Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Feb 1975

Vol. 277 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.

8. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth gur ad hoc atá sé i gceist aige Bord na Gaeilge a bhunú.

Tá Bord na Gaeilge bunaithe ar bhonn ad hoc chun go bhféadfaidh sé dul i mbun oibre sula rithfear an Bille chun é a chur ar bhonn reachtúil.

Céard a bheidh ar siúl ag an mbord seo?

B'fhéidir nach bhfuil dearmad déanta ag an Teachta ar an Údarás um Ard Oideachais. Nuair a bunaíodh an t-údarás sin ar dtús, is ar an slí céanna a bunaíodh é, le go bhféadfadh an t-údarás sin dul i mbun oibre sul a rithfí an Bille. Is dócha go bhfuil an dualgas céanna le comhlíonadh ag an mbord nua seo.

Más sea is amhlaidh nach bhfuil cead ag an mbord seo rud ar bith a dhéanamh go fóill.

Déanfaidh siad an oiread agus is féidir leo gan an Bille.

Ní freagra é sin. Is amhlaidh ó ráiteas an Rúnaí Pharlaiminte nach bhfuil údarás ar bith ag an mbord seo agus go mb'fhearr as ná ann iad. Tugadh le tuiscint go bhfuil rud éigin á dhéanamh acu ach anois deir an Rúnaí Parlaiminte nach mbeidh cead acu rud ar bith a dhéanamh go dtí go mbeidh an Bille ann.

B'fhéidir go mbeidh feidhmeanna áirithe istigh sa mBille nuair a bheidh an Bille ann agus go dtí go mbronnfar ar an udarás iad, ní bheidh an t-údarás nó an bord in ann iad a chur i gcrích. Ba cheart go mbeadh sé sin soiléir go leor. Taobh amuigh de na feidhmeanna áirithe sin, bh'féidir go bhfuil a lán ann ar féidir leis an mbord a chur i gcrích.

An bhfuil feidhm ar bith ag an mbord seo? An bhfuil feidhm ar bith leagtha síos don bhord seo atá ad hoc i láthair na huaire?

Thug an tAire ráiteas uaidh nuair a bunaíodh an bord seachtain ó shin nuair a d'ainmníodh comhaltaí an bhoird agus is dócha go bhfuil comhaltaí an bhoird chun dul i mbun oibre ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna a luaigh an tAire seachtain ó shin—na feidhmeanna is féidir leo a chur i gcrích gan an Bille a bheith ann.

Barr
Roinn