Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 Nov 1974

Vol. 275 No. 8

Ceisteanna——Questions. Oral Answers. - Aistriú Roinn na Gaeltachta.

31. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ó d'fhógair sé é faoi aistriú Roinn na Gaeltachta go Gaillimh.

Faoi mar a mhínigh an tAire cheana, is é atá beartaithe ná oiread agus is féidir d'obair na Roinne a aistriú go dtí na Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá Coimisinéirí na nOibreacha poiblí ag dul ar aghaidh leis na socruithe don oifig nua.

Ní fheadfar an aontódh an Rúnaí Parlaiminte nár thug sé freagra ar an gceist de bhrí gurab é bhí sa cheist ná cén dul chun cinn atá déanta? De réir mar thuigimse ón bhfreagra a thug an Rúnaí Parlaiminte tá sé ag rá go bhfuil Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ag féachaint isteach sa scéal, ach ar dearnadh aon ní?

Sa gcaoi a thuigimse an scéal tá sé ar intinn ag an Aire an t-aistriú sin a dhéanamh go toildeonach sa slí is nach n-aistreofar siar Stát-seirbhíseach ar bith nach mian leis bogadh agus nuair a chuir an Teachta Tunney an cheist sin ar an Aire cheithre mhí ó shin séard adubhairt an tAire go raibh sé i gceist aige tuairim is 40 Stát-seirbhíseach a aistriú siar. Tuigim idir an dá linn go bhfuil an líon sin iomarcach, nach mbeidh b'fhéidir níos mó ná 20 i gceist mar nach mian leis an Aire daone a aistriú siar ainneoin a dtoil fé in

Barr
Roinn