d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta fós cúnamh airgid speisialta a thabhairt chun costas leictreachais a ísliú i nGaeltacht Bhun na gCnoc, agus Doire Mór, Lataí agus Leithneach san áireamh, Contae na Gaillimhe.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Isliú Costais Leictreachais.
Táim i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta mar gheall ar cásanna mar sin.
An bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teach cén fhaid atá sé i gcomhairle leis an Aire eile anseo i dtaobh na ceiste seo?
Mar is eol don Teachta, ní féidir liomsa mar atá an scéal anois cúnamh breise airgid a thúirt i gcásanna mar sin mar níl aon scéim ag mo Roinnse ach, mar adúras cheana sa Dáil, aontaím go bhfuil deacrachtaí an-mhór ag muintir na Gaeltachta maidir leis na táillí árda a éilíonn Bord Soláthair an Leictreachais. Tamall ó shin d'iarr mé ar mo Roinnse scrúdú iomlán a dhéanamh agus tá an scrúdú sin beagnach críochnaithe agus nuair a bheidh an t-eolas go léir agam tá sé ar intinn agam meamram a ullmhú agus an cás a chur faoi bhráid an Rialtais agus tá súil agam go mbeidh deis ag an Rialtas an cheist sin a bhreithniú sar i bhfad.
Cathain a chuaigh an tAire i gcomhairle ar dtús leis an Aire Iompair agus Cúmhachta faoin gceist seo—cén mhí?
Mar adúras, tá an cheist go léir faoi scrúdú againn le tamall. Caithfidh mé an t-eolas a fháil i dtaobh an chostais a bheidh i gceist, an méid teaghlach a bheidh i gceist ar fud na Gaeltachta. Tá an t-eolas sin go léir beagnach bailithe agam agus beidh mé ag cur an cháis faoi bhráid an Rialtais.
An bhféadfadh an tAire a chinntiú nach dtógfaidh sé naoi mí eile chun an cheist seo a réiteach?
Beidh scéal agam sar i bhfad.