Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 5 Jul 1973

Vol. 267 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhún Chaoin.

35. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais maidir leis an dáréag a bhí ag freastal ar scoil Dhún Chaoin i dtosach Meitheamh 1973 (a) cé mhéid acusan a rugadh agus a tógadh sa cheantar agus (b) cé mhéid teaglach áitiúil atá i gceist.

Mr. R. Burke

Tuigtear dom gur páistí áitiúla 8 de na páistí sin, agus gur as cúig theaghlach iad.

Níl ach 8 páistí san scoil seo a thagann ón cheantar, agus ar mhiste leis an Aire a rá an mbeidh triúr acu san ag imeacht tar éis na bliana seo?

Mr. R. Burke

Ní ar an Rialtas seo atá an locht go bhfuil bánú ar thinreamh na háite seo in nDún Chaoin.

Ag éirí as freagra tuatach an Aire, ar mhiste leis a rá an mbeidh naonúr san scoil seo agus an bhfuil sé sásta múinteoir a thúirt don naonúr agus gan a bheith sásta beirt mhúinteoirí a thúirt do 36 anseo?

Mr. R. Burke

Níl a fhios agam cé mhéid páistí a bheidh ag freastal ar an scoil seo mí Mheán Fómhair amach anseo. B'fhéidir go mbeidh 20 duine ann nó 13; níl a fhios agam. Má chuireann an Teachta ceist orm amach anseo freagroidh mé i.

Barr
Roinn