den Aire Oideachais an mbeadh sé toilteanach deontas a thabhairt le haghaidh cúrsa oiliúna do scríbhneoirí sa Ghaeilge, cúrsa a bhí faoi chaibidil ag Cumann Merriman le déanaí.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scríbhneoirí Gaeilge.
88. D'fhiafraí
Mr. R. Burke
Do bheinn sásta scrúdú a dhéanamh ar iarratas le haghaidh deontais ó aon dream a chuirfeadh rompu cúrsa oiliúna do scríbhneoirí Gaeilge a chur ar siúl ach mé a bheith sásta faoi chuspóirí an dreama sin agus lena gcumas éifeachta chun cúrsa dá leithéid a reachtáil.
An gceapfadh an tAire go mbeadh sé sásúil scoil iriseoireachta a bhunú a bheadh baint aige le foireann Radio na Gaeltachta i gConamara?
Mr. R. Burke
D'fhéadfaimís an tuairim a chíorú. Raghaidh mé isteach sa scéal. Bheadh sé go breá dá mbeadh scoil dá leithéid ann. Tá scoil iriseoireachta i Ráth Maonais.
Scríbhneoirí Béarla amháin atá i gceist ansin.
Mr. R. Burke
Déanfaidh mé breithniú ar an scéal agus cuirfidh mé scéal chuig an Teachta.