Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1974

Vol. 271 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais EEC Don Ghaeltacht.

60. D'fhiafraigh

andMr. Molloy d'Aire na Gaeitachta an bhfuil aon tairiscint ullmhaithe aige maidir le deontais a fháil don Ghaeltacht ó Chiste Réigiúnach an Chomhphobail Eorpaigh.

Is main liom gach cabhair is féidir a fháil as an gCiste sin ar mhaithe leis an nGaeltacht. Tá an réamhobair ar siúl ach ní féidir iarratas a chur ar aghaidh go dtí go mbunófar an Ciste agus go léireofar cad iad na tograí a bheidh cáilithe chun cabhair a fháil as.

An eol don Aire go bhfuil na h-orduithe a rinneadh cheana féin maidir le deontais ón EEC ag obair in aghaidh na bhfeirmeoirí beaga sa Ghaeltacht agus fiú amháin nach bhfuil na deontais a bhí le fáil taobh amuigh den EEC le fáil acu agus go bhfuil sé sin a dul i gcoinne na Gaeltachta?

Mar is eol don Teachta, baineann an cheist seo leis an gciste réigiúnach. Níl an ciste socruithe go fóill agus is deacair a rá cad a bheidh le fáil go dtí go mbeidh an ciste sin socruithe ach, mar adúras nuair a thugas freagra ar an gceist chéanna roimh an Nollaig, nuair a leagfar síos na rialacha tá sé ar intinn againn iarratas a chur isteach nuair a bheidh na cláracha ullamh againn. Dúras an lá sin chomh maith go raibh clár fairsing forbartha don Ghaeltacht dhá ullmhú ag Gaeltarra Éireann agus ag mo Roinn a bhaineann le talmhaíocht, tionsclaíocht, cuartaíocht, iascaireacht agus na hoileáin agus go raibh sé ar intinn againn cibé cúnamh is féidir a fháil ó na cistí réigiúnacha. Ach maidir leis an gciste réigiúnach, atá i gceist annseo, níl aon rud socruithe fós.

Ós rud é nach ndearna an tAire iarracht ar bith nuair a bhí na h-orduithe de chuid an EEC dhá leagan amach i dtaobh farm modernisation agus 160—159 nach ceart dúinn a thógáil nach bhfuil sé ag déanamh rud ar bith mar gheall ar an gciste réigiúnach chomh maith.

Ó tá staidéar iomlán déanta again agus bímíd i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh agus leis an Aire Tailte chomh maith maidir leis na ceisteanna sin ach——

Sé an chiall a bhainim as sin ná nach bhfuil muintir na Gaeltachta ag fáil aon chabhair faoi na rudaí sin ón EEC agus an chabhair a bhí dhá fáil acu ón Rialtas féin níl sí ann faoi láthair.

The remaining questions will appear on tomorrow's Order Paper.

Barr
Roinn