Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 30 Jan 1975

Vol. 277 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Rialacha Nua Gaeilge.

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí cad é an dáta ar tháinig a rialacha nua maidir le neamhriachtanas na Gaeilge i bhfeidhm.

Fógraíodh na socruithe nua i leith na Gaeilge sa Státseirbhís ar 7 Samhain, 1974. Tá siad á gcur i bhfeidhm i leith gach comórtais iontrála agus arduithe céime idir-ranna a fógraíodh tar éis an dáta sin.

Maidir le harduithe céime ranna, tá an córas nua á chur i gcrích de réir a chéile i gcomhairle leis na cumainn fóirne. Cuireadh deireadh leis na trialacha promhaidh Gaeilge ar 11 Samhain, 1974.

An eol don Aire gur dúradh anseo sa Dáil gur cheapadh státsheirbhísigh roimh an dáta sin agus nach raibh Gaeilge acu? Ar mhiste leis an Aire a rá cén chaoi ar thárla sé?

Cé dúirt é sin?

An tAire Gnóthaí Eachtracha agus é ag caint ar na Meastacháin agus mar fhreagra ar cheist.

Níl an t-eolas sin agam.

Dúradh liomsa ar an ócáid sin ceist a chur ortsa, nach raibh an t-eolas ag an Aire Gnóthaí Eachtracha.

Is féidir leis an Teachta an freagra a thug mé dó inniu a scrúdú agus ceist eile a chur orm níos déanaí.

Tá seo níos tábhachtaí ná mar a cheapann an tAire. Chuir mise ceist ar an Aire Gnóthaí Eachtracha. Dúirt sé go ndearna sé an rud atá i gceist agam, gur cheap sé státsheirbhísigh roimh an dáta sin, agus dúirt sé nach air a bhí an dualgas míniú a thúirt domsa cén fáth go ndearna sé é. Mhol sé dom ceist a chur ar Aire na Seirbhíse Poiblí. Anois deireann an tAire sin nach bhfuil sé in ann í a fhreagairt.

B'fhéidir go bhfuil an Teachta ag trácht ar phostanna sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Sin adúirt mé.

Bhí cead ag daoine ó na Sé Chontae teacht isteach sa Roinn sin ach ní foláir dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim.

An gcuirfidh an tAire aon chiorclán, nó aon rialacha, nó aon treoir a tugadh maidir leis an athrú seo sa Státsheirbhís ar fáil dúinn anseo nó an leagfaidh sé os comhair na Dála iad?

Tá siad ar fáil ag gach aon duine.

Tá mé ag iarraidh ar an Aire iad a chur faoi bhráid na Dála.

Cuirfidh mé cóip de na rialacha nua amach chuig an Teachta.

An bhfuil an tAire ag rá, má tugtar saoránaigh ó na Sé Chontae isteach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, go mbeidh sé mar choinníol orthu an Ghaeilge a fhoghlaim?

Sin adúirt mé— roimh an 7ú Samhain.

Faoi na sean-rialacha?

Cad a bheidh ann as seo amach, ón 7ú Samhain amach? Ní bheidh aon ghá orthu an Ghaeilge a fhoghlaim?

Ní bheidh.

Ní bheidh orthu Gaeilge a fhoghlaim as seo amach?

Ní bheidh.

Question No. 5 postponed.

Barr
Roinn