Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 30 Jan 1975

Vol. 277 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscalaíocht Chontae Mhaigh E.

75. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil ar intinn ag Gaeltarra Éireann aon mhonarcha a bhunú san Eachléim, Béal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo.

Níl socrú cinnte déanta ina thaobh sin go fóill ach tá píosa talúin ceannaithe ag Gaeltarra Éireann ar an bhFód Dubh agus tá daoine ón Eachléim ag obair i gCuan Éilí agus i mBéal an Mhuirthead i dtionscail ar chabhraigh Gaeltarra leo.

An bhfuil a fhios ag an Aire gur mhol roinn phleanáil Chomhairle Chontae Mhaigh Eo go gcuirfí monarcha ar bun sa cheantar sin?

Sé an t-eolas atá agamsa ó Ghaeltarra Éireann ná go bhfuil ceantar Eachléim san áireamh mar ionad tionscalaíochta agus, cé nach bhfuil sé socraithe go fóill, is féidir liom go cinnte a rá anois go bhfuil an ceantar sin san áireamh.

76. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag Gaeltarra Éireann le tuilleadh monarchan a chur go hAcaill, Contae Mhaigh Eo.

Tá cabhair ceadaithe ag Gaeltarra Éireann do thionscail sa cheantar sin a thabharfaidh— ach iad a bheith faoi lánseol—fostaíocht do suas le 100 duine agus tá tionscal oiriúnach á lorg do réamhmhonarcha atá á tógáil ann.

Barr
Roinn