breis agus bliain go leith, ní dóigh liom gur cóir bheith ag súil le teacht ar chinneadh ina dtaobh laistigh de chúpla mí.

An gcomhlíonfar na geallúintí a tugadh le linn an toghcháin?

Barr
Roinn