Tairgim:—
Go ndeonófar suim nach mó ná £3,650,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1974, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Ós é seo an chéad uair ó ceapadh mé mar Aire a fuair mé deis Meastachán Roinn na Gaeltachta a thabhairt go foirmeálta ós comhair na Dála, ba mhaith liom tuairisc a thabhairt don Teach ar a bhfuil déanta le bliain go leith anuas, ar an gcor atá ar chúrsaí faoi láthair agus ar an dóchas atá againn do na blianta atá romhainn. Is féidir liom a rá gur beag áit sa Ghaeltacht nach bhfuil cuairt tugtha agam féin air ó tháinig mé i gcúram na Roinne agus tá cuairteanna i ndiaidh a chéile tugtha agam ar na príomhcheantair theas, thiar agus thuaidh. Tá aithne curtha agam ar líon mór daoine sa Ghaeltacht, tá eolas agus tuiscint faighte agam ar na fadhbanna atá le réiteach acu agus tá gach iarracht á déanamh agam chun fónamh orthu agus chun dóchas agus misneach a thabhairt dóibh.
Bhí áthas orm nuair a ghlac an Rialtas le moltaí uaim tamall ó shin chun ceantair nua—i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge—a chur isteach sa Ghaeltacht. Tá lándóchas agam go mbeidh dea-thoradh an tsocruithe sin le feiceáil sna blianta atá romhainn.
Ba mhór an chúis sásaimh dom féin agus do mhuintir Ghaeltacht an Iarthair na cuairteanna a thug an Taoiseach agus an tAire Airgeadais ar an dúiche sin i rith na bliana. Léirigh siad arís an spéis atá acu i bhforbairt na Gaeltachta agus is ábhar misnigh do phobal na Gaeltachta Ceann an Rialtais agus Aire an Airgid a bheith ag tacú go toilteanach leis na hiarrachtaí atá ar siúl againn.
Is eol dom chomh maith gur ábhar sásaimh do mhuintir na Gaeltachta— agus go háirithe i nGaeltacht an Iarthair—an Roinn féin a bheith ag teacht níos cóngaraí doibh. Faoi mar a chinn an Rialtas, aistreofar oiread agus is féidir d'obair na Roinne go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe; glacfar lánchomhairle le comhaltaí na foirne agus is dá dtoil féin a aistreofar iad. Tá na socruithe don aistriú ag dul ar aghaidh faoi mar a ceapadh dóibh.
Chomh maith leis an soláthar £3,650,000 atá sa Mheastachán tá airleacan £1.5 mhilliún á chur ar fáil do Ghaeltarra Éireann don tréimhse ó Aibreán go Nollaig i mbliana. Taispeánann an t-iomlán de bhreis agus £5 mhilliún don tréimhse sin go bhfuil ráta bliantúil an tsoláthair ag dul i méid ó bhliain go bliain—i gcás na Roinne féin agus i gcás Ghaeltarra. Tá rian an airgid sin le haithint ar fud na Gaeltachta agus ba mhaith liom tuairisc a thabhairt don Dáil ar chuid den obair is tábhachtaí a rinneadh sa bhliain go leith ó thosach na bliana airgeadais seo caite anuas go deireadh Mheán Fómhair i mbliana.
Faoi na scéimeanna tithíochta críochnaíodh cásanna mar a leanas:— 320 teach nua; 250 feabhsú tí; 300 seomra folcaidh; 260 soláthar uisce; 300 saoráidí séarachais; 75 fheabhsú uisce agus séarachais; 60 méadú speisialta do chuairteoirí agus 33 shealla saoire.
Beidh Bille nua Tithíochta á thabhairt ós comhair na Dála agam go luath chun éifeacht reachtúil a thabhairt do na deontais tithíochta atá á n-íoc le tamall. Nuair a bheidh an Bille sin á phlé beidh deis againn dul isteach arís i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.
Tá forbairt na cuartaíochta ag dul chun cinn sa Ghaeltacht i gcónaí. I mbliana tá suas le 900 teach iostais— a bhfuil breis agus 3,000 seomra leapa iontu—i leabhrán na Roinne "Tithe Iostais do Chuairteoirí Gaeltachta" agus beidh tuilleadh fós in eagrán 1975 atá á ullmhú faoi láthair ag an Roinn. Ón eolas atá ar fáil agam, go háirithe ó na hóstáin a bhfuil Gaeltarra páirteach iontu, is féidir liom a rá go raibh méadú mór ar líon na gcuairteoirí go dtí an Ghaeltacht i mbliana.
Tá mórchuid feabhais curtha ar bhóithre áise sa Ghaeltacht cé go bhfuil sé le haithint le tamall go bhfuil deacrachtaí sa bhealach ar na húdaráis áitiúla maidir le hoibreacha a chur i gcrích. Tá súil agam nach fada go socrófar na deacrachtaí sin. Is ábhar sásaimh dom an dul chun cinn atá á dhéanamh ag coistí áitiúla Gaeltachta atá ag obair chun grúpscéimeanna uisce a chur i gcrích le cúnamh fial ón Roinn anuas ar dheontais ón Roinn Rialtais Áitiúil agus ó na comhairlí contae. Is léiriú ar éifeacht ár scéimeanna feabhsúcháin obair mar a leanas a bheith déanta sa tréimhse atá i gceist:—
155 |
fheabhsú bóthair áise |
890 |
foirgneamh feirme |
1,620 |
feabhsu plásán féaraigh agus |
1,100 |
feabhsú thionscadal talún |
Tá an obair ar ché Ros an Mhíl — a bhfuil deontas suas le £500,000 ceadaithe ina leith — ag dul ar aghaidh go maith agus tá muiroibreacha i gcuan an Daingin, Contae Chiarrai, geall le bheith críochnaithe ar chostas £230,000. Tá deontais suas go £250,000 san iomlán ceadaithe do mhuiroibreacha eile i Machaire Rabhartaigh, Árainn Mhór, Teileann agus Slad na bhFaigheog i gContae Dhún na nGall; i nDumha Éige, Port Durlainne agus Rinn Rua i gContae Mhaigh Eo; agus i gCill Éinne i gContae na Gaillimhe. Tá suas le £380,000 íoctha ag an Roinn ar mhuiroibreacha Gaeltachta ó Mhárta 1973 i leith.
Is cúis sásaimh dom cúrsaí soláthair leictreachais a bheith ag dul ar aghaidh go maith, le cabhair na Roinne, ar na príomhoileáin Ghaeltachta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord Soláthair an Leictreachais mar gheall ar an gcomhoibriú a fuarthas uathu san obair sin. Tá an leictreachas ag muintir Chléire le tamall maith; tá sé ag muintir Thoraigh agus Inis Oírr freisin; agus tá tús curtha leis an obair ar Inis Mór Árann agus súil leis an soláthar faoi Iúil na bliana seo chugainn. Is áthas liom freisin go bhfuil 26 chomharchumann ag obair i gceantair Ghaeltachta. Bhí dóchas agam riamh go ndéanfadh gluaiseacht na comharaíochta mórán tairbhe don Ghaeltacht agus is mó fós mo dhóchas anois nuair a fheicim toradh an tsaothair atá ar siúl ag roinnt díobh. Deontais suas le £75,000 atá íoctha againn le comharchumainn le bliain go leith.
Is maith liom a rá go bhfuil comharchumainn ag comhoibriú le chéile chun an chomharaíocht a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta. Is cúis misnigh dúinn cónascadh éifeachtach dá leithéid sin agus beidh tacaíocht le fáil ó mo Roinnse. Braithim go bhféadfaidh lucht na gcomharchumann cabhrú go mór le chéile ar an mbealach sin. Tig leo bheith ag foghlaim as taithí a gcuid iarrachtaí, as a mhéad a éiríonn leo agus, go deimhin, as a mhéad a theipeann orthu.
Sa bhliain go leith atá caite tháinig forbairt nua thábhachtach i gcuid den chomharaíocht sa Ghaeltacht. Luaim mar shampla monarcha phróiseála éisc in Ailt an Chorráin agus stáisiún beathaithe uan in Acaill. Is maith liom a rá freisin go bhfuil cabhair tugtha do thionscal na gcaorach i gContae Dhún na nGall, go bhfuil stáisiúin bheathaithe uan á mbunú faoi láthair i nDúiche Sheoigheach agus i gCorca Dhuibhne agus go bhfuil marglann bheostoic á tógáil sa Daingean. Tá dul chun cinn nach beag á dhéanamh i dTuaisceart Mhaigh Eo, áit a bhfuil Comhar Iorrais agus Gaeltarra Éireann i bpáirt le chéile i gcomhlacht nua chun roinnt mílte acra talún a fheabhsú. Is é seo an cineál praiticiúil comharaíochta a fhéadfaidh cabhrú go mór le cúrsaí forbartha ar fud na Gaeltachta.
Tá tábhacht ar leith le hionaid phobail áitiúla chun an saol sóisialach a fheabhsú sa Ghaeltacht. Ní féidir déanamh dá n-éagmais má tá áiseanna caithimh aimsire agus saoráidí eile le bheith ag an aos óg sna paróistí Gaeltachta. Tá dul chun cinn sásúil déanta cheana ina lán ceantar Gaeltachta le cabhair scéim na hallaí atá á reachtáil ag an Roinn agus tá an obair ag dul ar aghaidh i gcónaí. Bhí sé d'onóir agam ionad pobail a oscailt i mbliana i bhFánaid, Contae Dhún na nGall, agus ceann eile i mBaile Gib, Contae na Mí, agus beidh áras pobail eile le hoscailt go han-luath i Ráth Cairn, Contae na Mí. Tá ionad á chur ar fáil le cabhair na Roinne ar an bhFáirche, Contae na Gaillimhe, agus táthar ag ullmhú do cheann i nGaoth Dobhair.
I dteannta a bhfuil ráite agam anois díreach faoi áiseanna sóisialacha sa Ghaeltacht a dtugtar cabhair dóibh faoinár scéimeanna feabhsúcháin, tá scéimeanna eile cultúrtha agus sóisialacha á reachtáil againn nach leis an nGaeltacht amháin a bhaineann siad ach a théann chun leasa don Ghaeilge chomh maith. Tá dea-thoradh ar an socrú a rinne an Rialtas chun deontas na mban tí Gaeltachta a dhúbhailt i gcás daltaí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Anuraidh chuaigh líon na ndaltaí i méid go 13,500 agus deontais na Roinne go £320,000; agus i mbliana tá líon na ndaltaí imithe thar 17,000 agus tá deontais £378,000 íoctha againn leis na mná tí. Chomh maith leis sin d'íoc an Roinn deontais don chéad uair riamh—os cionn £14,500 i leith 1,500 dalta—i gcás daoine óga a rinne freastal ar chúrsaí samhraidh i gcoláistí áirithe Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is léir gur fearr a mhairfidh an Ghaeilge ar an ngríosadh ná ar an éigeantas.
Tá scéim nua tugtha isteach againn —an scéim scoláireachtaí do cheardcholáistí réigiúin—chun cabhrú le daltaí Gaeltachta cúrsaí oiriúnacha lánaimsire trí Ghaeilge a dhéanamh. Is i gcomhairle leis an Roinn Oideachais atá an scéim sin á reachtáil agus beidh deontais á n-íoc againn ar aon chaighdeán leis na deontais a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag an Roinn sin chun a chumasú do dhaltaí cúrsaí ardoideachais a dhéanamh in ollscoileanna nó i bhforais dá samhail. Níl ach ceardcholáiste amháin ina bhfuil na deontais seo á dtuilleamh go fóill —Ceardcholáiste na Gaillimhe, áit a bhfuil cúrsa lánaimsire trí Ghaeilge ar staidéar gnó ar siúl. Tá dóchas agam go dtabharfaidh an scéim nua uchtach do choláistí eile cúrsaí oiriúnacha a chur ar siúl do dhaltaí na Gaeltachta.
I gcúrsaí gearrscannán, d'éirigh go han-mhaith leis an scannán daite "An Ghaeilge Bheo". Taispeánadh é i roinnt mhaith scoileanna ar fud na tíre agus níor bheag a chabhraigh sé leis na coláistí Gaeilge agus le gnóthaí cuartaíochta sa Ghaeltacht. Léiríodh ar an teilifís freisin é agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le húdaráis RTE dá chionn sin: táimid faoi chomaoin acu. Rinneadh scannán eile—"An Bodhrán"— freisin agus táthar tar éis é a léiriú go poiblí cheana féin sa Ghaeltacht. Tá scannán eile fós ar láimh againn faoi láthair a léireoidh cuid den dul ar aghaidh sa Ghaeltacht agus tá súil agam go mbeidh sé ar fáil in earrach na bliana seo chugainn.
Tá roinnt mhaith airgid á caitheamh againn ar thréimhseacháin Ghaeilge agus is ábhar imní dom cuid de na deacrachtaí—go háirithe deacrachtaí airgid—a bhaineann leo. Ba mhaith liom ceist na dtréimhseachán a chur á scrúdú féachaint an féidir toradh níos fearr a fháil ar an airgead poiblí a chaitear orthu—breis agus £45,000 sa tréimhse ó Aibreán go Nollaig i mbliana. B'fhéidir gurbh fhearr dúinn, mar shampla, ár n-iarrachtaí a thiomsú go láidir ar fhoilseachán nó dhó ná ár n-acmhainn a scaipeadh ag iarraidh bheith ag freastal ar an iomarca san aontráth. Ar an taobh eile, is maith liom a fheiceáil go bhfuil ag éirí go maith le hirisí áitiúla Gaeltachta atá á bhfoilsiú le cabhair ón Roinn. Ní baol do Ghaeilge na Gaeltachta má bhíonn sí á scríobh agus á léamh ag muintir na Gaeltachta féin.
Bhí áthas orm go raibh ar mo chumas teacht i gcabhair, faoinár scéimeanna cultúrtha, ar dhá eagras a bhfuil spéis mhór agam iontu agus ard-dóchas agam go mbeidh toradh fónta ar a saothar go ceann na mblianta fada. Táim ag trácht ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus ar Shiamsa Tíre. Tá siad araon molta agus athmholta agam cheana agus is deímhin liom go n-aontóidh an Dáil liom gur chóir agus gurbh fhiú dúinn cabhrú leo. Sa bhliain 1973-74 íocadh deontas £35,000 leis an gComhaltas agus tá £30,000 á íoc leo don tréimhse reatha. I gcás Shiamsa Tíre tá £50,000 airgead caipitil geallta dóibh ón Roinn agus £50,000 eile ó Bhord Fáilte Éireann agus tá socraithe againn deontas reachtála in aghaidh na bliana a íoc leo chomh maith i gcomhar leis an mbord.
Bhí sé d'onóir agam an chéad Teach Siamsa a oscailt go hoifigiúil i rith an tSamhraidh i bhFionnúig i gContae Chiarraí agus chas mé an fód don dara teach ar an gCarraig i gCorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí le déanaí. Ba mhór an t-ábhar bróin dúinn uile ar an gCarraig an lá sin gur cailleadh Liam Tarrant go hobann i lár an cheiliúrtha. Ba rinceoir agus siamsóir den chéad scoth é a rinne breis agus cion fir chun obair Shiamsa a chur chun cinn: go gcúití Dia a shaothar leis. Is mór an chailliúint a bhás.
Is é mo thuairim féin gur i saothar Shiamsa Tíre atá an fhorbairt is suntasaí agus is tábhachtaí i gcúrsaí cultúrtha na tíre ó bunaíodh an Stát. Ní sa bhaile amháin atá aitheantas faighte acu ach thar lear freisin mar is léir ón mórdhuais chultúrtha Ghearmánach a bronnadh orthu le déanaí.
Tá an soláthair i gCiste na Gaeilge ag dul i méid ó bhliain go bliain. D'íoc an Roinn breis agus £200,000 sa bhliain airgeadais 1973-74 le heagrais áirithe atá ag cabhrú le leathnú na Gaeilge ar fud na tíre. Ar na heagrais a fuair deontais bhí GaelLinn, £65,785; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, £55,000; Conradh na Gaeilge, £36,657; an Ghluaiseacht Náisiúnta Drámaíochta, £18,500; agus an tOireachtas, £11,000. Toisc go mbraitheann méid na ndeontas i gcuid de na cásanna ar theacht isteach na n-eagras ó fhoinsí eile, níl na figiúirí iomlána ar fáil go fóill don tréimhse reatha. Is féidir a rá, áfach, gur £46,000 atá ceadaithe do Chomhdháil Náisiúnta na Gaelige agus £16,000 don Oireachtas.
Is dona liom nach bhfuil réiteach ar fáil fós san aighneas an dá thaobh sa Ghluaiseacht Náisiúnta Drámaíochta. Tá súil agam, áfach, gur gearr anois go bhfaighidh mé na moltaí ón gcoiste fiosraithe a bhunaigh mé sa chás sin agus, más réiteach agus comhar cairdiúil a thiocfaidh de na moltaí sin, is fiú fanacht leo. Ní foláir don dá thaobh sprid an aontais a chothú eatarthu féin agus teacht ar shocrú ar mhaithe leis an drámaíocht Ghaeilge. Is deacair domsa agus don Roinn cabhrú mar ba mhian linn leis an ngluaiseacht drámaíochta fad a bheidh míthuiscint nó easaontas idir na dreamanna atá páirteach inti.
Ba mhaith liom focal molta speisialta a thabhairt do Ghlór na nGael. Tá obair an-tábhachtach ar siúl acu le cumas agus le ciall. Dá chomhartha sin, tá ag éirí leo mórchuid den phobal a tharraingt isteach sa ghluaiseacht chun an teanga agus an cultúr is dúchas dúinn a neartú. Ba chúis mhór sásaimh dom a fheabhas a d'éirigh leis an gClochán, Contae Chiarraí, i gcomórtas Ghlór na nGael anuraidh agus ní fhéadfainn moladh ró-ard a thabhairt do na díograiseoirí éifeachtacha a thug an chraobh go hEochaill i gContae Chorcaí i mbliana.
Beidh páirt an-tábhachtach le glacadh ag na heagrais dheonacha teanga agus cultúir i bhforbairt na ngnéithe sin dár saol feasta. Tá gá le comhoibriú níos dlúithe agus comhordú níos fearr idir iarrachtaí na n-eagras éagsúil. Mar shampla den rud atá in aigne agam ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don chaint a rinne mé ag oscailt Féile Luimnigh i mí Feabhra seo caite nuair a d'iarr mé ar lucht eagraithe féilte ar fud na tíre lá amháin ar a laghad de gach féile bhliantúil a thabhairt d'imeachtaí teanga agus cultúir. D'iarr mé comhoibriú na n-eagras éagsúil ina dhiaidh sin agus ba mhór agam an tacaíocht a fuair mé uathu. Ba mhórchúis misnigh dom freisin freagairt lucht na bhféilte féin agus méid na n-imeachtaí Gaelacha a d'éirigh leo a chur sna féilte ar fud na tíre i mbliana.
Chun comhordú ceart a dhéanamh ar iarrachtaí choistí na bhféilte ar fud na tíre agus iarrachtaí na n-eagras náisiúnta teanga agus cultúir, tá socraithe agam coiste speisialta ar bhonn náisiúnta a thabhairt le chéile ar a mbeidh ionadaithe ó na heagrais éagsúla, ó Bhord Fáilte Éireann agus ó na heagrais réigiúnacha chuartaíochta. Sna laethanta seo bíonn féile bhliantúil ag formhór na mbailte in Éirinn, idir mhór agus bheag, agus tugann siad sin scóip mhór agus deis bhreá dúinn chun tuiscint agus meas níos fearr a chothú ar thábhacht ár dteanga agus ár gcultúir.
I dtús na bliana airgeadais seo caite, mar is eol don Teach, cheap mé cúig chomhalta nua ar Bhord Ghaeltarra Éireann ar a raibh triúr ón nGaeltacht—thuaidh, thiar agus theas—feidhmeannach ceardchumainn agus feidhmeannach sinsearach ón Údarás Forbartha Tionscail. Is chun teagmháil níos dlúithe a choimeád le pobal na Gaeltachta agus forbairt na Gaeltachta a thabhairt isteach i mórshruth na forbartha náisiúnta a rinne mé é sin.
Thug mé údarás ginearálta don bhord deontais do mhiontionscail a cheadú suas go £40,000. Cuireann sé seo ar chumas Ghaeltarra cabhrú le tograí níos mó gan scaireanna a ghlacadh sna comhlachtaí—rud a oireann go háirithe do mhiontionscail a raibh cuid mhaith fáis tagtha fúthu agus breis cúnaimh de dhíth orthu d'fhonn an gnó agus an fhostaíocht a mhéadú tuilleadh.
Is áthas liom a rá go bhfuil ag éirí le Gaeltarra i gcónaí dul chun cinn maith a dhéanamh i gcúrsaí tionscail. Is mór an chreidiúint dóibh é sin go háirithe ó thús na bliana seo ag féachaint do na deacrachtaí atá ag cur isteach ar chúrsaí eacnamaíochta i gcoitinne. Le bliain go leith anuas ceadaíodh cúnamh do 20 togra nua comhthionscail—a mbeidh Gaeltarra féin páirteach iontu—agus do 75 thogra nua miontionscail. Ach na tionscail seo, idir bheag agus mhór, a bheith faoi lánseol, cuirfidh siad fostaíocht ar fáil do thart ar 1,500 duine ar fad. Tá os cionn 2,500 duine fostaithe go lánaimseartha sna tionscail uile ar chabhraigh Gaeltarra leo ó tugadh cumhachtaí forbartha dóibh agus sna tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin. Ach na tionscail sin ar fad a bheith faoi lánseol meastar go gcuirfidh siad suas le 2,000 post breise ar fáil san iomlán. Ní beag le rá an chéim sin i dtreo na lánfhostaíochta sa Ghaeltacht.
Bhí sé de phribhléid agam féin seacht dtionscal nua a oscailt go hoifigiúil ar fud na Gaeltachta le tuairim is bliain anuas. Chomh maith leis sin d'oscail an Taoiseach biúró ríomhaireachta de chuid Ríomhaire Teoranta sna Forbacha le déanaí; cuirfidh sé sin seirbhís ríomhaireachta nua-aimseartha ar fáil in Éirinn agus sa Bhreatain tríd an gcóras teileagrafaíochta. Is comhartha muiníne é as an infheistíocht sa Ghaeltacht comhlacht mór poiblí Éireannach a bheith sásta anois páirt a ghlacadh sa chomhthionscal sin. Tá súil agam go ndéanfaidh a lán comhlachtaí eile aithris orthu.
Is é Ríomhaire Teoranta an dara mórchóras ríomhaireachta atá bunaithe sa Ghaeltacht le cabhair ó Ghaeltarra. Is amhlaidh atáimid ag iarraidh níos treise ná riamh tionscail seirbhíse a thabhairt isteach sa Ghaeltacht d'fhonn go mbeidh raon fostaíochta níos leithne don lucht saothair agus rogha poist ar fáil do gach duine más féidir. Chun daoine a bhfuil oideachas den dara leibhéal agus den tríú leibhéal acu a choinneáil sa Ghaeltacht ní foláir poist ardréime a bheith ann a mheallfaidh agus a spreagfaidh chun fostaíochta sa bhaile iad.
D'fhonn cabhrú le hiarrachtaí Ghaeltarra chun tuilleadh tionscal a fháil, thug mé cuairt lena gcuid oifigeach ar naoi gcathair sa Ghearmáin agus san Iodáil le déanaí. De thoradh an turais sin táim sásta go bhfaighfear ar a laghad trí thionscal nua don Ghaeltacht agus go bhfuil seans maith go bhfaighfear trí cinn eile freisin. Ghabhfadh fostaíocht do 650 go 800 duine leis na sé thionscal atá i gceist agam.
Chabhraigh Gaeltarra le sprid na fiontraíochta i gcúrsaí tionscail a mhúscailt tuilleadh i muintir na Gaeltachta—go háirithe i gcás na ndaoine a raibh miontionscail bunaithe nó á mbunú acu ar a gconlán féin. Mar chuid den tseirbhís sin eagraíodh cúrsaí oiliúna éagsúla agus seimineáir. Is trí mhiontionscail fhiúntacha dá gcuid féin a bhunú agus a mhéadú is fearr is féidir le muintir na Gaeltachta páirt a ghlacadh i bhforbairt eacnamaíoch na Gaeltachta. Is ar mhuintir na Gaeltachta féin a bheifear ag brath cuid mhaith chun an lánfhostaíocht a thabhairt i gcrích sa Ghaeltacht agus is féidir a rá go bhfuil a gcion féin á dhéanamh acu: ach na miontionscail atá idir lámha acu a bheith faoi lánseol beidh suas le 1,500 post nua iontu. D'fhonn cabhrú le pobal na Gaeltachta agus leis an tionsclaíocht a chur chun cinn thug Gaeltarra níos mó aire ná riamh do chúrsaí oiliúna. Chuir siad feabhas ar a gcuid socruithe agus ar na cláir oiliúna i gcomhairle le hAnCO. Cuireadh cúrsaí traenála ginearálta agus cúrsaí ar leith ar siúl san ionad atá ag AnCO ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair.
Tá aire ar leith á tabhairt do chur chun cinn na ceardaíochta, rud a oireann go maith do chultúr agus do thraidisiún na Gaeltachta toisc go ngabhann ardscil agus mórchuid oiliúna lena leithéid. I gcomhairle leis an gCoiste Ceardaíochta, a bunaíodh i dtús na bliana, táthar tar éis buntreoracha a leagan amach i dtaobh a mbeadh le déanamh chun na tionscail éagsúla sin a spreagadh agus chun clár oiliúna do na hoibrithe a chur le chéile. Tá i gceist ionaid cheardaíochta a bhunú i gcúig áit ar fud na Gaeltachta. Faoi láthair tá idirbheartaíocht ar siúl faoi ocht dtionscal nua lámhcheirde a bhunú a mbainfeadh roinnt acu le potaireacht, seodra, fíodóireacht, oirnéisí ceoil agus obair mhiotail.
Is léir óna bhfuil ráite agam go bhfuil raon leathan forbartha ar siúl ag Gaeltarra—mórthionscail, miontionscail agus tionscail lámhcheirde. Tá ag éirí leo tionscail a bhunú ar acmhainn nádúrtha na Gaeltachta, mar atá, próiseáil éisc agus adhmaid, próiseáil ghrianchloiche in Acaill agus céimeanna éagsúla forbartha ar an talmhaíocht agus ar an ngairneoireacht. Le tamall anuas tá aire ar leith á tabhairt acu d'fhorbairt na n-acmhainní nádúrtha sna ceantair Ghaeltachta, cúrsaí a bhfuilim féin ag tacú go fonnmhar leo. Tá Bord Ghaeltarra tar éis clár forbartha a leagan amach agus foireann a chur ar fáil chun taighde agus tionscnamh a dhéanamh. Tá an talamh, an t-uisce agus an timpeallacht san áireamh agus beifear ag iarraidh feidhm iomlán a bhaint as cumas mhuintir na Gaeltachta fein Beifear ar lorg tionscal buanmharthana lena mbunú ar mhianraí—cré, iathchloch, miotail luachmhara, ábhair thógála, agus mar sin de—agus ar chothú beithíoch, fás plandaí agus forbairt ghnóthaí mara ar a n-áirítear iascfheirmeoireacht agus an chuartaíocht.
Tá sé d'aidhm ag Gaeltarra go rachaidh an fhorbairt shóisialach ar aghaidh céim ar chéim leis an bhforbairt eacnamaíoch sin. Tá an scéim duaiseanna pobail ar cuireadh tús léi i rith na bliana ag dul chun cinn go maith: tá an pobal i 42 cheantar ag glacadh páirte sa chomórtas cheana agus tuilleadh ceantar ag cur isteach air fós. Bronnfar duaiseanna don chéad uair i gceann bliana nó mar sin. Is é is cuspóir don scéim seo ná an pobal a spreagadh chun tionscnaimh d'fhonn tionscadail a bhunú a chuirfidh feabhas ar gach gné dá saol sóisialach. Tá cúnamh á lorg ó dhaoine eile ón taobh amuigh a bheadh sásta tacú leis an scéim. Bhí an cuspóir céanna le seachtainí forbartha a cuireadh ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh, i gCorr na Móna agus i dTír an Fhia agus táthar ag ullmhú do sheachtain den saghas sin i mBaile na Finne. Tá i gceist tuilleadh seachtainí dá leithéid sin a reachtáil in áiteanna eile i rith na bliana seo chugainn.
Ghlac Gaeltarra páirt i roinnt taispeántas d'fhonn eolas a scaipeadh faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh sa Ghaeltacht agus daoine taobh amuigh den Ghaeltacht a tharraingt isteach san obair. Orthusan bhí "An Ghaeltacht Beo" i mBaile Átha Cliath; Féile Chiarraí; Mórshiúl Lá Fhéile Pádraigh agus an tOireachas i gCois Fharraige. D'éirigh go maith leo sna hiarrachtaí sin.
Faoi mar is eol don Teach, is minic a luaigh mé an géarghá atá le cláir fhorbartha ar leith do na príomhoileáin Ghaeltachta atá scartha go maith ón mórthír. Rinne Gaeltarra suirbhéireacht iomlán ar na hoileáin sin agus tá oifigeach forbartha ag cabhrú go lánaimseartha leis na daoine atá ina gcónaí orthu. Ba chúis mhór sásaimh dom a fhógairt le déanaí gur éirigh le Gaeltarra tionscail nua a fháil do dhá cheann díobh —Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall agus Inis Mór Árann na Gaillimhe. Tá ar intinn ag Gaeltarra clár réalaíoch forbartha a chur i gcrích ar na hoileáin Ghaeltachta.
Ní foláir dúinn a mheabhrú agus na cúrsaí forbartha sin á bplé againn gur réigiún iargúlta ar fhorimeall na hEorpa an Ghaeltacht agus nach iad na hoileáin amháin ach an chuid is mó den Ghaeltacht ar an mórthír fein atá scoite iargúlta agus i bhfad ó láthair na bpríomh-mhargaí. Bíonn forbairt na réigiún imeallach ag brath go mór ar chúrsaí iompair agus cumarsáide agus dá bhrí sin rinneadh cúram ar leith den ghné sin den scéal le bliain anuas. Faoi mar is eol do na Teachtaí, ghlac Gaeltarra páirt, i gcomhar le hAer Árann agus le comhlacht Éireannach eile, i bhfeabhsú aersheirbhísí ar fud na Gaeltachta agus go háirithe i gcás na n-oileán. Tá eitleán breise a ceannaíodh ó shin ag feidhmiú le tamall agus beartaítear an tríú heitleán a cheannach sa bhliain 1975. Tá úsáid á baint cheana as na haerstráicí ar Inis Mór agus ar Inis Meáin agus tá an t-aerfort nua i gCarn Mór i nGaeltacht na Gaillimhe ar oscailt anois. Tá obair á cur i gcrích ar aerstráice nua i mBaile an Sceilg agus táthar ag súil leis go gcuirfear tús leis an obair go luath ar aerstráicí ar Inis Oírr agus i nGaoth Dobhair. Ni amháin go ndéanfaidh scéim choimsitheach aersheirbhísí freastal ar mhuintir na Gaeltachta féin ach chabhródh sí go mór le leas eacnamaíoch agus sóisialach na Gaeltachta a chur chun cinn.
Is mór an trua nár ghlac Comhphobal na hEorpa le beartas réigiúnach go fóill agus nár bunaíodh ciste réigiúnach as a mbeifí ag súil le cúnamh d'fhorbairt na Gaeltachta agus an Iarthair. Is cúis sásaimh é, áfach, go bhfuil airgead á fháil don Ghaeltacht ó chiste eile de chuid an Chomhphobail. Tá deontas caipitil £58,000 a iarradh anuraidh ceadaithe as an gciste FEOGA do Chomhar Iorrais Teo., comharchumann a bhfuil Gaeltarra páirteach leo sa chomh-chomhlacht Forbairt Talún Iorrais Teo., agus tá trí hiarratas curtha isteach faoi scéim 1974. Tá cúnamh á fháil ag Gaeltarra féin d'oiliúint oibrithe ó Chiste Sóisialach na hEorpa. Táthar ag súil le £97,000 i mbliana i leith na bliana anuraidh, tá glactha i bprionsabal le hiarratas ar £150,000 don bhliain fhéilire seo agus tá iarratas curtha isteach ar £240,000 don bhliain seo chugainn. Thug feidhmeannaigh shinsearacha de chuid an choimisiúin, go háirithe iad siúd ar chúram dóibh an ciste sóisialach, roinnt cuairteanna ar an nGaeltacht.
Faoi mar is eol don Dáil tá socraithe ag an Rialtas Údarás nua Gaeltachta a bhunú faoi scáth Roinn na Gaeltachta. Beidh cumhachtaí leathana ag an Údarás agus rannpháirtíocht ag pobal na Gaeltachta ann chun clár uileghabhálach don Ghaeltacht a chur i ngníomh. Beidh eagrú, structúr feidhmeanna agus cumhachtaí an Údaráis nua ag teacht leis na príomhmholtaí atá inGníomh don Ghaeltacht. Glacfaidh an tÚdarás nua chuige feidhmeanna forbartha atá faoi láthair ag Roinn na Gaeltachta agus ag Gaeltarra Éireann agus tabharfar dóibh freisin aon fheidhmeanna nua is gá ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, shóisialach, theangaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta. Tá an Bille a bheidh ag teastáil á ullmhú agus, nuair a bheidh glactha ag an Rialtais leis, tabharfar faoi bhráid na Dála é.
Mar gheall ar a dheacra atá sé an rannpháirtíocht is dual do phobal na Gaeltachta féin san Údaras a shocrú bhunaig mé coiste speisialta tamall ó shin chun comhairle a chur orm. Beidh molta ar fáil ón gcoiste go han-luath agus beidh ar mo chumas díriú ar an ngné sin den scéal.
Faoi mar a d'fhógair mé tamall ó shin, tá socraithe ag an Rialtas Bord reachtúil—Bord na Gaeilge—a bhunú agus cumhachtaí feidhmiúcháin aige chun leas na Gaeilge a chur chun cinn; ullmhófar Bille cuí agus, sula mbeidh sé ina Acht, bunófar an bord ar bhonn ad hoc. Tá an cinneadh sin ag teacht leis an tuarascáil Feidhmiú Polasaí Teanga inar mhol Comhairle na Gaeilge go sannfaí feidhm ghinearálta leathnú na Gaeilge do bhord reachtúil ar leith a dtabharfaí Bord na Gaeilge air.
Is í Roinn na Gaeltachta a bheidh freagrach i mBord na Gaeilge agus is uirthi freisin a bheidh an phríomhfhreagracht i bhfeidhmiú an bheartais ghinearálta atá ag an Rialtas chun an pobal a spreagadh ar thaobh úsáid na Gaeilge ar fud na tíre. Is é seo an chéad uair a cuireadh an fhreagracht sin ar aon Roinn áirithe. Ranna eile a bhfuil freagracht orthu i ngnéithe áirithe de bheartas an Rialtais don Ghaeilge leanfaidh siad don fhreagracht sin a chomhlíonadh ach aistreofar chuig Roinn na Gaeltachta aonaid áirithe a bhfuil feidhmeanna sonracha acu—Bord na Leabhar Gaeilge, mar shampla.
Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas ainmneacha comhaltaí Bhord na Gaeilge a fhógairt go han-luath. Tá i gceist agam go rachaidh siad i mbun oibre a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.
Anois nuair atá beartas soiléir agus socruithe cinnte leagtha amach againn don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, feicim ré nua faoi rath agus faoi ghradam i ndán dóibh i 1975 agus sna blianta ina dhiaidh sin. Tuigeann an Rialtas gurb í an Ghaeltacht foinse agus tobar ár dteanga agus ár gcultúir. Beidh de phríomhchúram ar Údarás na Gaeltachta, mar sin, aire speisialta a thabhairt do neartú agus do leathnú úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Tá lándóchas agam freisin go n-éireoidh le Bord na Gaeilge spreagadh mór chun cinn a thabhairt do bheartas an Rialtais i leith na Gaeilge, is é sin, meas ar an nGaeilge a chothú agus an teanga féin a chur chun cinn.
Tig liom a gheallúint go ndéanfaidh mé féin agus Roinn na Gaeltachta gach dícheall chun go mbeidh an dá eagras atá le bunú ina ngléasanna éifeachtacha chun beartas an Rialtais don Ghaeltacht agus don Ghaeilge a chur ar aghaidh.
Tá geall an Rialtais d'fhorbairt Gaeltachta agus do chothú ár dteanga agus ár gcultúir léirithe go follasach acu ó tháinig siad i gcúram oifige trí na socruithe móra fadraonacha atá déanta acu agus atá á gcur i ngníomh anois. Na socruithe i dtaobh an t-éigeantas a bhaint as an nGaeilge i scrúduithe iar-bhunoideachais, i dtaobh Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge a bhunú, i dtaobh freagracht i leathnú na Gaeilge ar fud na tíre a thabhairt don chéad uair do Roinn amháin Stáit, Roinn na Gaeltachta, agus i dtaobh oiread agus is féidir d'obair Roinn na Gaeltachta a aistriú go dtí Gaeltacht na Gaillimhe —is socruithe móra fadraonacha iad a mbeidh tionchar tábhachtach acu feasta ar an nGaeltacht agus ar ár dteanga agus ár gcultúr agus tá dóchas agam go gcuirfidh siad tús le ré nua athbheochana.
Tuigeann an Rialtas gurb í an Ghaeltacht foinse agus tobar ár dteanga agus ár gcultúr. Aithnímid gur i gcomhluadair inmharthana shócmhainneacha Ghaeltachta atá an deimhniú is fearr go mairfidh an teanga. Mar atá ráite go minic agam: gan obair, gan daoine, gan Ghaeltacht, gan teanga. Agus ar an ábhar sin tá cláir phraiticiúla réalaíocha á leagan amach agus á gcur i ngníomh againn ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, shóisialach agus chultúrtha sa Ghaeltacht—ina n-áirítear talmhaíocht, gairneoireacht, miontionsclaíocht, mórthionsclaíocht, iascaireacht, cuartaíocht agus lámhcheardaíocht, agus béim ar leith againn ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta, ar bhunú ionad pobail agus ar spreagadh pobal-fhorbartha trí sheimineáir etc. Tá bun maith láidir leagtha anois faoi na cláir fhorbartha sin agus beidh d'fheidhm agus de chúram ar Údarás na Gaeltachta na pleananna sin a chomhdhlúthú agus iad a thabhairt chun críche i gcomhar agus i gcomhairle iomlán le pobal na Gaeltachta a mbeidh guth láidir acu san Údarás nua.
Is mian linn an Ghaeltacht a fheiceáil ina lánchuid mhórthábhachtach den náisiún iomlán agus a tionchar ag leathnú amach thar a teorainneacha féin ar fud an náisiúin go léir. Na taispeántais ar samplaí díobh "An Ghaeltacht Bheo" i mBaile Átha Cliath agus léiriúcháin eile i Luimneach, Trá Lí agus áiteanna eile mar aon le léiriú scannán Gaeltachta, is bealaí simplí praiticiúla iad chun an Ghaeltacht a chur in aithne do mhuintir na hÉireann. Tá ar intinn againn leanúint den bheartas sin sna blianta atá romhainn. Beidh sé mar mhóraidhm ag beartais an Rialtais spreagadh praiticiúil a thabhairt chun go bhféadfaidh an oiread daoine óga agus is féidir tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht le linn saoire an tsamhraidh ar ghearrchúrsaí Gaeilge agus téarma i rith na scoilbhliana ar chúrsaí níos faide. Is mian linn freisin go dtabharfadh muintir na hÉireann cuairteanna ar an nGaeltacht agus go gcaithfidis laethanta saoire ann. Tá riachtanas leis an dlúth-theagmháil sin idir daoine laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht chun go mbeadh rath feasta ar ár dteanga agus ar ár gcultúr ar fud na tíre ar fad.
Beidh de fhreagracht agus de dhúshlán ar Bhord na Gaeilge an teanga a chur chun cinn ar fud na tíre. Bhí ceist athbheochan na Gaeilge ina hábhar fairsing do chur agus cúiteamh i gcaitheamh na mblianta. Ón mórchuid taistil atá déanta agam ar fud na tíre agus ón bhfreastal atá déanta agam ar mhórán imeachtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht táim sásta gur tháinig den socrú Rialtais i dtaobh éigeantas a bhaint as an nGaeilge i scrúduithe go bhfuil rabharta nua dúthrachta agus bá bhreise ag an bpobal i bhfábhar na Gaeilge le haithint anois. Tá a dheimhniú sin sa mhéadú mór atá i líon na ndaoine óga a dhéanann freastal ar na cúrsaí samhraidh Gaeltachta, sa bhreis daoine atá ag caitheamh a gcuid laethanta saoire sa Ghaeltacht, sna sluaite a dhéanann freastal ar na taispeántais éagsúla Ghaeltachta ar fud na tíre, sa mhéadú spéise atá ag coistí féilte ar fud na tíre tuilleadh imeachtaí teanga agus cultúir a bheith acu ina bhféilte bliantúla agus sa líon iontach daoine a dhéanann freastal ar na himeachtaí Gaelacha sin. Tá sé á léiriú freisin sa tslí ina bhfuil níos mó daoine ag lorg ranganna geimhridh sa Ghaeilge agus ag freastal ar na ranganna sin ina lán áiteanna. Tá sé le feiceáil arís sa bhreis suime atá á cur ag an bpobal i gcomórtais Ghlór na nGael agus i gcomórtais eile ar nós Slógadh, díospóireachtaí scoile, agus ar aoile.
Níl aon amhras in aon chor ná go bhfuil mórchuid dea-mhéine don teanga go fairsing ar fud na tíre. Caithfear an dea-mhéin sin a mhéadú ón spéis neamhghníomhach go dtí an beart éifeachtach i labhairt na teanga. Is gnó é sin do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge. Níl aon amhras orm ná go dtiocfaidh linn—as tuairimí agus tuiscint nua, as na beartais réalaíocha agus as méid na gcomhiarrachtaí uile —an dúshlán sin a fhreagairt agus a shárú. Anois nuair atá an t-éigeantas i leataobh is é aidhm an Rialtais spéis sa Ghaeilge agus grá di a chothú. Ní bheidh aon áit sa Ghaeilge feasta don mhioscais ná don searús.
Ó ceapadh mé mar Aire na Gaeltachta táim tar éis mórán mílte a thaisteal agus casadh ar mhórchuid daoine sa Ghaeltacht agur ar fud na tíre. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun buíochas a ghabháil leis na daoine ina mílte a roinn a gcineáltas liom go pearsanta, leis na heagrais líonmhara ar fud na tíre a chuir comaoin aíochta orm, leis na comhaltaí de gach páirtí i nDáil Éireann a thug cúnamh agus misneach dom agus leis an lucht nuachta a scaip go fial agus go fairsing scéala faoin nGaeltacht agus faoi imeachtaí Gaelacha le bliain go leith anuas. Agus mé ag gabháil buíochais le Teachtaí ó gach páirtí ba mhaith liom a iarraidh orthu leanúint de sprid sin na dea-thola i ngnó ar chóir dó dul thar choimhlint pháirtithe polaitíochta agus aicmí creidimh, is é sin, caomhnú ár dteanga agus ár gcultúir agus ár n-ionannais dhílis náisiúnta sna blianta atá romhainn.