d'Aire na Gaeltachta cén chaoi a bhfuil an scéal faoi láthair maidir le leictreachas a sholáthar d'Inis Mór agus d'Inis Meáin in Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe.
Ceisteanna——Questions. Oral Answers. - Leictreachas Oileáin Árann.
Chun go bhféadfar stáisún gineadoireachta a bhunú ar oileán le deontas on Roinn is é an chéad rud atá ag teastáil ná iarratas ó chomharchumann ar an oileán a bheidh sásta na socruithe uile a dhéanamh leis na hoileánaigh agus an córas a reachtáil Ní bhfuaras iarratas mar sin fós ó Inis Meáin. Tá glactha le hiarratas ó Inis Mór agus tá tús curtha le tógáil an tí do na gineadóirí.
An bhféadfadh an Rúnaí Parlaiminte a tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoin scéim in Inis Meáin agus an é adúirt sé nach raibh iarratas fáighte ó Inis Meáin?
Sin méid an eolais atá agam nach bhfuil iarratas fáighte ó mhuintir Inis Meáin mar gheall ar a leithéidh ach tá an chosúlacht ann nach bhfuil fonn go fóill ar aon chor ar mhuintir an Oileáin córans leictreachais a reacháil dóibh féin.
An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte aon eolas breise a thabhairt dúine faoi sin? An nglacfadh sé go cinnte prima facie go bhfuil sin do-chreidte go gcaithfidh go bhfuil a thuilleadh i gceist, go bhfuil coinníollacha áirithe nó rud éigin ag goilliúint orthu?
Bheadh sé do-chreidte nach mbeadh leictreachas ag teastáil ó mhuintir an oileáin ach ní bheadh sé chomh do-chreidte sin nach mbeadha fonn orthu an córas a reachtáil dóibh féin.