d'Aire na Gaeltachta líon na dteaghlach sa Ghaeltacht lenar íocadh deontas i leith scoláirí samhraidh anuraidh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoláirí Samhraidh.
Íocadh deontas le 674 theaghlach mar sin.
14. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an méid scoláirí a rinne freastal ar chúrsaí samhraidh anuraidh agus ar thuill muintir na Gaeltachta deontas ina leith.
D'íoc mo Roinnse deontais le teaghlaigh Ghaeltachta i leith 12,267 ndalta mar sin.
An mbeadh an tAire in ann a innsint dúinn cé mhéid díobh sin a bhí ag freastal ar bhunscoileanna agus cé mhéid a bhí ag freastal ar mheánscoileanna? An bhfuil an t-eolas sin ag an Aire?
Is oth liom a rá, a Cheann Comhairle, nach bhfuil an t-eolas sin agam inniu ach má chuireann an Teachta ceist orm amach anseo, beidh áthas orm an t-eolas a chur ar fáil.
Ceart go leor.
An mbeidh an uimhir chéanna ann i rith na bliana reatha seo nó an mbeidh méadú nó laghdú uirthi?
Tá pointe ag an Teachta ach níor chuir sé ach an cheist seo. Thugas an figiúir a bhí ag teastáil ón Teachta. Ceist díreach a bhí ann.
An bhfuil aon taighde déanta nó á dhéanamh ag an Roinn i dtaobh cé mhéid Gaeilge a úsáideann na daltaí óna tithe.
Faoi mar adúirt mé, a Cheann Comhairle, thugas an figiúir a bhí ag teastáil agus más mian leis an Teachta ceist a chur síos tabharfaidh mé an t-eolas dó.
(Cur isteach.)
An bhfuil sé ar intinn agat an deontas seo a mhéadú maidir leis na tithe a thógann scoláirí?