den Aire Oideachais (i) cé mhéid daltaí atá ag freastal anois ar an scoil náisiúnta i nDún Chaoin agus (ii) an de mhuintir na háite iad uile.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Dhún Chaoin.
Mr. R. Burke
Tuigtear dom go bhfuil ochtar daltaí ag freastal na scoile faoi láthair agus gur de mhuintir na háite cúigear díobh.
Ba mhaith liom a fhiafraigh den Aire an bhfuil a fhios aige gur cuireadh cuid mhaith páistí i rith an tsamhraidh go dtí an scoil i nDún Chaoin, cuid díobhtha ar bheagáin Gaeilge agus go bhfuil Béarla á labhairt ins an scoil sin i nDún Chaoin don chéad uair riamh de dheascadh an méid páistí a chuaidh ann agus gan líofacht Ghaeilge acu?
Mr. R. Burke
B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta go bhfuil páistí ag dul ann agus b'fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge chomh líofa acu agus ab fhéidir a bheith ach ní h-eol domsa go bhfuil Béarla á labhairt ann.
Tá súil agam freisin nach bhfuil. Tugadh eolas domsa ó dhá fhoinse go raibh sé sin fíor. Níor mhaith liom go mbéadh sé fíor. Tá súil agam nach bhfuil.
Mr. R. Burke
Tá súil agamsa freisin. Fuair mé an t-eolas céanna.