Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Triail Gaeilge do Oifigí Roinne.

40. D'fhiafraigh

den Aire Gnóthaí Eachtracha cé mhéad duine a chuaigh isteach ina Roinn le bliain anuas gan an ghnáth-thriail a bhíodh ann maidir le Gaeilge a sheasamh; agus cén dáta a tháinig an chéad oifigeach díobh sin isteach.

Le bliain anuas tháinig ochtar isteach im Roinnse gan an triail Gaeilge a bhíodh ann a sheasamh agus tháinig an chéad oifigeach díobh san isteach ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1974.

An bhfuil ceart ag Aire na Seirbhísí Poiblí státseirbhíseach ar bith a thabhairt isteach nach comhlíonann lena rialacha atá leaghtha síos ag gCoimisiún na Státseirbhíse nó coimisiún ar bith eile?

Sin ceist chun Aire na Sheirbhísí Poiblí.

Ní fhógair Aire na Sheirbhísí Poiblí go raibh na rialacha imithe go dtí an 7ú lá de Shamhain. Deireann an tAire anois gur ceapadh beirt nach raibh cáilithe le haghaidh cheapachán.

Ba cheart don Teachta an cheist sin a chur ar Aire na Sheirbhísí Poiblí.

'Sé an tAire Gnóthaí Eachtracha a rinneadh é seo. Tá mise ag iarraidh air an raibh cead aige na rialacha a bhriseadh.

Sin ceist áirithe eile. Tá ceist ag an Teachta anseo—a factual question, a legal question. Sin ceist do Aire na Sheirbhísí Poiblí. Pé scéal, is ceist faoi leith í.

Adhmhaíonn an tAire gur cheapadh duine i mí Meán Fómhair gan Gaeilge. Ní chuireadh deireadh leis na rialacha go dtí an 7ú lá Samhain. 'Sé an cheist atá agam ná an raibh cead ag an Aire na daoine sin a ceapadh.

Sin ceist faoi leith ar fad. Níl an t-eolas sin agam anseo.

Caithfimid dul ar aghaidh go ceist eile.

An gceapadh an tAire féin daoine in aghaidh na rialacha?

Sin ceist eile.

Barr
Roinn