d'Aire na Gaeltachta céard a bhain do Chomlacht Westcon, i nGaillimh.
Ceisteanna——Questions. Oral Answers. - Comhlacht Westcon.
28. D'fhiafraigh
Is amhlaidh a chuigh an obair sa mhonarcha ar an gCeathrú Rua i laghad agus, nuair a scaoileadh le cuid den fhoireann, tharla stailc neamhoifigiúil. Tá gach dícheall á dhéanamh chun na fadhbanna a réiteach agus sílim gurbh fhearr gan a thuilleadh a rá mar gheall orthu ag an bpointe seo.
Do réir mar a thuigimse tá daoine áirithe ag rá go bhfuil an tAire indiaidh geallúint a thug sé a bhriseadh. Ar mhaith leis an Rúnaí Parlaiminte aon ní a rá faoin ráiteas sin a bhí ar na nuachtáin inniu nó inné?
Níor mhaith agus pé eolas breise atá agam anseo ní bhaineann sé leis an gceist fhorlíontach a chuir an Teachta ach cuirfidh mé an cheist in iúl don Aire an túisce a chífidh mé é.