Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 20 May 1975

Vol. 281 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foghlaim na Gaeilge.

32. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuair sé léireacht ar bith go raibh daltaí iarbhunscoile ag éirí as foghlaim na Gaeilge toisc nach gá eolas uirthi i scrúduithe don státseirbhís: an ndearna sé aon iniúchadh ar an scéal; agus an bhfuil ar intinn aige beart ar bith a dhéanamh ina thaobh.

Mr. R. Burke

Ní bhfuair mé aon léireacht dá leithéid. Ní miste dhom a rá, freisin, go bhfuil méadú i gcónaí ar líon na ndaltaí a bhfuil an Ghaeilge á tógáil acu sna scruduithe meánteistiméireachta agus ardteistiméireachta, bíodh is nach bhfuil sé riachtanach anois í a ghlacadh mar ábhar sna scrúduithe sin.

On a point of order, I believe it is in order to ask supplementary questions and, therefore, it should be in order for the Minister to await a reasonable number. If the Minister continues to behave with this superciliousness and arrogance he will draw on himself a degree of hostility from these benches that, I am afraid, we would be sorry for here.

Mr. R. Burke

In reply to the Deputy, the Ceann Comhairle had called the next question before I commenced to read the reply.

Does the Minister reply to a point of order on behalf of the Chair?

The Deputy should not engender heat into this. Does Deputy Wilson wish to put a supplementary?

Dúirt mé nár chuala mé an freagra ar Cheist a 32. Is mian liom ar freagra a chlos arís. Chuaigh an tAire ar aghaidh leis an gceist eile.

Mr. R. Burke

D'iarr an Ceann Comhairle orm dul ar aghaidh.

Tá ráiméis á rá ag an Aire arís.

Mr. R. Burke

Seo é an freagra. Ní bhfuair mé aon léireacht dá leithéid. Ní miste dhom a rá, freisin, go bhfuil méadú i gcónai ar líon na ndaltaí a bhfuil an Ghaeilge á tógáil acu sna scrúduithe meánteistiméireachta agus ardteistiméireachta, bíodh is nach bhfuil sé riachtanach anois í a ghlacadh mar ábhar sna scrúduithe sin.

Barr
Roinn