d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil sé sásta an deontas £10 a íoc i leith páistí áirithe i gContae na Gaillimhe (ainmneacha tugtha), don scoilbhliain 1972-73.
Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - An Deontas £10.
Is amhlaidh nach bhfuiltear sásta gurb í an Ghaeilge gnáththeanga theaghlaigh na bpáistí sin agus go labhraíonn siad í go líofa nádúrtha dá réir.
An bhfuil an tAire sásta iarraidh ar oifigigh na Roinne athscrúdú a chur ar na páistí seo? Tá Gaeilge acu. Tá Gaeilge á labhairt sa teach ach is cosúil gur chuir oifigeach ó Roinn na Gaeltachta nó ón Roinn Oideachais scrúdú orthu agus sé a mheas féin go bhfuil an Ghaeilge acu ach aon duine go bhfuil aithne aige ar an gclann seo tuigeann sé go maith go bhfuil a lán Gaeilge acu? Sé an t-aon chaoi amhaín gur feidir an cheist seo a réiteach i gceart athscrúdú a chur orthu?
Mr. R. Burke
Ní féidir liomsa gealltanas mar sin a thabhairt don Teachta. Cuirtear scrúdú ar na páistí uair sa bhliain nó pé uair a deintear é agus ní féidir athscrúdú a dhéanamh mara bhfuil siad sásta. Sé an tslí fearr é a dheanamh ná Gaeilge a labhairt sa teach níos mó ná mar atá ag féachaint chuige go bhfuil an Ghaeilge mar gnáth-theanga labharta sa teaglach.
Is seafóid í sin.
Mr. R. Burke
Ní hea, is mar sin atá an scéal.
Tá an Ghaeilge á labhairt sa teach cheana féin.
Mr. R. Burke
Cén fá nár éirigh leo san scrúdú mar sin?
Na daoine a chuir an scrúdú ar na páistí ba ó Dhún na nGall nó áit eile iad agus ní thuigeann na páistí óga sa Ghaeltacht an sórt Gaeilge atá acu. Táimid ag iarraidh rud simplí — athscrúdú. Rinneadh é sin go minic cheana.
Mr. R. Burke
An bhfuil an Teachta ag iarraidh a chur ina luí orainn gur duine ó Dhún na nGall nó ó Chiarraí atá ag cur Gaeilge ar pháistí Chonamara?
Sé an rud atá á rá agam ná——
Ceist a 45.
Is páistí an-óg iad seo. Bíonn siad cúthalach.
An bhfuil a fhios ag an Aire gur gnáthach i gcás go ndéanann Teachta Dála cás láidir den tsaghas a rinne an Teachta Molloy glacadh le hiarratas ar athscrúdú agus, ar an ábhar sin, an mbeadh an tAire sásta athscrúdú a chur ar fáil sa chás seo?
Mr. R. Burke
Mar adúras cheana, ní féidir liom a rá go ndéanfar sin nó nach ndéanfar. Is féidir liom a chur in iúl don Aire go bhfuaireas an t-iarratas seo ó na Teachtaí thall ach ní féidir liomsa é gheallúint.
Cheist dheireanach ón Teachta Ruairí Brugha.
An amhlaidh gur cuma leis an Aire má tá eágóir á déanamh ar na páistí seo?
Mr. R. Burke
Is ceist bhreágh í.
Is fíor í.
Mr. R. Burke
Cuirtear scrúdú ar na páistí seo. An bhfuil an Teachta ag iarraidh a chur ina luí orm go bhfuil eágóir á déanamh ag an gcigire ar na páistí seo?
Tá mé ag cur ceist ar an Aire——
Ceist a 45.
Mr. R. Burke
Níl mé chun glacadh leis an rud atá ráite anseo.
Tá mé ag cur ceist ar an Aire. Tá fhios aige go bhfuil Gaeilge á labhairt ag na páistí seo cois teallaigh.
Mr. R. Burke
Tá, ach níl sí líofa go leor chun go n-éireoídh leo sa scrúdú seo.
Tá siad níos líofa ná an tAire.