Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 23 Jan 1975

Vol. 277 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foclóir Gaeilge-Béarla.

12. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cathain a bheidh an foclóir nua Gaeilge-Béarla ar fáil.

Mr. R. Burke

Táthar ag súil go mbeidh an foclóir ar fáil i dtosach na bliana, 1976.

An gcuirfidh an tAire níos mó fóirne istigh ansin ionas go mbeidh an foclóir le fáil níos lua ná sin?

Mr. R. Burke

Tá súil agam go mbeidh sé ann níos lua ná sin. Bhí súil ag an Roinn go mbeadh an foclóir seo ar fáil níos lua ach bhí con-staicí ann a chuir moill ar ghluaiseacht na clódóireachta. Is é seo an chéad uair a chlóbhuaileadh foclóir le córas computer agus ar nós gach rud a thriailtear don chéad uair bhí tús na h-oibre mall de bharr triaileach agus ath-thriaileach. Anois tá an chlódóireacht ag dul chun cinn agus meastar dá réir go mbeidh an foclóir ar fáil i dtosach na bliana 1976. Déanfaidh mé mo dhícheall deifir a chur faoin obair.

Tá an tAire ag rá anois go bhfuil sé saghas cinnte nach mbeidh aon mhoill air ina dhiaidh sin?

Mr. R. Burke

Muna mbíonn constaicí ann tá mé cinnte go leor ach má——

An nglacfaidh an tAire nuair a chuirim ceist air nach bhfuil mise ag iarraidh locht ar bith a chur air? Níl mise ag rá go bhfuil locht air.

(Cur isteach.)

Tóg bog é. Níl mé ag cur locht ar an Aire. Tá a fhios agam go bhfuil rudaí eile ann seachas é féin ach tá mé ag iarraidh air de bhrí go bhfuil an oiread sin daoine agus scoláirí sa tír seo atá ag súil leis an bhfoclóir seo an ndéanfaidh sé a dhícheall é a chur ar fáil chomh lua agus is féidir agus de bhrí go bhfuil sé ráite aige go mbeidh sé ar fáil i dtúsna bliana seo chugainn go bhféachfidh sé chuige go mbeidh sé ann?

Ceist ghairid, led' thoil.

Ní theastaíonn uaimse aon "blood pressure" a thabhairt don Aire mar gheall ar an rud seo ar chor ar bith.

Mr. R. Burke

Ní ormsa atá an "blood pressure".

On the matter raised by Deputy Molloy did the Minister say he intended——

Is the Deputy referring to a previous question?

It is a point of information. On the matter raised by Deputy Molloy did I hear the Minister say he intended to bring this matter——

Deputy Murphy is referring to a previous question. That is not in order.

——to the Editor's attention? He must do so within 14 days.

The Deputy will resume his seat.

Mr. R. Burke

I did. The Deputy can be assured that it has been done.

Change the record now. Fiddle the books next.

Barr
Roinn