Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Feb 1975

Vol. 277 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ciste Forbartha Reigiúnach.

5. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil iarratas curtha isteach aige le haghaidh deontais ón gCiste Forbartha Reigiúnach; agus, má tá, (a) cad air ar bunaíodh an t-iarratas agus (b) cé mhéad airgid a d'iarr sé.

Ní féidir iarratas a chur ar aghaidh go dtí go réiteofar na rialacha a bhainfidh leis an gciste sin.

An bhfuil aon ullmhú á dhéanamh? Tuigeann an Rúnaí Parlaiminte go mbeidh £9 milliún ar fáil i rith na bliana seo as an gciste seo. An bhfuil aon iarratas curtha isteach chun méid áirithe nó méid faoi leith den airgead sin a fháil le haghaidh na Gaeltachta?

Mar is eol don Teachta, níl sé socair go fóill an dóigh a bhfuiltear leis an t-airgead sin a roinnt idir ceantracha éagsúla nó Ranna éagsúla Stáit. Go dtí seo níl cinnteacht ar bith faoin gceist.

An nglacfaidh an Rúnaí Parlaiminte nár cheart go mbeadh aon cheist ann faoi mhuintir na Gaeltachta nó áiteacha sa Ghaeltacht atá i dteideal roinnt den airgead seo a fháil?

Táim sásta go mbeidh cothram na Féinne le fáil acu sa chaoi céanna agus a gheibheann chuile dhuine eile sa Stáit, ach faoi mar adúirt mé, níl sé socair go fóill an dóigh ina roinnfear an t-airgead sin.

An bhféadfadh an Rúnaí Parlaiminte a rá cathain a bheidh sé seo socraithe?

B'fhéidir go bhfuil tuairim ag an Aire ina taobh ach níl tuairim agam féin.

Barr
Roinn