Tairgim: "Go leifear an Bille an Dara hUair anois."
I move: "That the Bill be now read a Second Time."
Is é cuspóir an Bhille a shocrú go mbeidh feasta ag foirmeacha Gaeilge logainmneacha na hÉireann an seasamh céanna sa dlí atá anois ag na foirmeacha Béarla atá in úsáid go h-oifigiúil.
Dá n-úsáidfí anois logainm Gaeilge i reacht nó in aon cháipéis dlí, ní bheadh aon chinnteacht ann caidé an réim thíre a bheadh i gceist, mar d'fhéadfadh go mbeadh leaganacha eile Gaeilge in úsáid don réim chéanna nó an t-ainm céanna do réimeanna eile. Ní cosúil gur ghá d'aon chúirt na logainmneacha Gaeilge a aithint.
Mar réiteach ar an deacracht sin, bhéarfaidh an Bille seo cumhacht don Aire Airgeadais, tar éis dó comhairle a fháil ón Choimisiún Logainmneacha, ordú nó orduithe a dhéanamh ag sonrú foirmeacha Gaeilge na logainm lena n-úsáid chun críocha dlí.
Ceapadh an Coimisiún Logainmneacha trí bharántas an Aire Airgeadais dár dháta 24 Deireadh Fómhair, 1946, chun logainmneacha na hÉireann a scrúdú agus chun liostaí de na logainmneacha sin ina bhfoirm Ghaeilge a ullmhú le foilsiú agus le húsáid go hoifigiúil. Sa bhliain 1955 socraíodh gur i gcumas comhairlitheach, faoi Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, a d'oibreodh an coimisiún feasta, agus sa bhliain 1957 ceapadh foireann taighde logainmneacha sa tSuirbhéireacht Ordanáis. Ón am sin i leith, tugann an coimisiún comhairle faoi logainmneacha Gaeilge na tíre, an chomhairle sin bunaithe ar an taighde a rinne an fhoireann logainmneacha. Tá comhairle tugtha cheana féin ag an gcoimisiún faoi ainmneacha Gaeilge na bpostbhailte ar fad —clúdaíonn na postbhailte gach cathair, baile mór agus sráidbhaile sa tír.
Tugann alt 2 cumhacht don Aire ordú logainmneacha a dhéanamh ag sonrú na bhfoirmeacha dlíthiúla Gaeilge de logainmneacha. Beidh cumhacht aige ordú den sórt sin a leasú nó a chúlghairm, ach ní mheastar go mbeidh gá leis an gcumhacht sin ach go fíorannamh. Leagfar gach ordú faoi bhráid Tithe an Oireachtais agus beidh cumhacht acu sin iad a chur ar neamhní taobh istigh de thréimhse áirithe.
Tugann alt 3 seasamh i ndoiciméid dlíthiúla do na foirmeacha Gaeilge a bheas ordaithe ag an Aire.
Ní dhéanann an Bille aon athrú ar sheasamh ná ar úsáid na logainmneacha Béarla. I gcás logainmneacha Gaeilge a bhfuil feidhm dlí acu faoi achtachán eile, ní bhainfeadh an Bille seo an fheidhm sin díobh.
Mar focal scoir, ba mhaith liom anois chomgháirdeas a dhéanamh le foireann an Choimisiúin Logainmneacha as ucht an oiread sin oibre atá déanta acu i rith na blianta. Táimse an-bhuíoch dóibh go léir thar cheann an saothair inmholta a rinneadar agus an dea-chomhairle a thugadar dom agus do gach Aire Airgeadais sna cúrsaí a bhaineann leis an mBille seo. Beidh an chomhairle sin agus, ar ndóigh, na tuairimí eagsúla a nochtadh ins an Teach seo in a cúnamh mór dom chun cuspóir agus spiorad an Bhille seo a chur ar aghaidh.
Molaim an Bille seo don Teach. Tá súil agam gur coitianta a úsáidfear foirmeacha Gaeilge logainmneacha dá bharr.